Daoine gan ainm

CROBHINGNE : IS EA, bhí siad amuigh ag iarraidh a gcoda mar a bheadh duine ar bith nach mbeadh féachaint suas sa saol aige. …

CROBHINGNE: IS EA, bhí siad amuigh ag iarraidh a gcoda mar a bheadh duine ar bith nach mbeadh féachaint suas sa saol aige. Leoraithe is ea a tháinig chun an bhaile agus airgead iontu. Níorbh airgead na mbaincéirí é, ná airgead na mórchorparáidí idirnáisiúnta. Airgead fliuch a bhí ann, mionairgead an ola dóibh siúd nach raibh airgead lasta lampa acu.

Gan choinne tháinig Airgead Mór na Spéire ar cuaird chucu. Ar chúis éigin nach dtuigeann aon duine againn, bhí an lá agus an oíche agus an tsíoraíocht siar amach ag Airgead Mór na Spéire.

Bhí a bhformhór ag teacht amach as a gcuid tithe teolaí d’fhonn féachaint cad é go díreach a bhí ar bun. Is fíor nár cheart dul rómhion san fhiosracht.

Earra ró-oideachasúil is ea an fhiosracht agus níor cheart í a chothú. Cothaíonn fiosracht eolas, agus ní miste an t-eolas a chur i leataoibh más mian cinntí dearfacha a dhéanamh maidir leis an gceist ollmhór atá laistiar de dhíospóireacht Chonartha Liospóin.

READ MORE

Is é is mó is cás liom ná na daoine gan ainm a mharaigh amhais na hEorpa gan ghuth uainne ar lá breá gréine go moch ar maidin agus dóchas ina gcroí an tseachtain seo caite. Daoine iad seo nár dhein puinn dochair dúinn riamh. Seans maith nach raibh tuairim dá laghad acu cá raibh an Eoraip.

B’fhéidir, dar leo, gur saghas capaill a bhí ann, nó bálchluiche, nó deoch mhilis, nó cineál de bhainne gabhair éigin. Mar sin féin, b’í an Eoraip a mhairbh iad, mar a mhairbh siad daoine le cúpla céad bliain anuas a raibh sé d’acmhainn acu iad a mharú.

Ní raibh seo ar eolas agat, an raibh? An amhlaidh nach bhfuil fuil na mban san ár ag screadaíl chugainn ó na nuachtáin? Conas san?

An cás linn an Eoraip, nó an cás linn an daonnacht? Sin í an t-aon cheist amháin atá le freagairt maidir leis an athvóta neamhdhaonlathach seo ar Chonradh Leasa Póin?

Na saoránaigh bhochta – ní hea, na géillseanaigh bhochta – ar déanadh craiceann leáite díobh in Omar Kheil an tseachtain seo caite ní bheidh guth acu feasta in aon phobalbhreith sa bhaile nó i gcéin.

Ní móide, gan amhras, go mbeidh sléacht agus dúnmharú agus slad Omar Kheil in airde i ngradamrolla a bhfuil déanta ag amhais na hEorpa ar dhaoine gan ainm an domhain.

Is fíor nach bhfuil sléacht Omar Kheil chomh huafásach sin, i bhfoirm, le sléacht, abraimis, (tá sé deacair an t-áireamh a dhéanamh) le sléacht Dhroichead Átha nó le Blár Chùil Odair nó le heachtra Amritsar nó le scrios Ceileafóina nó le Vukovar 1991, ach ba mheasa go mór é ná Domhnach na Fola Dhoire Chalgaigh ná Bhaile Átha Cliath...

Fós féin, is sinne Eorpaigh a dhein an slad. An seanchluiche riamh nach mian linn aon admháil a dhéanamh ann. Tá de cheangal orainn de réir an chonartha seo ar dhiúltaíomar dó cheana, tá de cheangal orainn ár gcuid cumais mhíleata a fheabhsú agus a chraobhú agus a leathnú.

D’fhéadfaí an t-áiteamh suarach a dhéanamh agus a fhiafraí cad ina thaobh a bhfuil airgead le caitheamh againn ar armáil agus ar ghiúirléidí báis nuair atá an t-airgead céanna a dhíth go dóite ar naíonraí agus ar ospidéil. Cuimhnigh go mbeidh an ceangal seo orainn. Ní rogha atá ann.

Ach ní hé sin is gátaraí ná is tábhachtmhaire ach é seo. Cad chuige an cumas míleata seo i leataoibh ó dhaoine atá ag siúl na slí i dtuaisceart na hAfganastáine a shéideadh ina smidiríní?

Deirtear linn gur gá dúinn sinn féin a chosaint. Cá bhfuil an namhaid?

Féachaim timpeall orm gach maidin agus caithim súil fó dheas agus soir agus ní léir dom go bhfuil duine ar bith ag bagairt orainn. Giolla de chuid na Meiriceánach sinn, agus de sin, ní móide go mbeidh siad siúd ag iarraidh fearann a sinsear a athghabháil.

Tá na Rúisigh ciúin agus iad róghafa le ceannairc ar a n-imeallbhorda féin gan bacadh linne. Tá deachtóirí na nArabach ceannaithe againn.

An tSín tá rófhada uainn. Ní léir dom go bhfuil An tSomáil chun a gcuid trúpaí a chur thar farraige anonn d’fhonn sinn a réabadh. An Íoslainn tá sí scriosta ag baincéirí, mar atáimid ar fad. Níl airm núicléacha fós ag Van Dieman’s Land. Cá bhfuil an namhaid, mar sin?

Is í an t-aon cheist amháin atá le réiteach maidir le Conradh Liospóin ná seo. Cad é nach dtoileodh rialtas na hÉireann leis?

Cá bhfuil an batamlaidhn?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar