Duais Nobel agus leabhar éadrom

Tá an duais litríochta Nobel buaite ag ceathrar Éireannach agus is é díreach an scéal céanna é maidir le Polannaigh

Tá an duais litríochta Nobel buaite ag ceathrar Éireannach agus is é díreach an scéal céanna é maidir le Polannaigh. Bronnadh an duais seo ar Henryk Sienkiewicz, údar Quo Vadis, i 1905 agus ba é an Polannach Wladyslaw Reymont a fuair an Nobel sa bhliain 1924, bliain i ndiaidh do W.B. Yeats é a fháil agus bliain roimh bhronnadh na duaise ar George Bernard Shaw.

I 1980 bronnadh Nobel ar Czeslaw Milosz, file a raibh Seamas Heaney mór leis is a bhfuil filíocht dá chuid aistrithe go Béarla aige. Ar ndóigh, ba é Heaney féin a ghnóthaigh Nobel i 1995 agus sa bhliain dár gcionn b'fhile Polannach eile é an buaiteoir, bean aosta darb ainm Wislawa Szymborska.

Ach an bhfágann cumas liteartha scríbhneoirí Polannacha gurb é ardlitríocht thar aon ní eile a bhíonn á léamh ag muintir na Polainne? Sin an tuairim atá ag daoine áirithe. Is múinteoir Polainnise í Bozena Krawiec agus dar léi, "nach mbíonn a lán léitheoireachta á dhéanamh ag Polannaigh, ach nuair a bhaineann siad leabhair anuas den tseilf, seans maith gur saothar d'ardchaighdeán é".

Ní go hiomlán a bheinn ag teacht le maíomh Krawiec ach tá fírinne éigin ag baint leis an dearcadh atá aici ar nósanna léitheoireachta sa Pholainn. Tá sé fíor go bhfuil saothair chlasaiceacha na litríochta Polannaí léite ag roinnt mhaith Polannach. Chaithfí a admháil, áfach, gur beag Éireannach a bhfuil mórán de shaothair chlasaiceacha an Bhéarla léite aige, gan trácht a dhéanamh ar shaothair mhóra litríocht na Gaeilge. Seachas a scríbhneoirí móra féin, tá an-aithne ag lucht léitheoireachta na Polainne ar údair nach Polannaigh iad. Tá cur amach ar leithéidí Dickens is Shakespeare, Gabriel Garcia Marquez, Joyce, Beckett, Proust is scríbhneoirí iasachta nach iad.

READ MORE

Agus cé go bhfuil Polannaigh amhrasach faoin Rúis ar leibhéal na polaitíochta le fada an lá ach is amhlaidh go bhfuil an-mheas ar litríocht na Rúise sa Pholainn. Saothar amháin a luaitear go minic ná The Master and Margarita leis an Rúiseach Mikhail Bulgakov, úrscéal aorach ar an tsochaí Shóivéadach. Maíonn roinnt Polannach gurb é seo an saothar litríochta is fearr a scríobhadh sa 20ú haois.

Ach in ainneoin na cainte go léir seo ar ardlitríocht i measc lucht léitheoireachta na Polainne, tá an-chuid ficsin éadrom aistrithe go Polainnis agus feictear dom go mbíonn i bhfad níos mó cóipeanna de leabhair den saghas seo ar sheilfeanna na siopaí leabhar sa Pholainn.

Is i mbrainsí de chuid Empik is mó a cheannaíonn Polannaigh leabhair. Is siopa leabhar, siopa ceoil is siopa páipéir é Empik, cosúil le hEason's in Éirinn. Ar na leabhair a bhfuil fógraíocht déanta orthu i gcatalóg reatha Empik tá, mar shampla, an leagan Polainnise de Beyond the Blonde le Kathleen Flynn.

Úrscéal é seo mar gheall ar chailín glas ó bhaile beag i Meiriceá a théann go Nua Eabhrac. Éiríonn léi obair a fháil sa salón gruagaireachta is mó a bhfuil tóir air i measc na mban is saibhre is faiseanta i Nua Eabhrac agus tugann Iodálach dóighiúil dea-chumtha cion di.

Bíonn an-éileamh ar shaothair leithéidí Marian Keyes, Sheila O'Flanagan is Candace Bushnell, údar Sex and the City.

Más ar mhná is mó a bhíonn an scríbhneoireacht sin dírithe bíonn saothair ar aon chaighdeán leo le ceannach ag na fir sa Pholainn chomh maith. Dá leagfaí súil ar leabharbhoth ar bith sa tír seo ba ghearr go bhfeicfí ainmneacha údar aithnidiúil, leithéidí John Grisham, Stephen King is Tom Clancy, daoine ar feiceálaí a scríobhtar a n-ainmneacha ar chlúdach an leabhair ná teideal an úrscéil féin.

Díreach mar a bhí i gceist i dtíortha ó cheann ceann Domhan an Iarthair sna blianta beaga anuas, ba iad leabhair sna sraitheanna Harry Potter agus The Da Vinci Code ba mhó a raibh ceannach orthu sa Pholainn.

Ach ní chiallaíonn sé seo nach mbíonn díol maith ar scríbhneoireacht chomhaimseartha i dteanga na Polainnise. Ar na réaltaí liteartha is óige sa Pholainn faoi láthair tá Dorota Maslowska nach bhfuil ach scór is trí bliana aici.

Agus 19 bliain aici, seachas bheith ag déanamh staidéir i gcomhair mhacasamhail Pholannach na hArdteiste scríobh sí a chéad húrscéal, Snow White and Russian Red. Déantar cur síos sa leabhar ar amhas garbhlabhartha agus an taithí a bhíonn aige ar dhrugaí is ar chailíní éagsúla i ndiaidh dó bheith tréigthe ag a chailín.

In ainneoin na conspóide a mhúscail an saothar seo, mhol roinnt léirmheastóirí go spéir é, bronnadh duaiseanna air is aistríodh é go Fraincis, Ollainnis, Ungáiris is teangacha nach iad. Ní ionadh ina fhianaise sin go raibh úrscéal na mná óige Polannaí ar liosta na leabhar ba mhó a raibh ráchairt orthu ina tír dhúchais i 2002.

Ba dhuaisiarracht é an dara húrscéal óna peann, leis. Péacóg na Banríona is teideal dó agus é scríofa i stíl amhráin hip-hop. Is diúltach an cuntas a thugann an dá shaothar ón údar óg seo ar shaol comhaimseartha na Polainne.

Ach ní gá an chonspóid le go mbeidh tóir ar shaothair údar Polannach i measc phobal léitheoireachta na Polainne. Is scríbhneoir taistil liteartha é Ryszard Kapuscinski a bhfuil fáil ar leabhair óna pheann, ní amháin i ngach siopa leabhar sa Pholainn ach ar fud an domhain.

Ach ní ar ghnáthchúrsaí taistil a bhíonn Kapuscinski ag scríobh. Bhí sé ina chomhfhreagraí iasachta ó dheireadh na 1950í agus is é an tríú domhan is mó a bhíonn mar ábhar a chuid scríbhneoireachta. Bhí an-chuid tuairimíochta ar siúl anuraidh ar na meáin sa Pholainn gur ar Kapuscinski a bhronnfaí duais Nobel. (Polannach eile a mbíonn an-díol go deo ar ábhar óna pheann féin nó fiú ábhar a mbíonn baint éigin aige leis ná an t-iarPhápa Eoin-Pól II.)

Murab ionann is Éireannaigh, ní chomh ceanúil sin ar leabhair bheathaisnéise i gcoitinne atá Polannaigh. Ach ón líon saothar faoi stair na Polainne sa 20ú haois a bhíonn ar taispeáint i siopaí, tá an chuma ar an scéal gur spéis le Polannaigh an t-ábhar seo. Ní ar sheilfeanna siopaí leabhar amháin a bhíonn an sórt seo leabhar le fáil ach in ollmhargaí ar nós Tesco chomh maith.

Tá an dúrud scríofa chomh maith faoi ról na Polainne sa dara cogadh domhanda, an méid a d'fhulaing Polannaigh de dheasca na coimhlinte seo is an feall a d'imir an tIarthar ar an bPolainn ag deireadh an chogaidh nuair a géilleadh an Pholainn is tíortha eile do Stalin is don Aontas Sóivéadach. Níl a fhios nach staraí é an chéad Pholannach eile a bhuafaidh duais Nobel.

amhrasach doubtful - aorach satirical - caighdeán standard cumas ability - éadrom light - ráchairt demand