Dubh, bán agus riabhach

BEOCHEIST: An chéad leabhar fada a léigh mé, Béarla ar ndóigh, ba é The Young Buglers é leis an scéalaí impiriúil eachtraíochta…

BEOCHEIST: An chéad leabhar fada a léigh mé, Béarla ar ndóigh, ba é The Young Buglers é leis an scéalaí impiriúil eachtraíochta George Alfred Henty (1832-1902). Scéal é sin faoi Chogadh na Leithinse Ibéirí (1807-1814), Sasana in aghaidh na Fraince. Tá Afracach gorm ar thaobh na Sasanach sa scéal sin agus cuireann sé an ruaig ar Spáinnigh áirithe trí ghléasadh mar dhiabhal, píce aige, adharca agus eireaball tairbh leis.

Ba é An Fear Dubh ina steille bheatha é, dar leis na Spáinnigh shaonta sin.

Agus bhí an abairt “as black as the devil” cloiste agam féin sa ghnáthchaint. Freisin, bhí an focal “n****r” cloiste agam, agus thuigeas nár mholadh mar théarma é.

Le blianta beaga roimhe sin bhí feicthe agam gur fear gorm ceann de dhealbhacha na dTrí Saoithe a thagadh sa séipéal tar éis na Nollag.

READ MORE

Cúis iontais a bhí ansin dom agus nuair a chuir mé ceist ina thaobh dúradh liom go raibh an té gorm ina measc chun a thaispeáint gur ó áiteanna éagsúla ar domhan a tháinig na Trí Saoithe.

Lean an triúr acu an réalta agus bhuail siad le chéile ar an mbealach. Míníodh dom gur stad an réalta os cionn an stábla ina raibh an leanbh Íosa, an Críost, a bhí tagtha chun an domhan iomlán, dubh, bán agus riabhach, a shlánú.

Is sa bhliain 1880 a foilsíodh The Young Buglers. Sin an bhliain a chuaigh Pádraig Ó Duinnín sna hÍosánaigh. Tá tagairt láidir do na hÍosánaigh i gcuid de leabhair Henty agus glacaim leis go mbíodh go leor de leabhair Henty i scoileanna buachaillí Béarla na nÍosánach.

Samhlaím an Duinníneach ag aimsiú na leabhar sin agus á léamh le fonn. Oirníodh ina shagart é i 1894 agus i mí Samhna na bliana sin tosaíodh ar Séadna a fhoilsiú mar shraithscéal in Irisleabhar na Gaeilge.

Sa chéad chaibidil siúd isteach An Fear Dubh, an-chosúil leis an diabhal i scéal Henty, dhá adharc air agus eireaball, agus crúb ar chois leis mar chrúb thairbh.

Lena cheart a thabhairt don Duinníneach is cóir a rá go ndéanann sé dealú ina fhoclóir (1927) idir “fear gorm, fear dubh” agus “An Fear Dubh”.

B’fhéidir gur i gcaint Ghaeilge na ndaoine a fuair sé an t-idirdhealú sin.

I Mí na Samhna 1884, deich mbliana go díreach roimh thionscnamh Séadna, bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael i nDurlas i gContae Thiobraid Árann.

Céim ollmhór a bhí ansin in aghaidh chóilíniú na hÉireann. Ach ag an am ceannann céanna bhí an feachtas cóilínithe ba mhó riamh i stair an domhain á bheartú.

I gComhdháil Bheirlín (Die Kongo Konferenz 1884-5) tháinig formhór tíortha na hEorpa le chéile chun mór-roinn na hAfraice a roinnt eatarthu. Beartaíodh gan baint le Poblacht na Libéire a bhí bunaithe ag Stáit Aontaithe Mheiriceá mar thír neamhspleách d’iarsclábhaithe.

(Uachtarán nua-thofa na Stát Aontaithe, Barack Obama, bíonn sé ag luascadh idir na téarmaí “dubh” agus “Afra-Mheiriceánach” agus “Meiriceánach Afracach” nuair is ag tagairt dó féin a bhíonn sé. Ach ní de shliocht sclábhaí é Obama.)

Síníodh comhaontú idirnáisiúnta a d’fhógair cosc ar mhargadh na sclábhaithe. Ansin díríodh ar an Afraic féin, bunáit dhúchais na sclábhaithe, chun í a shibhialú agus a fhorbairt.

Chuaigh lucht gnó agus lucht saighdiúireachta i bpáirt le chéile chun an Afraic a chreachadh. Agus ghlac Críostaithe go fonnmhar leis an dúshlán misinéireachta.

Gan amhras, is ar acmhainn aiceanta na hAfraice a bhí na hEorpaigh ag caitheamh na súl, go háirithe ar na mianraí — ór, diamaintí agus copar. Fágadh slánú ciní ain-Chríostaí na hAfraice faoi na misinéirí Críostaí.

Sampla maith den mhisinéireacht is ea a bhfuil ag an Athair Pádraig Ó Máille sa leabhar breá Dúdhúchas (Sáirséal agus Dill, 1973).

Ar ndóigh, bhí breis agus leathchéad bliain de chóilíniú Sasanach curtha i bhfeidhm sa Nigéir sula ndeachaigh an tAthair Ó Máille go dtí an tír sin i 1957.

Tá institiúidí oirearca agus ollscoileanna cáiliúla san Eoraip inniu atá maoinithe ag saibhreas a baineadh le foréigean agus le gliceas as cóilíneachtaí san Afraic. Agus ó am go ham cloistear caoineadh Eorpach faoin chruatan atá á fhulaingt ag mórán de dhúphobal na hAfraice.

Bítear feargach i dtaobh shaint agus shotal rialtas dúchasach a toghadh de réir prionsabail dhaonfhlaithis a bhrúigh Eorpaigh gheala ar iarchóilíneachtaí.