Eachtra Spoke agus Ali

Fighting Words 2021: Gearrscéal le rang 3 and 4, Scoil Shéamais Naofa, Co na Gaillimhe. Léirithe ag Fearghas Mac Lochlainn


Chuaigh Ali an Cailín Beag agus Spoke an Madra go dtí an choill. An geimhreadh a bhí ann. Bhí Ali agus Spoke ag iarraidh clann. Bhí sé an-fhuar sa gcoill. Nuair a bhí siad ag siúl sa gcoill, chonaic siad fear darb ainm Big Bill. Bhí páirtnéir ag Big Bill agus Jim an Pea an t-ainm a bhí air.

“Táimid fuar agus táimid ag iarraidh teach. An féidir linn dul abhaile libh?” a dúirt Ali le Big Bill.

“Tá cead agus tá clann againn freisin!” a dúirt Big Bill. “Tá crannchur ann darb ainm Babacoundae agus is féidir milliún euro a bhuacaint.”

Bhí scanradh ar Spoke mar ní raibh sé cinnte faoi Big Bill.

READ MORE

“Níl mé cinnte faoi seo, Ali,” a dúirt Spoke.

Ansin, chas Ali timpeall agus dúirt sí leis an bhfear, “Níl muid ag iarraidh airgead, níl muid ach ag iarraidh clann...”