Eochair agus dioplóma do na Flaithis

BEOCHEIST: ‘EOCHAIR DO na Flaithis’, ‘Dioplóma urraithe ag Íosa Críost’ agus brú ar an tréad airgead nach bhfuil acu a thabhairt…

BEOCHEIST:'EOCHAIR DO na Flaithis', 'Dioplóma urraithe ag Íosa Críost' agus brú ar an tréad airgead nach bhfuil acu a thabhairt don eaglais – níl ansin ach cuid de na comhábhair sa raic is déanaí faoin eaglais shoiscéalaíoch is conspóidí sa Bhrasaíl. Anuas ar eochracha agus dioplómaí beannaithe tá calaois €30 milliún curtha i leith an easpaig Edir Macedo agus naonúr eile a bhaineann le hEaglais Uilíoch Ríocht Dé, eaglais shoiscéalaíoch a bunaíodh sa Bhrasaíl ach atá gníomhach i 115 thír ar domhan, Éire ina measc.

Ní hé an chéad uair é go bhfuil conspóid faoin Igreja Universal (mar is fearr aithne uirthi, sa Bhrasaíl agus lasmuigh di.) Ach an iarraidh seo, tá sé ina chogadh sna meáin: is leis an eaglais seo TV Record, an dara cainéal teilifíse náisiúnta is mó sa Bhrasaíl. Fad is atá na stáisiúin eile – Globo, an grúpa meáin is mó sa tír chun tosaigh – ar an ionsaí, séanann cláir nuachta TV Record na líomhaintí atá curtha ag an Stát i gcoinne an Igreja Universal scun scan.

Bhí an Igreja Universal conspóideach ón tús. Bhunaigh Edir Macedo, fear gnó, an eaglais sa bhliain 1977, in Rio de Janeiro. Thosaigh Macedo ag craobhscaoileadh a shoiscéil – ‘Soiscéal an Rathúnais’ mar a thugtar air – amuigh faoin spéir, ach sa lá atá inniu ann, meastar go bhfuil idir 10 agus 15 milliún Brasaíleach ina mbaill den Igreja Universal. Agus lean an eaglais eisimircigh ón mBrasaíl pé áit ar domhan a ndeachaigh siad: go príomhshráid Ghort Inse Guaire, Co na Gaillimhe, fiú amháin. Tá teampall eile de chuid an Igreja Universal i mBaile Phib i mBaile Átha Cliath.

Tá sé á chur i leith Macedo agus naonúr eile a bhaineann leis an Igreja Universal go bhfuil suas go €30 milliún a bhronn creidmhigh ar an Igreja Universal seolta thar lear agus curtha isteach i gcomhlachtaí infheistíochta arb iad a n-úinéirí. Tugann suíomh nuachta an chainéil teilifíse Globo roinnt samplaí de cad as a dtáinig an t-airgead atá i gceist. Sa doiciméad atá curtha le chéile ag an Stát, maíonn Gilmosa dos Santos gur dhíol a hiníon uirlisí tí agus fiú amháin a leaba féin chun an t-airgead a bhronnadh ar an Igreja Universal. Dúradh léi go dtiocfadh an t-airgead ar ais dúbailte.

READ MORE

Ach is é an sampla is mó a chuirfeadh áiféis ar dhuine ná cás duine a bhfuil deacrachtaí foghlama aige – agus nár ainmníodh sna meáin – a thug a phá ar fad don Igreja Universal, móide airgead a fuair sé ar iasacht agus suim eile a fuair sé nuair a dhíol sé talamh a bhí ina sheilbh. Mar chúiteamh, bronnadh ‘Eochair do na Flaithis’ agus ‘Dioplóma urraithe ag Íosa Críost’ air.

Tá deasghnáth lárnach an Igreja Universal bunaithe ar airgead. Is í an ‘Tine Chnámh Naofa’ buaicphointe sheirbhísí na heaglaise, ag a dtugann creidmhigh airgead do na praetseálaithe le dó.

Creidtear go ndúblóidh Dia an t-airgead: ní haon iontas é gur i measc na mbochtán is láidre atá tacaíocht an Igreja Universal. Ach an ndóitear an t-airgead seo i ndáiríre? Sin í an cheist.

Seo cur síos ar chaint a thug Macedo sa bhliain 1995 faoin gcaoi ar cheart dóibh airgead a mhealladh ón bpobal. Taifeadadh an chaint i ngan fhios dó ach foilsíodh verbatim é sna meáin go minic ó shin mar léiriú ar dhúil an Igreja Universal in airgead.

“Caithfidh tú luí isteach ar dhaoine. Ó, a chairde, anois tá sibh i mbun obair Dé. Má theastaíonn uait cabhrú linn, Áiméan, más rud é nach dteastaíonn uait cabhrú linn cuirfidh Dia duine eile chugam i d’áit. An dtuigeann tú? Má theastaíonn, tá go maith. Muna dteastaíonn, damnú ort! Tabhair nó imigh leat! An dtuigeann tú? Ná bíodh náire ná cúthail ort riamh. Éiligh, éiligh, éiligh.”

Is í an Bhrasaíl an tír leis an daonra Caitliceach is mó ar domhan – go fóill. Ach níl ach tír amháin ann ina bhfuil an Protastúnachas soiscéalaíoch ag fás níos tréine ná sa Bhrasaíl: Uganda. Má leanann ráta fáis eaglaisí soiscéalaíocha ar nós an Igreja Universal mar atá faoi láthair, beidh 50 faoin gcéad de dhaonra na Brasaíle ina bProtastúnaigh shoiscéalaíocha faoin mbliain 2022.

Maidir leis an gcás atá á réiteach ag an Stát i gcoinne bhunaitheoir an Igreja Universal faoi láthair, cá bhfios cén toradh a bheidh air. Níl aon áireamh ar líon na gcásanna calaoise a tugadh i gcoinne Macedo ó bhunaigh sé a eaglais agus níor ciontaíodh riamh é.


Cónaíonn Alex Hijmans in Salvador, sa Bhrasaíl. Tá a leabhar Favela, faoina shaol i mbruachbhaile bocht, ar fáil sna siopaí.