Fiacha troma agus seiceanna rubair

BEOCHEIST: NUAIR A thosaíonn daoine sa tír seo ar fhíseanna a fheiceáil in aice le dealbha den Mhaighdean Mhuire, bíonn a fhios…

BEOCHEIST:NUAIR A thosaíonn daoine sa tír seo ar fhíseanna a fheiceáil in aice le dealbha den Mhaighdean Mhuire, bíonn a fhios agat go bhfuil muid san fhaoipeach i gceart. Ní fheictear an Mhaighdean anseo ach nuair a bhíonn géarchéim fíorchrua ar siúl nó ag teacht. Mar sin, nuair a tuairiscíodh le déanaí go bhfacthas dealbh den Mhaighdean ag caoineadh i scrín gar don gClochán Liath, ba dheimhniú cinnte é go raibh ár dtírín beag i sáinn den gcineál is measa.

Ní fios an bhfuil faisnéis ag an Mhaighdean nach bhfuil againne faoina bhfuil i ndán amach anseo ach go hondúil ní thugann sí cuairt gan scéal an uafáis nó drochnuacht rúnda éigin a thabhairt léi. De ghnáth, is é deireadh an domhain a bhíonn á thuar aici nó ollchogadh.

Mar sin, má cheap éinne nach bhféadfadh cúrsaí éirí níos measa, tá dul amú air/uirthi. Ní le géarchéimeanna beaga a fhógairt a thugann an Mhaighdean an turas uirthi féin. Anois, ní cheapfá go mbeadh gá le fís ó neamh chun an foláireamh sin a chur in iúl. Ach, tá an chuma ar an scéal go bhfuil roinnt mhaith daoine nach dtuigeann fós doimhneacht an phoill ina bhfuilimid faoi láthair.

B’fhéidir go bhfuil sé in am don Rialtas an fhírinne lom dhíreach a fhógairt gan a bheith ag faire thar a ghualainn ar an mbealach a rachadh an fhírinne sin i bhfeidhm ar na margaí. Is é bun agus barr an scéil é go bhfuil muid beagnach bancbhriste agus nach dtógfaidh sé ach brú beag eile chun muid a chur thar an imeall.

READ MORE

Dhealródh sé, áfach, go gcreideann daoine áirithe gur teip theicniúil shealadach de chineál éigin atá sa ngéarchéim seo agus go mbeidh “seirbhís normálta ar ais a luaithe agus is féidir” mar a deirtear ar an dteilifís.

Cloiseann siad na figiúirí scanrúla a thugann an Rialtas agus Colm McCarthy amach faoin mbearna idir teacht isteach agus caiteachas an Stáit. Cloiseann siad freisin na billiúin atá á bhfáil ar iasacht againn chun seirbhísí an stáit a choinneáil ar siúl.

Ach, ar chúis éigin, b’fhéidir méid ollmhór na bhfigiúirí atá i gceist, tá séanadh á dhéanamh ag na daoine seo ina n-aigne féin. Ní ritheann sé leo riamh gurb í tréimhse an rachmais a bhí ina “shos teicniúil”, gurbh eisceacht iad na blianta sin nuair a bhíodh farasbarr na mbilliún ar theacht isteach bliantúil an Rialtais ó cháin.

Is faoi mhuir atá muid faoi láthair, fiacha móra agus gearradh siar ar chaiteachas, an ‘tseirbhís normálta’ a bhí ag tíortha eile fad is a bhí cóisir an chéid ar siúl anseo.

Is léir go bhfuil sé níos deacra do dhaoine áirithe tuirlingt ón aoibhneas airgeadúil ina rabhamar ná mar atá sé do dhaoine eile. Cé go bhfuil pian agus gortú á bhfulaingt ag gach oibrí, tá srian curtha ag an gcuid is mó acu lena bhfearg go dtí le déanaí. Anois tá na ceardchumainn ag ullmhú chun coimhlinte oscailte leis an Rialtas.

Cén meon eile, mar shampla, a chuirfeadh isteach éileamh ar ardú pá nuair atá beagnach leathmhilliún duine dífhostaithe agus ag maireachtáil ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh? Tá an t-éileamh seo ar ardú 3.5 faoin gcéad á dhéanamh ag oibrithe san earnáil shláinte de bharr, deirtear, gur aontaíodh é faoin gComhaontú Náisiúnta Pá a rinneadh bliain ó shin.

B’fhéidir nach bhfuil ann ach cuid de straitéis chun an Rialtas a tharraingt go cainteanna faoi chúrsaí pá go ginearálta. Ach tá samhnas ar a lán daoine san earnáil phríobháideach a bhfuil a jab caillte acu nó atá faoi bhagairt a bpostanna a chailliúint.

Ba dheacair le hoibrithe a ghlac go deonach le gearradh pá 4-10 faoin gcéad cheana féin a chreidiúint go mbeadh sé de dhánaíocht sna ceardchumainn a leithéid d’éileamh a dhéanamh agus fios maith acu nach mbeadh seans liathróid sneachta in ifreann ann go bhfaighfí é.

Má táimid chun maireachtáil mar Stát neamhspleách, caithfidh muid cur suas le tréimhse chorrach chrua chun na fiacha ollmhóra atá orainn a íoc. Tá an chuid is mó de na páirtithe ar aon intinn faoin mbealach ina mbaileofar an t-airgead chuige sin.

Má tá aon réiteach inchreite eile ag na ceardchumainn seachas gearradh siar ar phá na seirbhíse poiblí agus ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, cuirtear fáilte roimhe. Ach ní féidir éalú ón bhfíric gur orthu sin atá formhór ioncam an Stáit á chaitheamh.

Níl an Rialtas á rá glan amach ach, muna bhfaightear an t-airgead chun ár gcuid fiach a íoc, is i seiceanna rubair a íocfar oibrithe na seirbhíse poiblí amach anseo.

Ansin, dáiríre, faoi bhrat Mhuire muid go léir.