DEIRTEAR NACH mbíonn in aon rud ach seal agus is fíor é. Táimse thar n-ais ar an seanfhód arís tar éis bliain a chaitheamh ag múineadh na Gaeilge i Meiriceá.
Is ar éigean atáim in ann a chreidiúint go bhfuil mo bhliain ar scoláireacht Fulbright tagtha chun deiridh. Taithí luachmhar a bhí ann agus ní beag an spiorad, an spreagadh agus an dóchas a thug mic léinn Mheiriceá dom i leith thodhchaí na Gaeilge. Tá an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach ina n-ábhair mhórtais do na mic léinn i Meiriceá agus bhraith mé chomh bródúil as a bheith i m’Éireannach agus i mo Ghaeilgeoir agus mé i measc na ndaoine seo a bhfuil ardmheas acu ar ár gcultúr. Ní mór eiseamláir na Meiriceánach seo a leanúint d’fhonn an meon dearfach céanna a chothú agus a chinntiú in Éirinn sna blianta atá amach romhainn. Is cinnte go mothaíonn na Meiriceánaigh gur “féidir leo” agus nach ndúirt Obama féin gur “féidir linn”?
Agus é ag labhairt go spreagúil os comhair an tslua i mBaile Átha Cliath, luaigh Obama gur bhraith sé ar nós go raibh sé ag filleadh abhaile agus é ag teacht go hÉirinn. Ba chúis mhór áthais dó a bheith ag tabhairt cuairte ar an áit as ar tháinig a shinsear. Cuid thábhachtach dá fhéiniúlacht is ea an nasc seo le hÉirinn agus is amhlaidh atá sé do go leor Meiriceánach.
Anois agus an samhradh buailte linn, is am maith é dúinne chun filleadh ar ár n-oidhreacht agus ar ár bhféiniúlacht féin mar Éireannaigh. Táimse féin ag múineadh na Gaeilge ar Choláiste Samhraidh sa Rinn faoi láthair agus is iontach an rud é na daltaí a fheiscint agus iad ag baint sárthaitnimh as gach rud Gaelach. Nach álainn an ní é trí seachtaine a chaitheamh sa Ghaeltacht i gcuid de na ceantair is áille in Éirinn ó Dhún na nGall go Corca Dhuibhne.
Ní hamháin gur deis iontach í seo chun cur le saibhreas agus le líofacht do chuid Gaeilge ach is deis í freisin chun taitneamh a bhaint as tírdhreach álainn na hÉireann, go háirithe i gcás na ndaltaí a bhfuil cónaí orthu i gceantair uirbeacha. Is iomaí rud a tharlaíonn ar na cúrsaí seo. Múintear ranganna Gaeilge do na daltaí agus imrítear cluichí Gaelacha trí mheán na Gaeilge.
Téann na daltaí ar shiúlóidí deasa faoin tuath nó cois farraige agus is minic a théann siad ar turais eagraithe freisin. Bíonn ceol agus craic den scoth gach oíche ag an gcéilí agus foghlaimíonn na daltaí an-chuid damhsaí agus amhráin Ghaelacha le linn na gcúrsaí seo. Anuas ar na rudaí seo ar fad, cuireann na daltaí aithne ar go leor daoine óga eile ó cheann ceann na tíre agus forbraíonn siad mar dhaoine i dtimpeallacht shábháilte Ghaelach. Níl aon amhras ach go gcothaíonn na cúrsaí seo meon dearfach i leith na teanga agus i leith an chultúir Ghaelaigh.
Is mór an tábhacht a bhaineann leis na cúrsaí seo agus is ag méadú a bheidh a dtábhacht amach anseo mar thoradh ar an gcóras nua a bheidh á chur i bhfeidhm go luath do bhéaltriail Ghaeilge na hardteistiméireachta. Beidh i bhfad níos nó béime ar an nGaeilge labhartha agus ní foláir don Rialtas cuimhneamh air seo agus iad ag dáileadh airgid ar an Ghaeilge agus gach rud a bhaineann léi – na cúrsaí samhraidh san áireamh.
I dteannta na gcúrsaí seo, is mór an tábhacht a bhaineann leis an gCumann Lúthchleas Gael i gcothú agus i láidriú na féiniúlachta Éireannaí. Is beag duine nach mbaineann an-taitneamh go deo as lá a chaitheamh ag cluiche craoibhe san iománaíocht nó sa pheil. Ócáidí móra Gaelacha is ea iad seo ina dtagann na mílte le chéile chun tacaíocht a thabhairt dá gcontaetha.
Tá rud éigin speisialta ag baint leis na cluichí seo nach bhfaigheann tú in aon tír eile. Cé gur bhain mé an-taitneamh as an atmaisféar a bhí i Notre Dame agus craobh na peile Meiriceánaí ar siúl ann, níorbh ionann í agus craobh na hÉireann.
Músclaíonn craobh na hÉireann go leor rudaí a bhaineann go dlúth le hÉirinn: féith ghrinn na nÉireannach, iomaíocht idir na contaetha, caint agus craic, comrádaíocht speisialta agus grá speisialta don chontae agus don tír.
Fiú agus deacrachtaí eacnamaíochta sa tír, tagaimid le chéile fós mar theaghlaigh, mar chairde, mar chontaetha agus mar thír chun ár gcultúr speisialta spóirt a cheiliúradh.
Cabhróidh comhcheiliúradh den saghas seo linn dul trí na tréimhsí deacra atá fós le sárú againn mar náisiún.
Is tír bheag sinn ach tá luach agus saibhreas speisialta ag baint le féiniúlacht na hÉireann. Is luach é seo a thuigim níos fearr anois tar éis dom seal a chaitheamh as an tír.
Níl aon tinteán mar do thinteán féin.