BEOCHEIST:LE DÉANAÍ bhíothas dom' thionlacan in ospidéal mar réamhullmhú do ghrúpa speisialtóirí ó na Stáit Aontaithe a bhí le teacht ar cuairt oideachasúil chun na príomhchathrach.
Deis acu tamall a chaitheamh le córais, cur chuige, oiliúint agus a mbaineann leo a iniúchadh agus a phlé abhus.
Tugadh comhadcháipéisí dom ionas go mbeadh cur amach áirithe agam ar ábhar ilchineálach iltaobhach. Cuireadh in aithne dom ceannairí rannóga an ospidéil agus ní mór a admháil go ndeachaigh a chuala is a bhfaca mé i bhfeidhm orm. An cúram, an phroifisiúnacht is an comhoibriú a bhraitheas ar son othair a thabhairt chun dea-shláinte athuair.
Le linn na cuairte shiúlamar ar an gcéad leibhéal d’fhoirgneamh a raibh cearnóg le feiceáil faoinár mbun amach uainn. Go tobann baineadh geit asam.
Gan na daoine thíos fúinn a chomhaireamh déarfainn go raibh breis agus leathchéad acu ann, iad ar fad suite i rothchathaoireacha gan chorraí astu. Bhí cuma thromchodlata ar an gcomhluadar seo.
Ar feadh cúpla soicind mheasas go raibh an domhan ina lánstad, go rabhas i gceartlár tromluí. A raibh os comhair mo dhá shúil gan réamhshamhail agam, bhí sé ar fad lasmuigh de mo thaithí is m’eispéireas. Shamhlófá daoine i bpéintéireacht, b’fhéidir, a deineadh iar dteacht abhaile do shaighdiúirí gonta gortaithe ón Chogadh Mór, agus iad curtha i sraitheanna ag feitheamh ar dhochtúirí is altraí chun a dtindeála.
Sea, bhí daoine sa chearnóg fhairsing thíos fúinn ceart go leor ach ba chosúla le deilbh chloiche iad. Ba leasc liom ceist a chur ar an treoraí ospidéil de dheasca greim náire a theacht orm gan m’aineolas a léiriú. Ní fhéadfainn cibé rud a bhí ar siúl a ainmniú.
Mhínigh an treoraí go raibh domhain-alzheimer ar na hothair agus d’fhág sí an scéal mar sin. Leis an eolas sin agam thuigeas go mba thrúdhaoine iad a raibh a n-aistear ag dul in éag.
Níl mórán de bheophictiúir lonnaithe in uachtar mo chuimhne agam ach tá othair chríonna na gcathaoireacha rotha inti gan dabht.
D’fhuascail an lá sin ní eile a bhí gan réiteach agam ó laethanta déagóireachta. Aintín liom, Póilín, bean fhíordhathúil a raibh cónaí uirthi ag crosbhealach sráidbhaile i gcontae Chorcaí. An teaghlach i mbun grósaireachta.
Le linn an tsamhraidh ba ghnách liom lámh chúnta a thabhairt do líon tí eile a bhí muinteartha liom. B’aoibhinn liom an turas ar chúl an leoraí gach seachtain agus na hearraí grósaera a thabhairt amach do na tuathchustaiméirí agus bheith ag comhrá leo.
Nuair a bhaineamar siopa Phóilín amach bhí deireadh aistir sroichte againn. Ba nós léi bronntanas beag, barra seacláide nó a leithéid, a thabhairt dom go seachtainiúil. B’ise an aintín ab fhearr liom ar fad gan aon agó.
Ag dul anonn san aois di bhí ag teip uirthi agus níor mhinic í ar a seanléim feasta. Ní bhíodh sí ag obair sa siopa níos mó nó ag plé chúrsaí an lae nó imeachtaí an pharóiste leis na comharsana. Shuíodh sí sa chistin, a cúl leis an bhfuinneog mhór agus í ag gabháil isteach i saol eile. Í frámaithe i gcorp anaithnid agus iomrall aithne ag gabháil di
An fhíordhathúlacht á tréigean, loinnir agus luisne na sláinte á n-ídiú, gan ach grua bhánaithe chalctha agus liathfholt scáinte le feiceáil. Bhí athrú suntasach, d’fhéadfaí a rá go raibh claochlú nach beag tagtha ar Phóilín is ar a beith ar fad. Diaidh ar ndiaidh, idir chorp is intinn, chúlaigh sí isteach inti féin go hiomlán. Ach fós bhí na folamhshúile marbhánta ag stánadh de shíor.
Níor luaigh aon duine i m’éisteachtsa cad ba bhunús leis an riocht ina raibh sí, an casadh gan choinne a bhain di, an ísle brí agus éifeachta. Níl a fhios agam, fiú, an raibh an téarmaíocht cheart choitianta an tráth san.
Is deimhnitheach go raibh Póilín i gcosúlacht na ndaoine ar na rothchathaoireacha san ospidéal. In amscála gairid thosaigh an tuiscint ag imeacht, an t-iompar ag caolú, an t-aitheantas á scriosadh, an urlabhra anaithnid á múchadh, agus an éagchuimhne ag titim chun siléige.
Agus cibé corrléaró solais a eitlíonn tríd an gcorp is tríd an aigne i riocht dá shaghas fágtar daoine le domhain-alzheimer scartha amach óna dtimpeallacht agus, ar deireadh, uathu féin.
I dtuilleamaí lucht cúraim, lucht tacaíochta is lucht leighis, ina luí-suí go ruball saoil.
An snaidhshaol le scaoileadh agus ré a maitheasa tagtha chun críche.
Agus an spiorad féin ar turas go bruach na síoraíochta.
Beo is Neamhbheo, Neamhaí is Neamhní – fugue dosheachanta na beatha.