Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta faoi scrúdú

DÉANFAIDH sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Pobal ar Aire: Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969-2009, scrúdú…

DÉANFAIDH sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Pobal ar Aire: Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969-2009, scrúdú den chéad uair ar ról agus oidhreacht cheann de na gluaiseachtaí is tábhachtaí i stair na Gaeltachta.

Is é iarcheannaire RnaG, Tomás Mac Con Iomaire, a léirigh an tsraith agus dúirt sé gur ghá an tréimhse a chomóradh agus na daoine a bhí páirteach sa ghluaiseacht a chur faoi agallamh. Bhí cuid acu ar shlí na fírinne agus bhí sé riachtanach tuairim na ndaoine a mhair a fháil ionas go dtuigfeadh an mhuintir óga cad é a bhain an ghluaiseacht amach dóibh.

“Bunchloch” a bhí sa ghluaiseacht sna 1960í do na jabanna agus deiseanna a bhí anois ar fáil do dhaoine óga sa Ghaeltacht sa lá atá inniu ann, rud nár thuig gach duine óg. Dúirt sé gur gluaiseacht “an-scaoilte” a bhí inti, gan aon cheannaire nó aon eagar ceart uirthi agus go raibh eití áirithe inti. Bíodh sin mar atá, a dúirt sé, bhí formhór na ndaoine den tuairim gur éirigh go maith le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.

Bhí Gaeltacht Chonamara bocht sna 1960í agus ba é cruthú fostaíochta ceann de na príomhaidhmeanna a bhí ann. Amharcann an clár ar na nithe a bhí ag cur as do mhuintir na Gaeltachta ag an am: dífhostaíocht; bánú tuaithe; easpa deiseanna eacnamúla; imirce agus cúrsaí polaitíochta.

READ MORE

Labhrann gníomhaithe na linne, Peadar Mac an Iomaire, Seosamh Ó Cuaig, Joe Steve Ó Neachtain, Colm Ó Donnchadha agus Donncha Ó hÉallaithe faoina gcuimhní agus is é an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh a chuireann síos ar an chomhthéacs stairiúil.

Dúirt Mac Con Iomaire go ndearna an ghluaiseacht “éilimh a raibh tábhacht leo, fostaíocht ag baile, bunú Údarás Gaeltachta agus Raidió Gaeltachta ina measc. D’éirigh leis an ngluaiseacht i bhformhór a gcuid éileamh agus ní bréag a rá go bhfuil lorg obair na gluaiseachta agus obair na ndaoine a bhí páirteach ann le feiceáil go soiléir ar an saol, i nGaeltacht Chonamara go háirithe, go dtí an lá atá inniu ann.”

Pobal ar Aire: Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta 1969–2009, Dé Domhnaigh 1.15pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta