2 Eanáir – Filleann Príomh Aire Phoblacht na hÉireann Éamon de Valera ó na Stáit Aontaithe tar éis 18 mí a chaitheamh ann ag stocaireacht ar son saoirse na tíre.
1 Feabhra – Cuireann Arm na Breataine captaen de chuid an IRA, Cornelius Murphy (aois 30), as Ráth Dhubháin i Múscraí Thiar chun báis. Bhain Murphy le Cathlán Bhaile an Mhuilinn agus daortar chun báis é faoi dhlí míleata nua. Is é an chéad phríosúnach a chuireann scuad lámhaigh Arm na Breataine chun báis ó aimsir Éirí Amach 1916 i leith.
20 Feabhra – Luíochán Chluain Molt (Clonmult): Timpeallaíonn fórsaí an choróin óglaigh atá i bhfolach i dteach feirme i gCluain Molt, Co Chorcaigh. Maraítear dáréag Óglach sa chath agus gortaítear ceathrar. Maítear gur cuireadh seachtar den dáréag chun báis go fuarchúiseach tar éis dóibh géilleadh. Cuirtear beirt eile chun báis ina dhiaidh sin.
5 Márta – Luíochán Chluain Bháinín (Clonbanin). Ionsaíonn buíon de bheagnach 100 Óglach tionlacan armáilte de chuid Arm na Breataine i gCluain Bháinín, i gCo Chorcaigh. Maraítear an Briogáidire-Ginearál Hanway Robert Cumming. Beidh sé ar an oifigeach d'fhórsaí na Breataine is sinsearaí a mharófar i gCogadh na Saoirse.
19 Márta – Luíochán Chrois an Bharraigh (Crossbarry): Déanann suas le 1,400 ball d'Arm na Breataine iarracht colún den IRA a thimpeallú. Tom Barry atá i gceannas ar thart ar 100 óglach. Níltear cinnte faoi líon na ndaoine a maraíodh ach bhí sé seo ar cheann de na cathanna ba mhó le linn Cogadh na Saoirse. Tuairiscítear go raibh ar a laghad 35 taismeach ag Arm na Breataine agus gur maraíodh triúr de chuid an IRA.
21 Márta – Luíochán Lios na gCeann (Headford): Ionsaíonn an IRA traein atá ag iompar comhaltaí de na Royal Fusiliers ag Lios na gCeann i gCo Chiarraí. Maraítear ar a laghad naonúr díofa chomh maith le beirt óglach agus triúr sibhialtach.
27 Aibreán – Ceaptar an Bíocunta FitzAlan ina Lord Lieutenant ar Éirinn. Is é an chéad Chaitliceach a cheaptar sa phost ó 1685 i leith.
3 Bealtaine – Críochdheighilt na hÉireann: Gearrtar amach sé chontae Ultacha mar dhlínse ar leith laistigh den Ríocht Aontaithe faoin Acht um Rialú na hÉireann.
3 Bealtaine – Luíochán Thuar Mhic Éadaigh: Maraítear ceathrar póilín agus beirt den IRA i gCo Mhaigh Eo.
19 Bealtaine – Luíochán Cill Mhíona (Kilmeena): I luíochán tubaisteach de chuid an IRA ar leoraithe de chuid an RIC ag Cill Mhíona i gContae Mhaigh Eo, maraítear cúigear den IRA agus gabhtar cúigear eile. Maraítear duine amháin de na póilíní.
24 Bealtaine – Toghchán: Reáchtáiltear toghcháin i ndlínse na sé chontae. Buann an UUP 40 suíochán as 52.
25 Bealtaine – Ionsaí ar Theach an Chustaim: Déanann an IRA ionsaí ar Theach an Chustaim i mBaile Átha Cliath. Dóitear an foirgneamh agus maraítear cúigear ball den IRA. Gabhann fórsaí na Breataine thart ar ochtó fear ina bpríosúnach.
2 Meitheamh – Luíochán i gCeathrú Chinnéide (Carrowkennedy) i gCo Mhaigh Eo. Maraítear seachtar póilín agus gortaítear ceathrar eile. Ní mharaítear aon bhall den IRA.
7 Meitheamh – Ceaptar James Craig ina Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann.
22 Meitheamh – Tionóltar parlaimint nua Tuaisceart na hÉireann i Halla na Cathrach i mBéal Feirste. Tugann Rí Seoirse V óráid dóibh siúd a bhí i láthair.
8 Iúil – Glacann Éamon De Valera le cuireadh chun casadh le Phríomh Aire na Breataine Lloyd George i Londain.
10 Iúil – Domhnach na Fola i mBéal Feirste. Ionsaíonn scroblach dílseoirí aontachtaithe agus póilíní ceantair Chaitliceacha i mBéal Feirste agus maraítear 17.
11 Iúil – Tagann sos cogaidh i bhfeidhm ag meán lae.
14 -21 Iúil – Cainteanna. Téann De Valera go Londain chun casadh le Lloyd George. Ina theannta tá Robert Barton, Erskine Childers, Art Ó Gríofa, an Chúnta George Plunkett, Austin Stack, Kathleen O'Connell agus Laurence O'Neill. Casann siad ar a Lloyd George cheithre huaire. Casann De Valera le James Craig faoi dhó le linn an ama seo.
8 Meán Fómhair – Seolann David Lloyd George tairiscint chun teacht ar shocrú chuig de Valera agus tugtar cuireadh do Shinn Féin plé a dhéanamh ar thairiscint na Breataine – cheadófaí ceannas teoranta d'Éirinn ach an tír a bheith laistigh d'Impireacht na Breataine.
14 Meán Fómhair – Roghnaíonn Dáil Éireann cúigear chun dul i mbun idirbheartaíochta le rialtas Lloyd George i Londain. Ina measc tá Micheál Ó Coileáin agus Art Ó Gríofa. Socraíonn de Valera gan taisteal go Londain é féin.
8 Deireadh Fómhair – Téann toscaireacht ó Éirinn go Londain le téarmaí síochána a phlé le rialtas na Breataine.
11-14 Deireadh Fómhair – Cuirtear tús oifigiúil le cainteanna ar Chonradh Angla-Éireannach.
6 Nollaig – Conradh Angla-Éireannach: Síníonn toscaireacht na hÉireann an Conradh Angla-Éireannach. De réir an chonartha sin chuirfí deireadh le Poblacht na hÉireann agus bhunófaí Saorstát Éireann ach d'fhágfaí sé chontae Ultacha as an stát nua. Is iad sin Aontroim, Ard Mhacha, Doire, an Dún, Tír Eoghain agus Fear Manach. Bheadh an stát nua, Saorstát Éireann, ina ballstát de Chomhlathas na Breataine.
Bheadh rialtas, parlaimint agus arm ag Saorstát Éireann ach bheadh ar na feisirí mionn dílseachta a ghlacadh do Rí na Breataine. Socraítear go gcoimeádfaidh an Bhreatain seilbh ar chuid de chalafoirt na hÉireann. Ar na cuanta a luaitear sna hAirteagail Comhaontaithe mar chuanta a fhanfaidh i seilbh na Breataine tá Loch Lao (loch Bhéal Feirste). Tá sin inspéise mar nach bhfuil Loch Lao sa cheantar atá faoi cheannas Saorstát Éireann de réir na n-airteagal. Tuairiscítear go ndúirt Micheál Ó Coileáin i ndiaidh dó an Comhaontú a shíniú, go raibh barántas a bháis féin sínithe aige.
14-23 Nollaig – Cuirtear tús le díospóireacht theasaí ar an gConradh sa Dáil. Níl gach Teachta Dála ar aon tuairim faoin socrú.
16 Nollaig – Glacann parlaimint na Breataine agus Teach na dTiarnaí leis an gConradh.
7 Eanáir 1922 – Vótálann an Dáil ar an socrú. Bhí an lá le móramh beag. Vótáil 64 ar a shon agus 57 duine a vótáil ina choinne.