Mary MacSwiney i Meiriceá, 1921

Faoi 1921 bhí tacaíocht na nGael-Mheiriceánach don réabhlóid ar a buaic - agus bhí na mná i lár an aonaigh


Síobhra Aiken

Bhí Mary MacSwiney ar camchuairt léachtaí sna Stáit Aontaithe nuair a fógraíodh an sos cogaidh a tháinig i bhfeidhm ar an 11 Iúil 1921. Ba thráthúil gurbh é Philadelphia an chéad mhórchathair eile ar chúrsa an turais: tugtar 'cliabhán na saoirse' ar Philadelphia de bharr gurbh ansin a scríobhadh Forógra Saoirse Mheiriceá agus ghlac pobal Éireannach na cathrach le rún go mbronnfaí macasamhail den chlog íocónach 'Clog na Saoirse' ar mhuintir na hÉireann in onóir na hócáide.

Bhí cuid mhaith de na Stáit Aontaithe siúlta ag MacSwiney ó thosaigh sí an chamchuairt in Eanáir 1921 agus é mar aidhm aici aitheantas rialtas Mheiriceá a bhaint amach do Phoblacht na hÉireann.

Faoin am ar shroich sí Philadelphia, bhí a clú roimpi. Bhí buíon den IRA ar fuireachas chun í a thionlacan chomh fada le hionad na léachta, an staid daorchluiche, Páirc Shibe. Bhí suas le 15,000 duine i láthair agus fainic á cur aici ar an slua: ‘Our fight now leads to victory or extermination’. Chuir scéala an tsosa chogaidh sceitimíní ar phobal Philadelphia agus ghlac níos mó ná 50,000 duine páirt in imeachtaí an lae; eagraíodh léirsithe agus paráidí i mórán gach ceantar sa chathair.

READ MORE

Bhí tacaíocht na nGael-Mheiriceánach don réabhlóid ar a buaic. Bhí an American Association for the Recognition of the Irish Republic (AARIR), a raibh níos mó ná 700,000 ball inti faoi dheireadh na bliana 1921, ar an eagraíocht náisiúnta Éireannach ba mhó riamh i stair na Stát Aontaithe. D’fhéadfaí a rá go bhfacthas don phobal Gael-Mheiriceánach go raibh lámh acu féin i dtoradh na réabhlóide agus síntiúis airgid á dtabhairt acu do chistí éagsúla le blianta.

In ainneoin gur chuir Dáil Éireann cosc ar an imirce i 1920, is é an íoróin ná nach dtarlódh réabhlóid na hÉireann riamh murach tionchar an diaspóra. Ní hamháin gurbh é ceannaire Chlan na Gael, John Devoy, a cheap pleananna an Éirí Amach ó Nua Eabhrac, ach cuireadh $100,000 go hÉirinn le tacú leis na réabhlóidithe i 1916. Bhí tionchar mór ag an bpobal Gael-Mheiriceánach ar idé-eolaíocht agus ar mhíleatachas na réabhlóidithe freisin. Chaith cúigear as an seachtar a shínigh Forógra na Cásca tréimhse i measc an diaspóra i Meiriceá; is é sin Tom Clarke, James Connolly, Seán Mac Diarmada, Pádraig Mac Piarais agus Joseph Mary Plunkett.

Eagraíodh cistí éagsúla sna Stáit le linn chogadh na saoirse le tacú le cúis na poblachta. Bhailigh an eagraíocht the Friends of Irish Freedom (FOIF) os cionn $1 milliún dollar i 1919 mar chuid den ‘chiste ar son bhua na hÉireann’. Cuireadh cuid den airgead sin i dtreo thuras uaillmhianach Éamon de Valera ar Mheiriceá, turas a mhair idir Meitheamh 1919 agus Nollaig 1920. Chuir de Valera tús le feachtas tiomsaithe airgid eile, Feachtas na mBannaí, inar díoladh teastais leis an bpobal a d’fhéadfaí a mhalartú ar bhannaí de chuid Phoblacht na hÉireann a luaithe agus a bheadh an phoblacht aitheanta go hidirnáisiúnta.

Cé go raibh díol maith ar na bannaí, ní raibh sé chomh héasca céanna an t-airgead a smuigleáil ar ais go hÉirinn. Bhain conspóid le turas de Valera freisin mar gheall gur thit sé amach le Devoy agus le ceannaire an FOIF, an breitheamh Daniel Cohalan. Sular fhill de Valera ar Éirinn i Nollaig 1920, scar sé leis an FOIF agus bhunaigh a eagraíocht féin, an AARIR.

Fágadh faoi Mary MacSwiney misean conspóideach de Valera a chosaint agus soiscéal an AARIR a chraobhscaoileadh. Ba de thaisme, dáiríre, a thit an cúram sin uirthi. Tharla sé go raibh MacSwiney i Nua Eabhrac i Nollaig 1920 in éineacht lena deirfiúr chéile, Muriel MacSwiney. Cailleadh deartháir Mary, Terence MacSwiney, i mí Dheireadh Fómhair 1920 i ndiaidh stailc ocrais 74 lá i bpríosún Brixton. Ba ar cuireadh ón gCoimisiún Meiriceánach ar Choinníollacha in Éirinn a tháinig na mná go Nua-Eabhrac le fianaise a thabhairt ar uafáis na cogaíochta in Éirinn.

Má bhí amhras ar De Valera faoi na mná a bheith i rólanna poiblí, aithníodh gurbh í MacSwiney an duine ab fhearr don phost. Bean í a raibh an-oideachas uirthi, a chosain an poblachtachas go diongbháilte agus nár staon ón reitric mhíleatach. Cé gur ghlac sí go drogallach, b’fhéidir, le tairiscint de Valera, bhí an chamchuairt a thug sí ar na Stáit ar cheann de na camchuairteanna ba rathúla a eagraíodh go dtí sin. Ní hamháin gur tháinig fás as cuimse ar an AARIR nó go raibh sí ar an eagraíocht Ghael-Mheiriceánach ba mhó riamh, ach b’fhearr a d’éirigh léi, is cosúil, caidreamh a chothú le ceannairí na nGael-Mheiriceánach.

Bhí comhbhá ag grúpaí polaitiúla éagsúla le scéal Terence MacSwiney, ina measc grúpaí feimineacha, grúpaí pan-Afracacha agus grúpaí frith-choilíneacha eile. Nuair a bhain Muriel agus Mary MacSwiney Nua-Eabhrac amach i Nollaig 1920 bhí na sluaite ann le fáilte a chur rompu. Bhí coiste de chuid Mhéara Nua-Eabhrac ag fanacht leo, mar a bhí an feimineach agus an gníomhaí in aghaidh na cogaíochta mór le rá, Jeannette Rankin. Thug toscaireacht ó Chumann Idirnáisiúnta Fhir an Chladaigh garda cosanta don bheirt bhan.

Go deimhin, chuaigh fir chladaigh Nua-Eabhrac ar stailc i samhradh na bliana 1920 le cur i gcoinne imtheorannú Terence MacSwiney. B’inimircigh neamhoilte as iarthar na hÉireann formhór na stailceoirí ach is díol suntais gur sheas na fir chladaigh de chuid na Meiriceánach Afracach i ndlúthpháirtíocht leo, tráth a raibh teannas ciníoch ann go minic idir na hÉireannaigh agus na Meiriceánaigh Afracacha.

Bhí Muriel agus Mary gléasta in éide bhróin dhubh le linn an turais agus is dóigh go bhfacthas do lucht eagair an Choimisiúin Mheiriceánaigh ar Choinníollacha in Éirinn go gcuirfeadh an pobal suim mhór sa tragóid a bhain dóibh. Leagadh béim ar leith sa bholscaireacht Mheiriceánach trí chéile ar thaithí agus ar fhulaingt na mban. Cé gur straitéis éifeachtach a bhí ann chun síntiúis a mhealladh do chúis na hÉireann, b’olc le Hanna Sheehy-Skeffington an tsuim aisteach a chuir iriseoirí Meiriceánacha i scéalta truamhéalacha agus súil acu mothúcháin a mhúscailt ina gcuid léitheoirí.

Ba léir ón tús, áfach, nach trua a bhí á lorg ag Mary MacSwiney. Mar a dúradh ag an am: ‘Her style of speech is that of the very newest American woman, clear, cool, concise, direct, an appeal to reason rather than to the passions or to the emotions’.

Nuair a d’fhill Muriel ar Éirinn ag tús mhí Eanáir, cuireadh tús le camchuairt Mary MacSwiney. Tá cur síos cuimsitheach ar chlár an turais sa leabhar Irish Republican Women in America: Lecture Tours, 1916-1925 le Joanne Mooney Eichacker. Thaistil sí ó chósta go cósta, ó oirthear agus lár na tíre go Texas agus New Orleans ó dheas, agus siar as sin go Los Angeles, San Francisco, Portland, agus Montana. Thug sí ar a laghad dhá léacht phoiblí in aghaidh an lae agus dúradh gur labhair sí ag deich gcruinniú in aon lá amháin.

Ba nós le MacSwiney labhairt go treallúsach ar thíorántacht fhórsaí na Corónach agus cás a dhéanamh ar son aitheantas a bhaint amach do Phoblacht na hÉireann. Nuair a tháinig suas le 20,000 duine amach chun í a fheiceáil in Chicago, luadh nár eagraíodh ócáid chomh mór sin sa chathair riamh ina raibh bean i lár na stáitse. Ní foláir nó gurbh amhlaidh a bhí in áiteanna eile. Níor theastaigh ó MacSwiney labhairt le hÉireannaigh agus le Caitlicigh amháin, áfach. D’fhógair sí go minic gur mhian léi labhairt le muintir Mheiriceá trí chéile - agus go speisialta leo siúd a bhí i gcoinne chúis na poblachta.

Ba í an tsufraigéid Catherine Flanagan (1889-1927) a ceapadh mar rúnaí ar chamchuairt MacSwiney. Ba as Hartford, Connecticut í Flanagan agus gearradh dhá théarma príosúnachta uirthi as a bheith ar picéad taobh amuigh den Teach Bán i Washington. Agus Flanagan mar eagraí, bhí toise feimineach ag baint leis an gcamchuairt. Ní hamháin gur labhair MacSwiney go sonrach le grúpaí ban, ach mhaígh sí freisin gur tréith Shasanach a bhí san éagothroime inscne: ‘Irish women have always received equal political rights with the men until England took control of the government’.

Níorbh í MacSwiney an chéad bhean phoblachtach a thug faoi chamchuairt léachtaí sna Stáit; bhí turais déanta roimpi ag leithéidí Nellie Gifford, Margaret Skinnider agus Nora Connolly. D’fhág camchuairteanna na mban go raibh na mná an-fheiceálach i ngluaiseachtaí Éireannacha na Stát. Ba chúis iontais é i 1921, cuir i gcás, gur mhó an líon ban ná fear a bhí páirteach i mórpharáid Éireannach i mBostún.

Bhí tionchar nach beag ag an gcamchuairt ar an ardú a tháinig ar líon ball an AARIR; is cosúil gur thiontaigh roinnt brainsí den FOIF ina mbrainsí den AARIR roimh chuairt MacSwiney. Is cosúil nár labhair sí faoi Fheachtas na mBannaí, áfach, agus d’admhaigh sí go raibh an ghráin aici ar ‘the meetings where they have those horrid collections with a man walking up and down the platform yelling himself hoarse’.

Aitheantas seachas airgead a bhí á lorg ag MacSwiney. Mar sin féin, ní foláir nó gur chuir an chamchuairt leis na gníomhaíochtaí tiomsaithe airgid eile a bhí ar bun. Is amhlaidh freisin gur thug na mná airgead flaithiúil do chúis na hÉireann. Léiríonn an taighde is deireanaí le Robin Adams gur mná - cailíní aimsire san áireamh - a bhí i mbeagnach leath de na síntiúsóirí a thug airgead d’Fheachtas na mBannaí i Manhattan.

Glaodh MacSwiney, a bhí tofa ina Teachta Dála faoin tráth seo, ar ais go hÉirinn go tobann i mí Lúnasa 1921. Bhain sí úsáid cheart as na scileanna óráidíochta a bhí tugtha chun foirfeachta aici i Meiriceá nuair a labhair sí go tréan i gcoinne an chonartha i Nollaig 1921.

D'fhág an cogadh cathartha a rian; is dócha nár tháinig ‘Clog na Saoirse’ ó Philadelphia riamh.

D’fhill MacSwiney ar Mheiriceá i 1925 tar éis di bheith ar stailc ocrais faoi dhó agus í ar thaobh na bpoblachtach sa chogadh cathartha. Ach má d’fhill, ní pobal comhaontaithe Gael-Mheiriceánach a bhí roimpi, ach pobal scoilte agus an AARIR ar an dé deireadh.

Is léachtóir í Síobhra Aiken in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Foilseofar a céad mhonagraf, Spiritual Wounds: Trauma, Testimony and the Irish Civil War, le Irish Academic Press in 2022