Le Meas

CROBHINGNE: TÁ ATHBHREITHNIÚ á dhéanamh ar Sheán Lemass, anois go bhfuil leathchéad bliain ann ó ceapadh ina thaoiseach é…

CROBHINGNE:TÁ ATHBHREITHNIÚ á dhéanamh ar Sheán Lemass, anois go bhfuil leathchéad bliain ann ó ceapadh ina thaoiseach é.

Níl sin fíor ar fad, gan amhras, mar ní athbhreithniú é, ach seanbhreithniú. Ní bhfuair lucht athscríofa na staire, nó na reibhiseanaigh greim riamh air: is é sin le rá, an lucht athscríofa sin a chaith drochmheas ar Chogadh na Saoirse agus ar na hidéil ar mhór ag lucht bunaithe an Stáit seo iad.

Níor ghá dóibh athbhreithniú a dhéanamh air, mar ba leor leo a gcéadbhreithniú riamh. Níor De Valera é Lemass, dá bhrí sin, agus ipso facto, agus quid rat demonization ba dheatheagmhálaí é.

Is maith leis an aigne shaonta Éireannach a gcuid laochra a roinnt ina gcampaí in aghaidh a chéile amach.

READ MORE

Tá an intinn dhénártha seo chomh ginte ionainn is atá an méileach san uan. B’é Dev nó Collins i dtosach é in ainneoin a raibh de chomhthuiscintí coiteanna agus modhanna oibre acu. Haughey nó Colley do dhílseoirí Fhianna Fáil ina dhiaidh sin. Mary Robinson nó Mary McAleese mar fhoircinn de chlaonta éagsúla náisiúnta. Na PDs nó an intinn charthanúil. Joyce nó Yeats, Ó Ríordáin nó Ó Direáin. Mackey nó Ring ar leibhéal níos airde fós.

Is é an scéal simplí ar cuma nó miotas iomlán anois é ná go raibh an stat ó dheas ceangailte sna meánaoiseanna agus faoi chuing ag idé-eolaíochtaí a bhí seanchaite a raibh a gcaiscín meilte go mion. Bhí doircheacht ar aghaidh na talún agus bhí an ré agus na réaltaí faoi smúid. Ansin tháinig Lemass agus lig sé an mhaidin bhán isteach. Scuab sé seanchailimhineog na mblianta i leataoibh na slí, agus ó mo ghean! Seo chugainn an nua-aois agus a cuid maitheasaí go léir siar go híor na spéire.

Is fíor go raibh an saol ainnis go maith ag go leor daoine sna 1950í gruama. B’í an imirce shíoraí an peaca ba mheasa, gan amhras, agus bhí cultacha liatha ar gach fear, go háirithe iad siúd a thaobhaíodh Páirc an Chrócaigh. Bhí an ceol poiblí leamh agus tuirsiúil, go háirithe, an ceol céilí; agus nuair a deirimid go raibh siad ag bualadh ceoil, is amhlaidh a bhí siad ag bualadh ceoil chomh tréan is a bhíothas ag bualadh leanaí i scoileanna áirithe.

Bhí feisteas ar mhná rialta a bheadh mírialta fós ar shráideanna Teheran. Ní bhfaigheadh ach an mionlach is suaraí oideachas thairis scolaíocht bunscoile.

Ina choinne sin, bhí an bia go maith folláin, agus níor ghá pá na seachtaine a chaitheamh air sa bhialainn is galánta agus an ainm ghalánta ‘orgánach’ mar lipéad galánta air; bhí cead ag páistí dul ag súgradh sa tsráid is sa pháirc agus saoirse bhán na hóige acu; dá ndéantaí dúnmharú ba scéal iontais é go ceann dhá mhí agus séasúr ina dhiaidh sin; bhí saol an teaghlaigh níos socaire ná mar a nocht ina dhiaidh sin, cé gur cheil sin a chuid uafáis féin. Ní á móradh atáim mar bhlianta, ach ag tabhairt le fios nach dorcha ar fad a bhí siad.

Dá mbeadh rogha ag duine teacht ar an saol i mbailte de chuid na hÉireann nó i gcathracha áirithe de chuid na Breataine ag an am sin, gan Glaschú mar shampla fánach amháin a lua, táim lándeimhnitheach de gur saol an bhaile abhus a phiocfaí. An té a bhfuil súile aige, beidh feicthe aige go raibh cathracha uile na hEorpa – fág cúpla eisceacht as an áireamh – chomh liath céanna sna scannáin sin dubh agus bán a bheidh dubh agus bán go deo.

Ba shuarach a mhaíomh nach raibh baint ag Lemass le cuid éigin den ghruaim a ardach. Ach is é mo thuairim láidir féin go raibh an saol sin ag athrú ar aon nós. Níorbh é a scaoil Elvis agus Eddie Cochrane agus Little Richard ar fud cluasa na hóige; níorbh é faoi dear Teilifís Éireann, bíodh gurbh é a bhí i gcumhacht ag an am; ná níor lena linn a lagaíodh cumhacht na hEaglaise Caitlicí den chéad uair – bhí sin ag tarlú ó aimsir Nollaig de Brún.

Is amhlaidh go raibh caipiteal an tsaoil ag leathadh siar ar fud na hEorpa agus go mbuailfeadh sé port anseo luath nó mall, go díreach mar atá caipiteal an tsaoil ag scuabadh soir i láthair na huaire, agus ní féidir le Brian ná le Brian ná le Nicholas ná le Gordon a dhath ar bith a dhéanamh fadúdo nó mar gheall air. Bhí an t-ádh le Lemass, ar chuma nach raibh an t-ádh le Brian.

Ceist níos tromchúisí is ea gur stoith sé fiacla idé-eolaíochta Fhianna Fáil agus dhein páirtí pragmatach amháin díobh. De sin na scannail agus an t-airgead ar chúla téarmaí. De sin an tóraíocht ar son na cumhachta amháin agus an chomhghuaillíocht le lucht tionsclaíochta. De sin an Tíogar Ceilteach agus an sloc ina bhfuilimid anois. Athbhreithnítear i gceart!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar