Liospóin

CROBHINGNE: GO bhFÓIRE An Rud Maith orainn, is dócha go gcaithfimid aghaidh a thabhairt air seo arís! Níl ach méid áirithe seachtainí…

CROBHINGNE:GO bhFÓIRE An Rud Maith orainn, is dócha go gcaithfimid aghaidh a thabhairt air seo arís! Níl ach méid áirithe seachtainí fágtha go dtí an reifreann lofa nach foláir dúinn dul i ngleic leis don athuair, agus is ar éigean go bhfuil na feachtais tar éis ladhraicín coise a chur san uisce fós. Tá formhór na bpolaiteoirí i bhfolach agus níl na litreacha ach ina dtús.

Tá achainí déanta ag an dá thaobh nár cheart go mbeadh an feachtas an t-am seo salach ná sleamhain ná slítheánta.

Fág gur beag in aon chor an seans gurb amhlaidh a bheidh, ba thrua é. Ceann de na cluichí spóirt is taitneamhaí sa tír seo is ea an chointinn agus an chaismirt a leanann díospóireacht phoiblí agus cách ag pleancadh a chéile le pléisiúr. Ligtear don mhíle fiaile fás! Scaoiltear an smeadar ar fud na mias!

Tá tosnaithe cheana, ar ndóigh. An dream atá ar son guth daonlathach an phobail mar ar caitheadh í cheana a chur ar ceal, is iad is túisce amach as an nead ag scaipeadh cleití na mbréag.

READ MORE

An bhréag is mó is í is caolchúisí. Ní deirtear riamh amach í chomh soiléir le préachán sa sneachta, ach tugtar le fios. Caolaítear timpeall ar an gceist agus déantar fuaimeanna.

Tá an seasamh san leathabairt, san nath cainte, san dath. Roghnaítear friotal atá fáilí, slíoctha, olúil agus ligeann tú don intinn os íseal dul ag obair ina dhiaidh sin. An cleas fothairseachúil an cleas is fearr.

An tsolaoid is soiléire iar seo ná ainmneacha na n-eagras éagsúla atá ar son an chonartha. Abair an dream a bhfuil ‘We Belong’ orthu. Ní gá dhuit casúr a bheith agat le cnagadh ar chloigeann duine lena thuiscint gurb é atá á thabhairt le fios acu go mbaineann an taobh eile le dream a bhféadfadh ‘We Don’t Belong’ a bheith orthu. Ansin tá ‘Lawyers for Europe’, agus ‘Doctors for Europe’ agus ‘Florists for Europe’ agus ‘Toxic Bankers for Europe’ agus mar sin de ar aghaidh.

Ba dhóigh leat gurb amhlaidh go bhfuil an mhuintir ghairmiúil nach mbaineann leo, go bhfuil siad ‘in aghaidh na hEorpa’, pé brí atá leis sin.

Sin an chéad chleas. Fadaítear as sin má leanaimid orainn de bheith ceanndána agus ciotrúnta agus stuacach agus stailciúil go mbeimid ar shlí mhistéireach éigin fágtha i leataoibh na slí agus go rachaidh sruth na meala ar aghaidh gan beann orainn. Deirtear linn go gcaithfimid a bheith ‘i gcroí na hEorpa’. Más é ceartlár na hEorpa atá i gceist leis seo, is deacair a rá cá bhfuil sé.

Tá léarscáil na hEorpa grinnithe agam go mion agus mo shlaitín tomhais im láimh maille lem chompás agus giob de ribín, agus déanaim amach go bhfuil ceartlár na hEorpa gar go maith do bhaile Kisbéir san Ungáir, agus dá olcas is mar atáimid, ní ball é sin ar mhaith liom sinn a bheith ann.

Ina choinne sin, más croí na hEorpa atá uait, ag glacadh leis go bhfuil an t-orgán sin tamall lastuas den imleacán agus i dtreo na taoibhe clé, is dócha gurbh é Znin na Polainne croí na hEorpa, áit nach molfainn ach oiread mar mhalairt ar ár gcuid trioblóidí féin.

Laistiar de seo tá scata bagairtí, ar ndóigh, arb í an ceann is dorcha díobh ná go ndéanfar sinn ‘a chaitheamh amach’ as an Eoraip. Táimse ar an mbeagán sin daoine a léigh an conradh dothuigthe seo ar an trá, agus lorg mé go beacht cén áit a raibh seo luaite, nó tugtha le fios.

In ainneoin mo dheargchuardaigh, féach, lua ná lua de ní raibh ann. Is é atá ann ná go gcaitheann gach tír an conradh a dhaingniú, agus sa chás is nach ndéanann go dtéann an conradh ar ceal.

Sin an t-aon ní amháin atá ann a thuigfeadh duine saonta. D’fhéadfadh a bheith ar chlár scoile na naíonán mbeaga. Ní sinne a bhris an socrú a déanadh, ach an aicme atá ag iarraidh casadh eile a bhaint as.

Tá dualgas, dá réir sin, ar gach tráchtaire dá bhfuil, an chéad uair a nochtann duine an tuairim, go leataobhach féin, go fiú le camadh a bhéil, le nod a chinn, le hardú mala, le tuin áirithe cainte, an chéad uair a thugtar le fios go ‘gcaithfear amach as an Eoraip’ sinn, tá dualgas ar an tráchtaire a fhiafraí de ‘cén áit a bhfuil sin?’ ‘Cén fhoráil ina bhfuil scríofa?’ ‘Cén t-alt, cén leathanach, cén chaibidil?’

Is fior go mbeidh maithe agus móruaisle agus mórmhaoir agus maorlathaigh agus ceannairí agus ceannfoirt agus captaein agus stiúrthóirí agus súmairí agus srólbharúin na hEorpa an-chrosta linn má sheasaimid ina gcoinne arís. Go deimhin, beidh cuthach buile orthu agus fraoch feirge dá réir.

Ach cé dúirt gur drochní é sin?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar