BEOCHEIST: BHUAIL FIABHRAS glanta m'áit oibre le gairid agus, lena linn, thug mé faoi deara leabhar beag téagartha i measc beart leabhar eile a raibh an canna bruscair i ndán dóibh.
Iriseoireacht Uí Chonaire teideal an leabhair agus, dar ndóigh, shábháil mé é ón ionad dramhaíola. An tSiúr Eibhlín Ní Chionnaith a chuir an cnuasach in eagar agus is iad Cló Iar-Chonnachta a d'fhoilsigh é sa mbliain 1989.
Tá sé fós i gcló, de réir shuíomh Idirlín an fhoilsitheora ach níl fáil a thuilleadh ar fhormhór na nuachtán is na n-irisí inar foilsíodh an saothar, irisí cáiliúla ar nós An Claidheamh Soluis agus An tÉireannach ina measc, chomh maith le Guth na nGaedheal, New Ireland agus The Shamrock Irish Emerald.
Is sa Freeman's Journal, idir Deireadh Fómhair, 1919 is Meán Fómhair, 1920, a foilsíodh go leor de na píosaí - cuid mhaith acu faoi chúrsaí oibre is ceardchumainn agus faillíocha an "Rialtais Ghallda in Éirinn" (mar a thug Ó Conaire air).
Chuir mé suim faoi leith sna haltanna seo, mar bhí iontas orm go mbeadh roinnt de thuairimí Uí Chonaire á bhfoilsiú i nuachtáin fhear "an Lock-out" - William Martin Murphy.
Isteach liom sa Leabharlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath go bhfeicfinn na nuachtáin féin ar mhicreascannán. Bhí sé éasca saothar Uí Chonaire a phiocadh amach, mar gheall ar an seanchló Gaelach.
Is ansin a bhí siad - taobh leis an eagarfhocal ar leathanach a dó nó, níos deireanaí, ar leathanach a ceithre, dhá nó trí lá den tseachtain. Mar a bhí an nós ag an am, ní raibh ainm le haon phíosa. I gceann de na chéad alt, bhí Ó Conaire ag cáineadh an droch-íde a tugadh do phríosúnaigh Éireannacha le trí bliana go leith.
"Dá ndéanfaí a leithéid i bpríosúin na nGearmánach nach ag an Sasanach a bheadh an béicíl," a deir sé.
De réir tuairisce ar an leathanach céanna, bhí toscairí ó Shinn Féin i bPáras ag lorg aitheantais don Phoblacht. Trí lá níos deireanaí, is é an réiteach ar stailc a bhí ag lucht oibre na mbóithre iarainn sa mBreatain a bhí faoi chaibidil ag Ó Conaire. Ceapann sé nach rachaidh an socrú chun tairbhe lucht oibre na hÉireann. Ar an leathanach céanna den nuachtán, tá litir ag cáineadh an tsóisialachais, ag rá go bhfuil sé in aghaidh an tseachtú hAithne.
Ar 6ú Samhain, fiafraíonn eagarfhocal an Freeman's an bhfuil rialtas Shasana i ndáiríre faoin mBoilséiveachas sa Rúis a chloí, ach taobh leis seo tá Sean-Pháraic ag cáineadh na hiarrachta atá á dhéanamh ag an rialtas céanna na Bailsibhéicigh a bhriseadh le lámh láidir.
Cuireadh armchúirt ar 369 sibhialtach Éireannach sna trí bliana go deireadh Meán Fómhair, 1919, a deirtear linn in alt gearr ar an leathanach céanna. Dhá lá níos deireanaí, tá Ó Conaire ag clamhsán faoi cé chomh daor is chomh gann is atá an siúcra bliain i ndiaidh chríoch an Chogaidh Mhóir.
Ar 10ú Samhain, pléitear cás Mr Pedlar, fear gnó Meiriceánach a bhí ag troid in Éirí Amach 1916, is cosúil. Gabhadh é i 1918 agus 125 punt ina sheilbh aige. Ba le cumann dainséarach éigin an t-airgead, dar le hArd-Chonstábla Átha Cliath, agus bhí ar an Uasal Pedlar dul sa chúirt chun a chuid airgid a fháil ar ais. Theip orm aon tagairt do Pedlar a fháil áit ar bith eile sa bpáipéar.
I litir, scríobhann Louie Bennett, ón Irish Women Workers' Union, faoin chaoi a raibh mná óga á gcaitheadh amach óna gcuid oibre i monarchana is ceardlanna gan ach foláireamh lae a fháil agus go raibh cuid acu i gcontúirt críochnú ar na sráideanna.
I Lúnasa, 1920, le linn do Thraolach Mac Suibhne bheith ar stailc ocrais sa bpríosún i mBrixton, déanann Ó Conaire tagairt do theachtaireacht a chuir Comhlacht Oibre Éireann go lucht oibre na Breataine ag tabhairt foláireamh dóibh go mbeadh siad "síos le haon rud a thagas d'Ardmhéara Chorcaí agus dá chomhphríosúnaigh".
Bhí tuilleadh altanna ag Pádraic Ó Conaire sa Freeman's Journal, ach de réir cosúlachta is ar an Satharn, 4ú Meán Fómhair a bhí an t-alt deireanach i gcló aige sa nuachtán sin. Ag cáineadh chaighdeán na saothar a bhuaigh comórtais liteartha an Oireachtais le roinnt blianta anuas a bhí sé.
Cúig lá ina dhiaidh sin, agus Traolach Mac Suibhne ar an 28ú lá dá stailc ocrais, bhí alt eile i nGaeilge taobh le heagarfhocal an Freeman's Journal. Píosa leamh, neamhurchóideach faoin Bhlarna, sínithe ag C. Ní D., a bhí ann. Ba léir go raibh ré Uí Chonaire leis an nuachtán náisiúnta thart.