Mol an óige - agus tiocfaidh siad go tionscal an bhia

BEOCHEIST:  DÁLA TROMLACH mhná tí na hÉireann chaith mé méid mór ama thar saoire na Nollag ag cur bia ar fáil

BEOCHEIST: DÁLA TROMLACH mhná tí na hÉireann chaith mé méid mór ama thar saoire na Nollag ag cur bia ar fáil. Dinnéar na Nollag thart bhí sraith de ghaolta agus cairde nach bhfacthas le fada ag teacht ar cuairt agus níor mhór freastal orthu. 

Agus nuair a bhí siad imithe agus am agam le mo smaointe féin ba dheacair gan machnamh a dhéanamh ar na hathruithe atá tagtha ar nósanna ite sa tír seo le 20 bliain anuas. Feictear dom go bhfuil daoine óga i bhfad níos eolaí faoina bhfuil ar siúl ag lucht tionscail an bhia ná mar a bhí mé féin ina n-aois siúd agus go gcuireann siad i bhfad níos mó ceisteanna faoin bhia a itheann siad.

Tá méadú, mar shampla, ar líon na bhfeoilséantóirí agus tar éis an scannail faoi ghalar na bó mire cúpla bliain ó shin agus an eolais a tháinig chun solais ar na mallaibh faoin tslí a bheathaítear muca thuigfeá leisce bheith ar dhuine mairteoil agus muiceoil a ithe.

Agus maidir le sicíní agus éin eile a thógtar i monarchana agus nach bhfeiceann solas an lae ní fios cad iad na galair a fhaigheann siad ó bheith dúnta isteach ar mhullach a chéile.

READ MORE

Is ar bhonn prionsabail a dhéanann formhór na ndaoine óga seo cinneadh staonadh ón fheoil agus tá meas agam orthu dá bharr. Bíonn siad buartha faoin dochar atá á dhéanamh don phláinéad seo ag modhanna feirmeoireacha nua-aoiseacha a chleachtaítear chun bia a chur ar fáil ar chostas íseal: ach tá poll mór i loighic cuid acu, dar liom.

Ag smaoineamh atá mé orthu siúd atá in ann figiúir a thabhairt faoi líon na gcrann sna foraoisí báistí a leagtar chun burgar amháin de chuid McDonalds a chur ar fáil ach nach léir iad a bheith buartha faoin mhéid breosla a dhóitear chun a lán de na hearraí bia a itheann siad a iompar abhus ó na tíortha ina bhfásann siad.

Feicim feoilséantóirí agus tairgí soighe acu ón Bhraisíl, bananaí ó Mheiriceá Láir, ubhthorthaí agus abhocádaí ón Iosrael, agus fiú prátaí agus cairéid ón Ísiltír.

Chun na hearraí sin a thabhairt anseo is gá mórchuid breosla iontaise a dhó agus mar is eol do chách cuireann sé sin leis an téamh domhanda atá ag cur beatha ar an phláinéad seo i mbaol níos tapúla ná aon rud eile.

Ní fios ach an oiread cé mhéad de na foraoisí báistí a ghlanadh chun na pónairí soighe a mbíonn feoilséantóirí ag brath orthu le haghaidh próitéin a fhás.

Is beag duine acu a bheadh sásta anois bheith beo ar phrátaí agus bhláthach mar a bhí ár sinsear 200 bliain ó shin – bíodh go ndeirtear gur bia folláin a bhí ann a fhad agus a mhair na prátaí.

Is é mo bharúil féin gur dual do bhaill an chine daonna bheith ina bhfeoiliteoirí ach go bhfuil an méid feola a theastaíonn chun bheith sláintiúil ag brath ar an mhéid obair fhisiciúil a dhéanaimid agus ar an aeráid ina mairimid.

Ag an am céanna, ainneoin an mhéadú ar líon na bhfeoilséantóirí, deir lucht leighis go bhfuil a lán de mhuintir na tíre seo imithe i dtaithí ar bharraíocht feola a ithe agus nach bhfuil leath a dhóthain glasraí á n-ithe ná á bhfás againn.

Agus scamall an chúlú eacnamaíochta anuas orainn agus smaointe á lorg chun teacht as feictear dom gurb é seo an t-am chun athbhreithniú a dhéanamh ar thionscal an bhia in Éirinn agus ar na nósanna ite atá againn.

Le linn don Tíogar Ceilteach bheith i réim bhíothas ag maíomh as na daoine óga oilte a mheall tionscal na nuatheicneolaíochta don tír seo. Is beag smaoineamh a rinneadh ar fhorbairt thionscal an bhia agus clúdaíodh stráicí móra de thalamh maith feirmeoireachta le coincréit.

Is cosúil anois go bhfuil an tionscal teicneolaíochta ag imeacht amach as an tír siocair daoine óga oilte bheith ar fáil ar chostas níos lú i dtíortha eile. Nach é seo an t-am chun athbhreithniú a dhéanamh ar thionscal an bhia agus iarracht a dhéanamh na daoine óga sin anseo, atá buartha faoi cháilíocht an bhia a itheann siad, a mhealladh chun an tionscal a fhorbairt.

Dá bhféachfaí chuige gur ar fhéar amháin a chothófaí eallach, gur amuigh faoin aer a thógfaí muca agus éanlaith, go gcuirfí níos mó talaimh ar leataobh chun glasraí a fhás, sílim féin go mbeadh i bhfad níos mó acu sásta an saineolas agus na scileanna atá acu a chur chun tairbhe an tionscail agus margaí a lorg le haghaidh táirgí bia a bhféadfaidís bheith bródúil astu.