BEOCHEIST:FEICIMID CLÁIR dhifriúla gach uile oíche ar an teilifís; cláir inar féidir faire ar an gcogaíocht is déanaí agus muid neadaithe i dteannta na dtrúpaí.
Gné chomónta na gclár sin inniu?
Iad go léir suite sa Mheánoirthear. Is bocht an scéal é ach ní chloisimid ach scéalta diúltacha i leith an réigiúin sin trí chéile sa lá inniu.
Deachtóirí, marú, foréigean, cruálacht nach bhfacthas a leithéid ó ré na Meánaoise i leith.
Is iad seo tíortha na mórfhásach agus na mórfháithe tar éis an tsaoil. Uair amháin, ba é ciúnas an fhásaigh a shantaigh na mistigh agus na naoimh, iad siúd a chaitheann an saol ar thóir mhistéir na beatha.
Tá Críostaithe agus mionlaigh eile, mionlaigh reiligiúnda, inscne, cultúrtha agus cine á gcur faoi chois i dtíortha an Mheánoirthir na laethanta seo.
Sa tSín, leis, bíonn ar Chríostaithe, ar Ghiúdaigh agus mionlaigh eile a gcreideamh a chleachtadh faoi rún faoi mar a rinne na Gaeil cúpla céad bliain ó shin, aimsir na bPéindlíthe.
D’fhéadfá a rá gur minic na Críostaithe sin beo sa dá réimse ag an am céanna – réimse príobháideach na spioradáltachta agus réimse poiblí an ghnáthshaoil laethúil.
Críostaí agus misteach nua-aimseartha a raibh an taithí cheannann chéanna aige ab ea an sagart Francach, an tAthair Charles de Foucauld, fear a rugadh sa bhliain 1858 agus a chaith formhór a shaoil ag cur faoi i bhfásach an tSahára, san Ailgéir, é ag maireachtáil i dteannta lucht siúil an réigiúin sin, na Tuargaig. 28 bliain d’aois a bhí de Foucauld nuair a ghabh sé trí eispéireas spioradálta a chuaigh go smior ann.
Sa bhliain 1890 lorg sé ballraíocht in Ord na dTrapach Cistéirseach sa Fhrainc (agus níos déanaí san Afraic) ach tar éis dó seacht mbliana a chaitheamh leis na manaigh sin, tháinig fonn air saol níos aonaránaí fós a thriail, saol an díthreabhaigh. Thaistil sé chomh fada le háit bhreithe Íosa, Nazarat, mar ar chaith sé tréimhse fhada mar dhíthreabhach, Siúracha Bochta San Clár an pobal ba ghaire dó.
Sa bhliain 1901, d’fhill sé ar Viviers na Fraince mar ar oirníodh ina shagart é. D’fhill sé ar an iargúltacht arís, an Sahára, agus chuir faoi in Beni Abbes, ar an teorainn idir Maracó agus an Ailgéir, áit ar bhunaigh sé ionad fáilteachais agus paidreoireachta.
Níos déanaí arís, d’aistrigh sé go dtí na sléibhte Hoggar in Tamanghasset, deisceart na hAilgéire, mar ar bhunaigh sé tearmann in Assekrem, go hard sna sléibhte.
Is ann a chuir sé aithne ar fhánaithe an cheantair, na Tuargaig. Chuaigh sé i dtaithí ar shaol crua an fhánaí ann agus ghlac na Tuargaig leis mar dhuine díobh féin. Rinne sé staidéar ar a dteanga agus ar na canúintí difriúla atá ag na Beirbeirigh, dream a bhfuil os cionn milliún díobh ag cur fúthu i dtuaisceart na hAfraice fiú sa lá atá inniu ann.
Ar an gcéad lá de mhí na Nollag 1916, cuireadh piléar tríd lasmuigh dá chompún agus cailleadh é. Creachadóirí fáin a mharaigh é.
Ba é an chéad Iartharach é a d’oibrigh ar fhoclóir agus ar ghramadach na teanga ann. Foilsíodh a chuid lámhscríbhinní i gceithre imleabhar tar éis a bháis agus aithnítear fós an saibhreas teanga iontu agus an cur amach éachtach a bhí aige ar chultúr na mBeirbeireach.
Cé go raibh bás aonair uaigneach ag de Foucauld i bhfásach iargúlta na hAilgéire tháinig rath ar fhealsúnacht mhisteach de Foucauld agus thug a spreagadh siúd ar dhaoine eile Comhbhráithreachas nua a chur ar bun sa Fhrainc i dtaca lena smaointe spioradáltachta de – na grúpaí Caitliceacha ar a dtugtar Cumann Bráithre agus Siúracha an Chroí Ró-Naofa Íosa, baill oirnithe agus tuataí ina measc.
Sa lá atá inniu ann tá os cionn 19 comhbhráithreachas reiligiúnda difriúil scaipthe fud fad na cruinne a n-áiríonn spioradáltacht Charles de Foucauld mar bhuninspioráid leo.
Faraor géar, maraíodh, céasadh nó cuireadh i bpríosún na mílte Críostaithe an bhliain seo caite.
Is liosta le háireamh iad na tíortha a bhfuil leatrom á dhéanamh inniu ar scata mór Críostaithe agus mionlaigh eile: sna hOileáin Fhlilipíneacha, san Indinéis, an India, an Éigipt, an Túinéis, an Ailgéir, an Iaráic, an Iaráin, an tSín, an Nigéir, an tSúdáin agus áiteanna eile san Afraic.
Agus san Iarthar? Is minic fonóid á déanamh faoi Chaitlicigh nó iad fágtha lasmuigh de mhórdhíospóireachtaí poiblí. Chuir Charles de Foucauld gluaiseacht éacúiméineach thar a bheith idirnáisiúnta ar bun i bhfad sula raibh trácht ar a leithéid.
Rinne sé an t-uafás oibre ar na naisc idir an domhan Críostaí agus an domhan Ioslamach a neartú agus a tharraingt le chéile ar shlí úrnua radacach.