Cuireann Jonathan Barnesó Choláiste Cois Life í Leamhcán, síos ar an tseachtain a chaith sé leis an Choimisiún Eorpach
D'fhéach mé timpeall Sráid Dawson ag cuartú an Choimisiúin Eorpaigh, leis an bhfuacht ag crochadh san aer. Ní raibh mé cinnte cad a bhí le tarlú ar mo chéad lá den taithí oibre leis an choimisiún. D'éirigh liom an foirgneamh a aimsiú agus bhí tuilleadh bratach, póstaeir agus paimfléid ann nuair a chuaigh mé isteach. Bhí a fhios agam ansin go raibh seachtain iontach os mo chomhair.
Ar an chéad lá, chuaigh mé go Caisleán Bhaile Átha Cliath don oscailt oifigiúil don European Year of Equal Opportunities. Chuir banna snagcheoil an ceol ar fáil agus bhí gach saghas eagraíocht neamhrialtasach agus daoine ón phobal ag meascadh agus ag ithe agus ag ól. Bhí an Taoiseach ansin le rinceoirí ag damhsa le bratach ag cur tús leis an ócáid. Taispeántas iontach a bhí ann don Aontas Eorpach agus chuir sé tuilleadh eolais faoin bhliain speisialta ar fáil don phobal.
D'oibrigh mé san ionad European Public Information Centre (Epic), ionad breá nua-aimseartha a bhí lán eolais agus sonraí faoin Aontas Eorpach don phobal. Bhuail mé leis an fhoireann ar an deasc eolais. Bíonn an fhoireann Epic i gceannas ar na turais agus cuireann siad DVD agus tráth na gceist ar siúl dóibh. Bhí orm an tráth na gceist a cheartú i gcomhair grúpa ón Idirbhliain, Coláiste Uladh agus Presentation ó Thír an Iúir. Thriail Presentation stíl nua den tráth na gceist agus d'oibrigh sé.
Taispeánann an saineolaí ríomheolaíochta na rudaí nua-aimseartha agus na huirlisí eile eolaíochta a úsáidtear sna cruinnithe físeán agus taispeántais éagsúla. Bhí ionadh orm. Ni raibh a fhios agam go raibh tú in ann nasc a dhéanamh le tíortha eile tríd fhíseán ag an am céanna.
Shuigh mé isteach ar chruinniú le páipéar nuachtáin. Níor éirigh leo fógraíocht a dhíol ach fuair mé tuiscint iontach faoi chruinnithe agus an fhógraíocht a bhaineann leis an AE. Tháinig criú teilifíse isteach chun ceisteanna a chuir ar dhaoine sa choimisiún. Chuaigh mé go dtí an seomra fuaime chun breathnú conas taifead den agallamh leis an Choimisinéir Spáinneach, Joaquin Almunia, a cheartú agus a ghearradh síos don suíomh www.euireland.ie.
Bhain mé an-taitneamh agus sult as an tseachtain taithí oibre agus d'fhoghlaim mé go leor faoin AE agus conas a fheidhmíonn an coimisiún leis an phobal, cearta daoine agus eolas a thabhairt dóibh.
D'fhoghlaim mé conas a nascann an coimisiún leis an bpríomhshuíomh sa mBruiséil agus conas a dhéanann na bogearraí nua-aimseartha agus teicneolaíocht an comhrá níos éasca agus níos fearr. Tá súil agam go mbeidh an tAE feidhmeach i mo chuid oibre sa todhchaí.