Scéal úr fantaisíochta d'óg agus aosta

Is minic ráite go bhfuil soláthar maith leabhar i nGaeilge do pháistí óga ach gur beag atá ann do pháistí os cionn deich mbliana…

Is minic ráite go bhfuil soláthar maith leabhar i nGaeilge do pháistí óga ach gur beag atá ann do pháistí os cionn deich mbliana d'aois.

De réir a chéile, a bhuí cuid mhór le scéimeanna Bhord na Leabhar Gaeilge, tá an bhearna seo á líonadh.

D'fhoilsigh an comhlacht, Cois Life, dhá shárleabhar do dhéagóirí i mbliana, Hurlamboc le hÉilís Ní Dhuibhne agus Vortex le hAnna Heussaff, agus ag deireadh na míosa seo foilseoidh Coiscéim An Leabhar Órga le Ríona Nic Congáil. Úrscéal fantaisíochta atá in An Leabhar Órga, an dara leabhar i dtriológ, a léiríonn samhlaíocht torthúil an údair agus cumas ar leith aici chun scéal a insint.

Tá eachtraí iontacha agus uafásacha sa scéal seo mar aon le hainmhithe neamhghnácha a bhfuil cleasa draíochta acu, agus ar nós clasaicigh Bhéarla den chineál seo is scéal é a bhféadfadh idir óg agus aosta sult a bhaint as. "Duine ar bith idir deich agus céad" a deir an t-údar.

READ MORE

Scéal faoi shióga atá ann, ach mar is eol d'aonduine a léigh an chéad leabhar sa tsraith, An Túr Solais, níl cosúlacht ar bith idir na sióga seo agus na sióga beaga gleoite a bhíonn go minic i scéalta do pháistí.

Sióga mná is ea sióga Nic Congáil agus seachas buanna draíochta a bheith acu, is beag idir iad agus mná daonna. Tá cónaí ar a lán acu ar oileán draíochta, Tír na mBan, áit a bhfuil sióg ghránna chruálach, Danú, ina banríon ann.

Tá sé ina chogadh dearg idir an bhanríon agus a hiníon, Áine Ní Shí, a phós fear den chine daonna. Bhí mac agus iníon acu, Luan agus Saoirse, agus nuair a thosaíonn an dara scéal sa tsraith tá an bhanríon tar éis ordú a thabhairt d'arm na sióg dul go dtí an domhan daonna agus a garmhac a ghabháil.

In 2004 bhuaigh An Túr Solais an chéad duais i gcomórtas litríochta do pháistí san Oireachtas agus ina dhiaidh sin thug Bord na Leabhar Gaeilge coimisiún do Nic Congáil chun an dara leabhar sa tsraith a scríobh. Tá súil aici tabhairt faoin tríú ceann an bhliain seo chugainn.

Ag an am céanna tá scoláireacht taighde aici ó rialtas na hÉireann chun staidéar iarchéime a dhéanamh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ar an scoláire mná, Úna Ní Fhairceallaigh, a bhí gníomhach i gConradh na Gaeilge ag tús na haoise seo caite agus a raibh páirt mhór aici san fheachtas chun stádas na mban sna hollscoileanna a chur chun cinn.

Cé gur fhreastail Nic Congáil ar chúrsa ar an fheimineachas in Ollscoil Lyon cúpla bliain ó shin agus cé go bhfuil spéis aici i scríbhinní Virginia Woolf agus Simone de Beauvoir, deir sí nach bhfuil "seasamh láidir feimineach" aici agus nach raibh sí ag iarraidh ráiteas feimineach a dhéanamh sna scéalta seo.

Diomaite den ghasúr óg Luan agus beirt ainmhithe, ní hann don fhireann iontu, ach deir sí gur ag iarraidh na "steiréitíopaí a chasadh" a bhí sí agus sin ar siúl aici.

Tá an casadh sin le feiceáil go mór mhór i gcarachtar na banríona Danú, mamó Luain, nach ionann in aon chor agus an mhamó chineálta chneasta a bhíonn i mórchuid scéalta.

Cé gur eachtraíocht is mó atá sa dá leabhar tá codanna áirithe iontu a léiríonn géarchúis aigne agus cumas aoire an údair. Deir sí féin gur pleidhcíocht atá ann don chuid is mó agus gur mhinic í féin ag gáire agus í ag scríobh.

D'admhaigh sí, ámh, go bhféadfadh duine fásta na scéalta a léamh ar leibhéal amháin agus an páiste ar leibhéal eile. Léigh sí féin Animal Farm agus í ina páiste. Nuair a léigh sí blianta ina dhiaidh sin é thuig sí "go raibh i bhfad níos mó i gceist ná ainmhithe ag caint".

Nuair a foilsíodh An Túr Solais i dtús dúradh go raibh lorg scéalta Harry Potter air ach deir Nic Congáil nach raibh Harry Potter léite aici ag an am.

Bhí leabhair Tolkien léite aici, agus thaitin siad léi agus is ábhar sásaimh di go bhfuil leagan Gaeilge a rinne Nicholas Williams de The Hobbit le foilsiú go luath.

Agus í ar an ollscoil rinne sí cúrsa ar an litríocht bhéil agus ar shíscéalta Éamoinn de Búrca agus b'shin an rud is mó a spreag í chun tabhairt faoi shíscéal dá cuid féin a scríobh. Is léir rian an litríocht bhéil ar an teanga in An Leabhar Órga. Tá cuid mhór rannta gearra filíochta ann, tomhais agus caint deisbhéalach. Deir Nic Congáil go dtaitníonn léi "rithimí agus ceol na bhfocal".

Cé go ndearna sí tréaniarracht an scéal a scríobh go simplí deir sí go bhfuil an Ghaeilge "dúshlánach" in áiteanna ach síleann sí gur gá freastal ar pháistí a bhfuil Gaeilge mhaith acu; bíodh go n-aithníonn sí go bhfuil a líon teoranta.

Nuair a d'aistrigh sí An Túr Solais go Béarla agus d'fhoilsigh Arlen House é faoin teideal The Crystal Tower of Light fuair sí an-chuid litreacha ó pháistí faoin leabhar, rud a thaitin go mór léi. B'ábhar díomá di nach raibh an t-aischothú céanna ann do An Túr Solais, cé go raibh díol maith air.

Gaeilge chruinn cheart a labhraíonn na pearsana ina scéalta, an gasúr Luan san áireamh. Ní bhíonn an meascán Béarla agus Gaeilge aige a bhíonn ag páistí go minic agus mar atá ag gasúr amháin sa leabhar Vortex le hAnna Heussaff. Scéal fantaisíochta de chineál eile atá in Vortex, faoi ghasúr a shúitear isteach i gcluiche scáileáin agus faoi iarrachtaí a chairde é a tharrtháil.

Tá cuma nádúrtha ar an meascán teangacha atá curtha i mbéal an ghasúir, Rio, ann agus cuidíonn sé leis an léitheoir idirdhealú a dhéanamh idir é agus na páistí eile sa scéal. Bheadh drogall ar Nic Congáil, ámh, Béarla a chur taobh leis an Ghaeilge sa chaint ina cuid scéalta. Ach, dar ndóigh, ní féidir cur ina leith nach mbíonn caint réadúil ag pearsana a scéalta nuair nach pearsana réadúla iad.

Cuireann sí trí mhí ar leataobh gach bliain chun scríobh do pháistí agus ar feadh trí seachtaine bíonn sí dúnta isteach léi féin agus í ag scríobh lá agus oíche.

Is minic a thagann smaoineamh chuici i lár na hoíche agus bíonn uirthi éirí chun é a bhreacadh síos. Ní rud neamhghnách i dteach Mhuintir Mhic Congáil, i Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, duine a bheith ag scríobh leabhair.

Bíonn a hathair agus a máthair agus a deartháir ag gabháil dó agus bíonn cabhair agus comhairle ar fáil di uathu. Gabhann sí buíochas leo ag tús an leabhair agus do Mary O'Brien, iarfhostaí de chuid an Irish Times, a leag amach an crosfhocal ag deireadh an leabhair.

aischothú feedback - deisbhéalach witty - idirdhealú distinction

feimineach feminist - rithim rhythm - síscéal fairy-tale