BEOCHEIST:CEANN DE na coinbhinsin intuigthe a d'éirigh as Comhaontú Aoine an Chéasta, ná go bhfágfaí eachtraí an chogaidh ó thuaidh san aimsir caite (ar nós Fawlty Towers agus "Don't mention the war") agus go mbeadh tús úr ann.
Maireann an comhrialtas i Stormont go míchompordach agus go míshocair faoi scáth an choinbhinsin sin. Ní fios cad iad na srianta a chuireann baill den DUP agus de Shinn Féin orthu féin go laethúil agus iad ag obair le chéile chun a chinntiú go mairfidh “próiseas na síochána”.
Go dtí seo, chloíodh polaiteoirí sa Deisceart leis an nós seo in ainneoin a gcuid tuairimí pearsanta féin. Chuidigh an tost seo go mór le hiarracht Shinn Féin a bheith glactha isteach sa bparlús parlaiminteach. Ach má shíl aon duine i Sinn Féin go raibh na tuairimí príobháideacha agus na mothúcháin sin imithe, ba mhór an dul amú a bhí orthu.
Nuair a ainmníodh Martin McGuinness mar iarrthóir don Uachtaránacht, fógraíodh “séasúr oscailte” air féin agus ar ar bhain leis. Tá deireadh leis an dea-mhúineadh anois. Ní ligfear don gcoinbhinsean seo teacht idir an chonairt agus a creach.
De réir a bhfuil ráite aige féin, chuir fíochmhaireacht na n-ionsaithe atá déanta ag baill d’Fhine Gael agus ag tráchtairí áirithe sna nuachtáin iontas ar McGuinness. Dúirt sé nach raibh air cur suas lena leithéid d’ionsaí ó aontachtaithe fiú. Is fíor gur fada ó chonaic muid an chonairt choimeádach amuigh agus boladh na fola faighte acu. Ach ní gá ach cuimhneamh siar ar an tréimhse nuair a scaoileadh an scéal ar dtús go raibh John Hume ag caint leis an IRA chun bunús síochána a lorg. Bhí polaiteoirí áirithe agus na meáin chumarsáide chéanna binbeach san ionsaí leanúnach a rinne siad ar Hume – ionsaí pearsanta a bhain geit as an chuid is mó den bpobal.
Le seachtain nó dhó, tá sé soiléir go bhfuil na gnáthbhéasaí caite i leataoibh ag Fine Gael. Dhealródh sé, ós rud é gur léirigh na pobalbhreitheanna nach raibh ag éirí go rómhaith le Gay Mitchell go bhfuil athbhrandáil á dhéanamh air mar “laoch cosanta an daonlathais” in aghaidh “bhagairt an iarsceimhlitheora”.
Lena cheart a thabhairt dó, is fearr a théann Mitchell i bhfeidhm nuair a bhíonn fearg air. Ní maith an fear é chun leanaí a phógadh agus ní go réidh a thugann sé uaidh an seanbhladar agus na clichéanna atá múinte ag na teagascóirí cumarsáide do na hiarrthóirí ar fad. Is duine gan mórán grinn é Mitchell. Cloistear stán ina ghlór nuair a thagann fearg air agus ar ádhmharaí an tsaoil, cuireann iomaíocht McGuinness sa toghchán seo le craobhacha ar fad é.
Bheadh sé doshamhlaithe, nuair a rinne lucht leanúna McGuinness an cinneadh é a chur ar aghaidh mar iarrthóir, nach bhfaca éinne ina measc go ndéanfaí cíoradh géar ar a chúlra-sa. Ar mheas éinne atá i dteagmháil le cúrsaí i ndeisceart na tíre go bhfágfadh Fine Gael, thar aon dream eile, eachtraí as blianta an chogaidh gan tagairt? Bronntanas ó neamh dóibh ab ea iomaíocht McGuinness mar iarrthóir i bhfianaise theip mhór Mitchell sna pobalbhreitheanna. Thug a ainmniúchán seans d’Fhine Gael ardán an pháirtí ar “dhlí agus ceart” a athghabháil.
Tá clú amuigh ar Shinn Féin mar dhream éifeachtach éirimiúil i mbun toghcháin. Caithfidh muid glacadh le ceachtar de dhá rogha mar sin. Is iad sin gur tuigeadh an chontúirt go dtarraingeofaí an cogadh aníos agus gur chuma leo nó nach bhfacthas an chontúirt in aon chor agus go bhfuil lucht leanúna McGuinness ag éisteacht le suantraí a gcuid bolscaireachta féin.
Sna tagairtí a dhéanann McGuinness go minic do na daoine clúiteacha ar bhuail sé leo, ar nós Mandela agus uachtaráin Mheiriceá, feiceann a lán cineál hubris a chuirfeadh duine ar strae.
Ar ndóigh, tá cíoradh géar déanta ag na meáin ar shaol David Norris, Mary Davis, Dana agus Sheáin Gallagher agus tá bataí faighte lena mbualadhsan freisin. Tá go leor ceisteanna le freagairt fós agus is fada idir seo agus an toghchán.
Ach níl an nimh agus an histéire atá dírithe ar McGuinness le tabhairt faoi deara sa tráchtaireacht atá déanta orthusan. Tá rud éigin múscailte ag a ainmniúchán siúd a bhí ina chodladh agus déanfaidh sé dochar, ní amháin do McGuinness é féin.
Ar an dtaobh eile, má théann lucht a cháinte rófhada, d’fhéadfadh bá an phobail tiontú ar an gconairt.
Sa stoirm seo ar fad ina bhfuil tromlach na n-iarrthóirí á luascadh ó thaobh go taobh, tá iarrthóir amháin ag seoladh go ciúin síochánta thar bráid mar a bheadh hiúcaer i gCuan na Gaillimhe. Sea, the sloop Micheal D! Tá stiúir na dínite faoi.