Abair Leat - 'Acmhainn nuálach' do labhairt na Gaeilge

‘ACMHAINN NUÁLACH, spreagúil,” a thugann Carmel Nic Eoin ar Abair Leat! (www.abairleat

‘ACMHAINN NUÁLACH, spreagúil,” a thugann Carmel Nic Eoin ar Abair Leat! (www.abairleat.com), cúrsa nua idirghníomhach ar líne do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge labhartha ag an dara leibhéal.

Tá 14 scoil i gCorcaigh ag píolótú an chúrsa, atá le seoladh i gColáiste Choilm, Co Chorcaí, Dé Luain, agus is é is cuspóir leis ábhar tacaíochta a sholáthar do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt.

Dúirt Nic Eoin, comhordaitheoir náisiúnta leis an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge, go raibh pleananna ann go mbeadh an scéim, teanglann ar líne, in úsáid ar scoileanna uile an Stáit sa scoilbhliain amach romhainn.

Dúirt sí gurbh “acmhainn ilghnéitheach í a thacaíonn le hobair an mhúinteora Ghaeilge sa seomra ranga ach, ina theannta sin, a éascaíonn an fhoghlaim neamhspleách trí ghníomhaíochtaí cruthaitheacha agus deiseanna féinmheasúnaithe a chur ar fáil don fhoghlaimeoir lasmuigh den seomra ranga. Gné nuálach a bhaineann léi ná an chaoi ar féidir le tuismitheoirí agus le múinteoirí monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na scoláirí”.

READ MORE

Ba é Coláiste Lurgan ar an Spidéal, Co na Gaillimhe a dhear an t-ábhar úr a bhí “an-tarraingteach agus an-nua-aoiseach” agus é bunaithe ar a dtaithí le leaganacha eile de Abair Leat! a chruthaigh siad ó 2008.

Dúirt Nic Eoin go raibh béim láidir ar an Ghaeilge labhartha sa chóras oideachais agus go mbeadh 40 faoin gcéad de na marcanna ag dul do bhéaltrialacha sna scrúduithe amach anseo. Dá bharr sin, bhí sí ag súil go gcuirfeadh an áis chomhaimseartha seo le cumas daltaí an teanga a labhairt agus meon fabhrach a chothú i leith na teanga.

Lena chois sin, bheadh an fear grinn Des Bishop, a bhí “go láidir taobh thiar den tionscnamh píolótach seo,” ag tabhairt cuairt ar chuid de na scoileanna lena thacaíocht a léiriú.