‘Ábhar ceiliúrtha’

450 MÚINTEOIR meánscoile Gaeilge a d’fhreastail ar Thionól Teagaisc ar Ollscoil Mhá Nuad Dé hAoine agus Dé Sathairn.

450 MÚINTEOIR meánscoile Gaeilge a d’fhreastail ar Thionól Teagaisc ar Ollscoil Mhá Nuad Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Dúirt comhordaitheoir náisiúnta leis an tSeirbhís Tacaíochta Dara Leibhéal don Ghaeilge, Carmel Nic Eoin, gur fhreastail na múinteoirí ar 30 ceardlann le linn a gcuid ama féin ionas go mbeadh scileanna nua acu dá gcuid teagaisc féin.

Bíonn scéalta diúltacha ann faoi mhúinteoirí, a dúirt sí, ach ba chóir go gceiliúrfaí gairmiúlacht na múinteoirí as a gcuid eolais agus cleachtais a roinnt i réimsí ar nós na drámaíochta, na scannánaíochta agus cúrsaí teicneolaíochta.