Acadamh ollscoile

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le hAcadamh Ollscolaíochta na Gaeilge a bhunú i ndiaidh gur cheadaigh an tAire Éamon Ó Cuív…

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le hAcadamh Ollscolaíochta na Gaeilge a bhunú i ndiaidh gur cheadaigh an tAire Éamon Ó Cuív deontas €1 milliún don togra arú inné.

Cuirfidh an tAcadamh cúrsaí trí mheán na Gaeilge ar fáil ar an champas i nGaillimh agus in ionaid Ghaeltachta. Mar chuid den athrangú ollscoile, cuirfear Oifig na Gaeilge Labhartha agus gníomhaíochtaí na n-ionad Gaeltachta faoi scáth an Acadaimh.

Daichead duine atá fostaithe go lánaimseartha san Acadamh faoi láthair ach tá súil ann tuilleadh a fhostú de réir mar a fhobraítear cúrsaí nua. Tá 12 post fógraithe agus tuilleadh le fógairt go luath.

I bpreasráiteas, dúirt uachtarán na hollscoile, an Dochtúir Iognáid Ó Muircheartaigh, gur chúis áthais dó an tacaíocht "láidir Rialtais" a tugadh don "ghníomhaíocht cheannródaíoch" seo agus gur chéim eile í i dtreo ghníomhú phlean straitéiseach na hollscoile áit suntasach a thabhairt don Ghaeilge agus don léann trí mheán na Gaeilge.

READ MORE

Shocraigh údaráis na hollscoile ag cruinniú an mhí seo caite gur cheart go mbeadh campas "eiseamláireach dátheangach" acu, campas a bheadh ina "dhea-shampla d'ollscoileanna atá ag freastal ar phobail mhionlaigh agus ar phobail mhionteangacha ar fud na cruinne".

Dúirt Éamon Ó Cuív gurbh é an t-oideachas "an fheithicil is tábhachtaí, seachas an teaghlach féin, chun an Ghaeilge a choiméad beo bríomhar sa Ghaeltacht". Ba chuid lárnach de bhuanú na teanga é go mbeadh cúrsaí tríú leibhéil ar fáil do phobal na Gaeltachta ina dteanga dhúchais. "Cumasú pobail" a bhí i gceist leis an "tionscadal tábhachtach" seo, tionscadal a bhí riachtanach chun go mairfeadh an réigiún mar cheantar sainiúil teanga.