Ag aistriu Anrai

Cúis mhaíte ag Bloomsbury Press, foilsitheoirí na leabhar Harry Potter, go bhfuil aistriúcháin ar na scéalta faoi eachtraí an…

Cúis mhaíte ag Bloomsbury Press, foilsitheoirí na leabhar Harry Potter, go bhfuil aistriúcháin ar na scéalta faoi eachtraí an ábhar draíodóra le fáil i níos mó teangacha ná aon leabhar eile ar domhan seachas an Bíobla, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Déardaoin seo caite, mar chuid de chomóradh 50 bliain Cónaidhm Idirnáisiúnta na nAistritheoirí tugadh cuireadh d'aistritheoirí shaothar J.K. Rowling bheith i láthair ag seimineár i gceanncheathrú UNESCO i bPáras chun a gcuid oibre a phlé.

Seachtar aoichainteoirí a bhí ann, ina measc Máire Nic Mhaoláin a bhfuil an chéad leabhar sa tsraith aistrithe go Gaeilge aici faoin teideal Harry Potter agus an Órchloch.

B'as an Téalainn, an Iorua, an tSerbia, an Afraic Theas, an tSlóivéin agus an Chatalóin do na haoichainteoirí eile.

READ MORE

Murab ionann agus na haoichainteoirí eile ní raibh ach an chéad leabhar sa tsraith aistrithe ag Nic Mhaoláin agus níor cuireadh brú uirthi é a chríochnú roimh dháta áirithe.

Níor tugadh ach dhá mhí don Ioruach an 900 leathanach sa leabhar is deireanaí sa tsraith a aistriú go hIoruais.

Cuireadh brú ar an bhean a d'aistrigh Harry Potter go Catalóinis an leagan sin bheith ar fáil roimh an leagan Spáinnise mar gur bheag duine a cheannódh é dá mbeadh an leagan Spáinnise ar fáil roimhe.

Dúirt formhór na gcainteoirí gur scéal mór nuachta é ina dtír féin foilsiú aistriúcháin ar scéal Harry Potter agus go mbíonn tóir mhór ag na meáin chumarsáide orthu dá bharr.

Bheifí ag súil le mórchuid deacrachtaí bheith ag baint le teanga eile a chur ar scéalta atá chomh fréamhaithe sin i gcultúr Shasana agus atá scéalta Harry Potter.

Luaigh na cainteoirí ar fad deacrachtaí a bhain le difríochtaí cultúir ach ba í Nic Mhaoláin an t-aon chainteoir a luaigh go sonrach iad. Luaigh sí mar shampla an nós atá i scoileanna Shasana "Sir" a thabhairt ar mhúinteoirí agus "Potter" no "Weasley" a thabhairt ar dhalta seachas a chéad ainm.

Ábhar míshásaimh ag na haistritheoirí uilig an ceangal a bhí orthu ainmneacha dílse agus logainmneacha a fhágáil díreach mar atá siad sa bhunsaothar cé gur cosúil gur éirigh le cuid de na haistritheoirí cead a fháil iad a aistriú.

Dúirt Nic Mhaoláin gur leisc léi nathanna ar nós "a Dhia" nó "a Mhaighdeáin" nó fiú "Dia is Muire dhuit" a chur i mbéal dhaltaí Hogwarts mar go gceanglódh sé leis an chreideamh Caitliceach iad.

Beidh Harry Potter agus an Órchloch ar fáil sna siopaí mí Iúil seo chugainn.