Soláthar seirbhísí sláinte agus an Ghaeilge

Luaigh rannpháirtithe cásanna ina mbíonn gá ar leith ag othair le seirbhísí cúram sláinte i nGaeilge

Tá comhthéacsanna ar leith ina bhféadfadh othair leas a bhaint as soláthar seirbhísí sláinte trí Ghaeilge, de réir taighde atá foilsithe san eagrán reatha den Irish Medical Journal.

Reáchtáladh an taighde, dar teideal Experiences and Perceptions of Physicians Utilising the Irish Language, chun taithí agus tuairimí dochtúirí a bhfuil Gaeilge acu nó atá ag obair sa Ghaeltacht a thomhas ar phraiticiúlacht agus ar thábhacht na Gaeilge sa chóras sláinte.

Cé nach sampla mór a bhí i gceist (cúigear dochtúirí a ghlac páirt) luaigh rannpháirtithe cásanna ina mbíonn gá ar leith ag othair le seirbhísí cúram sláinte i nGaeilge, agus mhol siad bealaí ina bhféadfaí feabhas a chur ar sholáthar na seirbhísí sin.

San iomlán, cé go raibh forluí ag cuid acu ar a chéile, tháinig ceithre mhórthéama chun cinn – ceannasaíocht an Bhéarla i láithreáin leighis; deacrachtaí maidir le cainteoirí Gaeilge a aithint; comhthéacsanna ina bhfuil riachtanais ar leith ag othair a bhaineann le cóir leighis agus sláinte a bheith ar fáil dóibh trí Ghaeilge; agus ar deireadh, oideachas leighis trí Ghaeilge.

READ MORE

Dúirt na húdair, K Carr agus S Antonijevic-Elliot, go gcuireann an taighde leis an gcás gur cheart seirbhísí cúram sláinte a chur ar fáil i nGaeilge, go háirithe do dhaoine aosta agus do dhaoine faoi mhíchumas.

Téamaí

Ag díriú ar na téamaí a luaitear san alt, labhair na dochtúirí a ghlac páirt faoi cheannasaíocht an Bhéarla sa chóras sláinte.

Ní ionadh ar bith é go dtuairiscítear ceannasaíocht an Bhéarla dar ndóigh: nuair a thuigeann othair nach bhfuil fáil acu ar an nGaeilge, ní théann siad i muinín an chórais ó thaobh na teanga de, fiú sna ceantair Ghaeltachta.

I bhfianaise tábhacht na cumarsáide idir dochtúir agus othar (rud atá aitheanta le fada an lá) is faoin soláthraí atá sé seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil.

Shíl na dochtúirí óga a ghlac páirt sa taighde go bhféadfadh deis a bheith ann feabhas a chur ar úsáid na Gaeilge i suíomhanna leighis ach í a labhairt le páistí nuair a bhíonn siad i dteagmháil le cleachtóirí leighis.

D’fhéadfaí a thaispeáint dóibh gur rud indéanta é “do shaol a chaitheamh as Gaeilge,” mar a dúirt dochtúir amháin.

Ba nós go minic ag muintir na Gaeltachta leaganacha Béarla dá n-ainmneacha agus sloinnte a úsáid agus iad ag plé leis an Stát, ach ní dá dheoin féin a tharla sin i gcónaí.

Tuairiscítear sa taighde gur chuir roinnt clinicí leaganacha Béarla ar ainmneacha Gaeilge i dtaifid othar.

”Mar thoradh ar an gcleachtas seo cailleadh stair [eolas ar stair shláinte an othair] agus d’fhéadfadh torthaí a bheith níos measa do na hothair [dá bharr],” a dúirt údair an taighde.

Fadhb í seo, de réir dealraimh, nár tharla i gcomhthéacs ainmneacha agus sloinnte de bhunús iasachta. Bhí ar a laghad córas ríomhaireachta amháin in úsáid nár thug Gaeilge mar rogha, cé go raibh an iliomad teangacha eile ar fáil ar an gcóras céanna.

Cumas teanga a aithint

Bí trí ghné ar leith a bhain le feiceálacht teanga: soláthraithe cúram sláinte a bheith in ann a aithint go bhfuil Gaeilge ag othair, othair a bheith in ann a aithint go bhfuil Gaeilge ag dochtúirí agus dochtúirí a bheith in ann comhghleacaithe eile le Gaeilge a aithint.

Dúirt ceathrar den chúigear a ghlac páirt go bhfuil sé tábhachtach go dtuigfeadh othair má tá Gaeilge ar fáil. Dúradh freisin nach féidir glacadh leis go gciallaíonn comharthaíocht dhátheangach go bhfuil seirbhís ar fáil i nGaeilge.

Bíonn ar dhochtúirí brath ar leideanna le go dtuigfidís go bhfuil Gaeilge ag othar – b’fhéidir go n’aithneoidís ó ainm nó ó sheoladh an othair go bhfuil Gaeilge acu, nó b’fhéidir go gcloisfidís iad ag caint i nGaeilge.

Tugadh le fios mar sin go mbeadh gá le bealaí sofheicthe chun é a chur in iúl go bhfuil Gaeilge ag dochtúir. Mhol duine amháin córas atá in úsáid sa Bhreatain Bheag – sé sin go gcaithfeadh dochtúir láinnéar a thugann a gcumas teanga le fios.

Is cosúil freisin nach bhfuil aon bhealach ag dochtúirí comhghleacaithe le Gaeilge a aithint, rud a chuir bac orthu othair le Gaeilge a chur ar aghaidh chucu. Tháinig roinnt rannpháirtithe ar speisialtóirí le Gaeilge ach dúirt na dochtúirí óga go bhfuaireadar siúd deacair é sin a dhéanamh - cé go raibh fonn orthu othair a chur ar aghaidh ag comhghleacaithe a mbeadh Gaeilge acu.

Moladh gur cheart clárlann a úsáid ar nós ceann atá in úsáid san Astráil i láthair na huaire a dhéanann taifead ar theangacha na ndochtúirí.

Cásanna ar leith Dúirt triúr dochtúirí go raibh gá le seirbhísí Gaeilge bheith ar fáil i gcomhthéacsanna áirithe. Luadh daoine atá faoi mhíchumas forbartha agus daoine a bhfuil an galar Alzheimer orthu, mar dhream a bhainfeadh tairbhe ar leith as seirbhísí cúram sláinte a bheith ar fáil dóibh ina dteanga féin.

Chuir dochtúir amháin béim ar an tábhacht atá le cumarsáid le daoine fásta atá faoi mhíchumas intleachta ionas gur féidir cabhrú leo cinntí a dhéanamh dóibh féin. I sampla amháin, dúirt an dochtúir go mbeadh gá le cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge i gcás duine fásta faoi mhíchumas intleachta : “ionas go bhféadfadh [an t-othar] cead a thabhairt agus tuiscint iomlán a fháil” ar a raibh i gceist.

Dúirt dochtúir eile gurb é “an cohórt is mó a bhfuil géarghá agam an Ghaeilge a úsáid leis anois ná [daoine le] Alzheimer’s agus néaltrú aibithe.”

Oideachas

Maidir leis an gceathrú téama, phléigh triúr dochtúirí cúrsaí oideachais. Bhí duine acu a mhúin dochtúirí sóisearacha agus nach bhfaca luach ar leith le scileanna Gaeilge ach amháin mar bhealach le comhbhá a chothú agus cairdeas a dhéanamh.

É sin ráite, léirigh an bheirt ab óige dúil níos mó deiseanna a thapú chun an Ghaeilge a úsáid sa chóras sláinte agus leighis. D’fhreastail duine acu ar ‘Teanga an Leighis’ modúl staidéir speisialta Ollscoil na Gaillimhe.

Dúirt duine go raibh teorainn leis na deiseanna oiliúna teanga a bhí ar fáil agus tuairiscíodh freisin gur diúltaíodh uainíocht i gceantar Ghaeltachta do dhuine acu a bhí ina chainteoir dúchais Gaeilge i bhfabhar ábhar dochtúra eile nach raibh mórán cumais sa teanga acu.

Luaitear eiseamláir agus cosúlachtaí i dtíortha eile freisin gur cheart aird a thabhairt orthu.

Mar shampla, luaitear taighde ar réigiún dátheangach san Fhionlainn, áit a bhfuil rátaí cuairteanna ar ionaid chúram sláinte i bhfad níos ísle i measc cainteoirí Sualainnise ná ag an mórphobal, in ainneoin inniúlacht láidir Fhionlainnise a bheith acu.

Sa Bhreatain Bheag, áit a bhfuil cosúlachtaí láidre cultúrtha aici leis an tír seo, déantar athbhreithniú córasach go tráthrialta ar éifeacht pholasaithe teanga sa chóras sláinte.

Baintear úsáid as an tsamhail ‘Tairiscint Ghníomhach’ sa tír sin: cuirtear freagracht ar sholáthraithe sláinte seirbhísí a chur ar fáil i mBreatnais, seachas freagracht a chur ar na hothair iad a éileamh iad féin.

Os a choinne sin in Éirinn, áit a bhfuil an Béarla in uachtar i bhfearann an chúraim sláinte, deirtear sa taighde nach féidir le hothair “a bheith ag súil go hiontaofa le cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge le soláthraithe cúram sláinte, fiú i gceantair Ghaeltachta”.

Cé nach féidir polasaithe a chumadh bunaithe ar fhianaise an chúigir amháin, tá an-luach le taighde mar seo. Tugann fianaise na rannpháirtithe léargas ar dhearcadh an chórais leighis i dtaobh phobal na Gaeilge. Léiríonn sé freisin an luach atá le aiseolas agus gur fiú é a bhailiú má táthar chun tuiscint a fháil ar thábhacht na teanga i réimse an leighis.

Ach níos tábhachtaí fós, b’fhéidir, ná go dtugtar le fios arís go bhfuil buntáiste ar leith sláinte ann d’othair nuair a thugtar aire dóibh ina dteanga dhúchais féin.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.