Ag ceiliúradh an fhile a tháinig ar an saol 150 bliain ó shin

TUARASCÁIL: DÉANFAR MÓRCHOMÓRADH ar Rabindranath Tagore i mbliana, ní hamháin san India ach in Éirinn agus ar fud an domhain…

TUARASCÁIL:DÉANFAR MÓRCHOMÓRADH ar Rabindranath Tagore i mbliana, ní hamháin san India ach in Éirinn agus ar fud an domhain go léir. File, gearrscéalaí, oideachasóir, drámadóir, cumadóir ceoil, péintéir, úrscéalaí. Bí ag caint ar ildánacht.

Rugadh é 150 bliain ó shin. Cara le Gandhi ab ea é, bíodh is nach rabhadar ar aon fhocal faoi an-chuid nithe. Is é Tagore a chum amhrán náisiúnta na hIndia agus na Banglaidéise araon. Níorbh é an náisiúnachas, áfach, an soiscéal a bhí aige ach an t-idirnáisiúnachas, an bráithreachas.

Dúirt Ernest Rhys (1895-1945) ina thaobh: “His temperament, his love of Nature, and the life of meditation that the Indian sun favours, might have led him to retire from the struggle.”

Ach ní hea, siúlach scéalach a bhí sé agus nuair a d’aithin sé an bhrúid sin nach bhfuil marbh fós, an míleatachas – agus d’aithin, sa Bhreatain agus sa tSeapáin ach go háirithe – níor fhan sé ina thost, é beag beann ar an slua callánach a raibh fonn cogaíochta orthu.

READ MORE

Is maith liom na natháin fhileata a d'fhoilsigh sé sa bhliain 1916, leabhar dar teideal Stray Birds. Chuireas Gaeilge air agus foilseoidh Salmon Poetry eagrán dátheangach, Béarla-Gaeilge, de i mbliana mar chuid den Chomóradh Tagore a bheidh ar siúl thall is abhus.

Bhí ardmheas ag an bPiarsach air agus nuair a bhí Scoil Éanna á bunú aige bhí cuid mhaith de na prionsabail oideachais a bhí mar bhonn leis an scoil a bhunaigh Tagore, Shantiniketan, mar eiseamláir aige. Is in Amharclann na Mainistreach a chéadléiríodh dráma de chuid Tagore, Oifig an Phoist, sa bhliain 1913 faoi stiúir Lennox Robinson, agus bhí léiriú speisialta de ar mhaithe le ciste Scoil Éanna. An bhliain dár gcionn, d’fhoilsigh an Cuala Press, comhlacht foilsitheoireachta a bhunaigh muintir Yeats, an dráma sin.

Nuair a léimse Stray Birds/Éanlaith Straetá níos mó ná déantús Tagore á léamh agam, braithim; tá tnúthán an duine gach áit ar domhan á léamh agam, tá anam na hIndia agam á léamh agus croí Tagore, croí a ndeachaigh saol agus teagasc an Bhúda agus Mahavira i bhfeidhm go smior air, croí ar chuir filíocht Kalidas agus Kabir sceitimíní air, croí a d'éist go hurramach is go háthasach le filí móra an traidisiúin dheabhóidigh (bhakti), croí a lig dó féin a bheith faoi anáil fhilíocht na ndaoine ina theanga féin, Beangáilis, croí a bhí corraithe ag na filí fáin, na Bauls, dream atá fós linn agus meisce Dé orthu i gcónaí.

Tá tuairim agam go dtaitneodh sé le Tagore go mbeidh fáil ar an leabhrán beag sin aige, Stray Birds, i nGaeilge anois. Mar a dúirt sé féin: "What is needed is eagerness of heart for a fruitful communication between cultures. Anything that prevents this is barbarism..." Áiméan.

Tá na céadta amhrán a chum Tagore i mbéal mhuintir na hIndia go dtí an lá inniu. Chanadh an Mháthair Treasa go fonnmhar iad. Chuaigh ceol na hÉireann (Moore’s Melodies) i bhfeidhm go mór air agus é i Londain, mar a thuairiscigh sé ina chuimhní cinn: “When I came back home I sang the Irish melodies I had learnt to my people. “What is the matter with Rabi’s voice?” they exclaimed. “How funny and foreign it sounds!” They even felt my speaking voice had changed its tone.”

Tá daoine a déarfadh nach n-oireann na natháin fhileata aige in Éanlaith Strae/Stray Birdsdon Ghaeilge in aon chor. A leithéid seo, mar shampla:

“Dála mhianta an domhain, bíonn na crainn ar a mbarraicíní chun spléachadh a fháil ar Neamh.”

Tá an ceart acu. Ar shlí. Ní oireann siad don Ghaeilge. Ní bhíonn crainn ar a mbarraicíní! Agus cad iad “mianta an domhain” in ainm Chroim? Agus mar sin de. Ach tá a lán lán rudaí i litríochtaí móra an domhain nach n-oireann don Ghaeilge.

An ionann sin is a rá nach ceart don Ghaeilge dul in aice leo? Tá stuif sa Bhíobla nach bhfuil ag teacht le sensibilité ná dúchas na Gaeilge, Laoi na Laoithe, cuir i gcás.

Ba bhotún é más ea an Bíobla a aistriú go Gaeilge, ab ea? É seo, abair, as Laoi na Laoithe:

“Crann úll thar chrainn na coille/mo ghrása thar fir. Faoina scáth suím, mar ba mhian liom;/ milis le mo bhéal a úlla...”

Daoine eile agus mhaífidís a mhalairt, is é sin go bhfuil na línte sin chomh dúchasach le Dónall Óg nó amhrán Gaeilge ar bith is mian leat a lua.

An rud is nádúrtha amuigh ná ligean do theanga a bheith ag fás mar is toil léi féin. Má fhásann sí i dtreonna áirithe, níl aon rud faoin spéir a dhéanfaidh mise ná tusa a stopfadh í; má dhiúltaíonn sí dul i dtreo eile ní chuirfeadh seacht gcathlán na Féinne iallach uirthi dul sa treo sin. Agus sin sin.

Tá scata daoine ann a deir, "Más mian liomsa Stray Birdsa léamh léifidh mé sa Bhéarla é!" (Nó sa bhun-Bheangáilis). "Cén fáth a mbeadh leagan Gaeilge uaim?"

Tá go maith. Léigh sa Bhéarla é mar sin. Tá aithne agamsa ar scata Gearmánach, scata Sualannach agus scata Dúitseach a bheadh in ann Stray Birdsa léamh sa Bhéarla, gan stró; ina dhiaidh sin is uile, dá mbeadh leagan de ar fáil ina dteanga féin, is túisce a léifidís sa teanga sin é.

Is eagrán dátheangach, ní eagrán Gaeilge, é Stray Birds/Éanlaith Straea fhoilseoidh Salmon Poetry. Níl dóthain leabhar dátheangach againn. Tugann an leabhar dátheangach deis dúinn an dá theanga a bhlaiseadh, ná cáilíochtaí a bhaineann leo a mheas is a chur i gcomparáid lena chéile, iontas a dhéanamh de na nithe is féidir a rá chomh héasca sin i dteanga amháin agus na nithe sin nach féidir a rá sa teanga eile chomh deismir céanna a thabhairt faoi deara; tugann an téacs dátheangach deis dúinn chun teorainneacha teanga a thuiscint, an méid is féidir a rá, an méid nach féidir, agus machnamh a dhéanamh ar na cúiseanna a bheadh leis sin.

Ní hé amháin nach bhfuil dóthain leabhar dátheangach againn, níl dóthain dátheangachais againn. Fotheidealú cuir i gcás. Bíonn fotheidealú Béarla ar fáil ar TG4.

Ach cad faoi fhotheidealú Gaeilge? Dá mbeadh scannáin idirnáisiúnta á dtaispeáint ar TG4 an t-am go léir agus fotheidealú Gaeilge orthu, cá bhfios ná go ndéanfaí leathnú ar an litearthacht agus b’fhéidir go mbeadh níos mó léitheoireachta ar siúl sa Ghaeilge dá thoradh sin.

Sampla den dátheangachas seo atá á lua agam anois as Stray Birds:

“Páiste sa dorchadas mé/Sínim mo lámha trí chuilt na hoíche chugat, a Mháthair.” (I am a child in the dark./I stretch my hands through the coverlet of night for thee, Mother.)

Cad atá á rá aige anseo? An ag caint leis an oíche atá sé? Lena mháthair a cailleadh nuair a bhí Tagore óg? Nó an ag caint le Máthair na cruinne atá sé? Cuimhnigh gur tír is ea an India atá ag cur thar maoil le bandéithe. An ag caint lena anam féin atá sé? Cá bhfios. Iad go léir, seans.

Tá rud amháin cinnte. Bíonn an scáil agus an solas le feiceáil i ngach a scríobhann sé: surke/durke (ina theanga féin), nach bhfuil rófhada ó sorcha/dorcha na Gaeilge, an bhfuil?

Níl aon amhras ná go bhfuil Tagore imithe as faisean, áfach. An saghas seo cainte, meastar inniu é a bheith saonta, leanbaí: “Nuair a bheidh sreanga uile mo shaoil curtha i dtiúin, a Mháistir, ansin gach uair a leagfaidh tú méar orthu scaipfear ceol an ghrá.”

Meastar a leithéid sin a bheith maoithneach, ró-idéalaíoch, as tiúin ar fad leis an saol. Cé atá as tiúin, áfach? Tagore? Sinne?