Ag ra paidre i gcatacoim na cathrach

Paidir a chur le hanam a thug orm mé féin a chorraí den chathaoir

Paidir a chur le hanam a thug orm mé féin a chorraí den chathaoir. Chomh callánach agus a bhí an trácht, chomh líonmhar agus a bhí sluaite am lóin gur ar éigean a bhain mé an áit amach.

Ach d'aimsigh mé an séipéal ar Chosán Baitsiléara agus chuaigh isteach. Chomh híseal a bhí an tsíleáil gur mhothaigh mé gur ag siúl isteach sna catacóim a bhí mé.

I nGaeilge a bhí an tAifreann féin agus thóg sé bomaite don chluas í féin a chóiriú ó Bhéarla na sráideanna go dtí an phaidir dhúchais. Is annamh a bhíonn deis agam freastal ar Aifreann i nGaeilge.

I mBéarla amháin a léitear na hAifrinn i mo pharóiste féin agus bhí dearmad déanta agam de liriceacht an liotúirge.

READ MORE

Cuireann an nath sin ag Béarlóirí faoin Ghaeilge bheith "ceolmhar" as mo chrann cumhachta mé. Ach is fíor é faoin Aifreann Gaeilge; tá sé níos ceolmhaire ná an liotúirge Béarla agus baineann draíocht níos mó le hiomann Uí Riada, Ag Críost an Síol, lena linn ná mar a bhaineann leis le linn Aifrinn Bhéarla.

Is de dhlúth agus d'inneach an Aifrinn Ghaeilge faoi seo é; ráiteas saibhir dúchasach a thógann an t-anam i dtreo na bhflaithis; deonú ceoil ón Spiorad Naomh.

Agus istigh sa chatacóm, bhí bean Fhilipíneach ina suí ag éisteacht linn, pobal geal na teanga aistí seo, dornán beag daoine aosta agus meánaosta ag caint, ag freagairt, ag guí i dteanga eile sin an oileáin, a tháinig slán, más ar éigean é, ó choncas, ghéilleadh, ghorta neamhshuim agus imirce neamhdheonach.

Ní ceadmhach creideamh in Éirinn ár linne. Abair gur Caitliceach thú agus cuirtear coireanna i do leith - is ionann tú agus an sagart lofa (cinnte, tugtar chun trialach iad); is ionann do chreideamh agus a pheacaí in éadan páistí.

Nó ionannaítear do chleachtas spioradálta féin le páis Mel Gibson agus cuirtear i do leith gur frith-Ghiúdach thú nó gur den eite dheis thú, de réir tuairisc nuachtáin amháin, agus freagrach as coireanna in aghaidh an chine dhaonna.

Más ea, an féidir le Caitlicigh a rá gurb ionann an eite chlé, liobrálaigh mhúinte, agus lucht leanúna Stalin; go bhfuil gach sóisialaí Éireannach freagrach as a chuid coireanna?

Ní féidir, a déarfadh siad, tá sé níos casta ná sin. Ní thig leat na mairbh sin a thógáil orainn de bharr go raibh préamh choitianta sa Mharxachas againn beirt.

Agus seo tú, i lár Bhaile Átha Cliath, míle go leith bliain ó tháinig Pádraig go hÉirinn agus tá tú ag cloí lena chreideamh, lena theanga, agus níl ionat, dar le fórsaí "forásacha", ach traidisiún lofa gan tairbhe.

Ní hionann, ach an oiread, na rialacha do na déithe sa domhan thoir. San áit a bhfeictear an sclábhaí aineolach Caitliceach sa bhaile; feictear saoi eolach sa domhan thoir.

San áit a gcoisceann an creideamh Caitliceach gnás amháin; cuirtear "cúngaigeantacht" ina leith; ach má choisceann na déithe thoir cleachtas, tugtar adhradh don íobairt.

Níl ar siúl agat ach guí; níl ar siúl agat ach paidir i nGaeilge; níl ar siúl agat ach an tAifreann a éisteacht.

Is ar éigean a aithním an creideamh lenar tógadh mé ar thuairiscí nuachtáin; is ar éigean a admhaím gur Aifreannach mé; nach raibh am ar bith ann nárbh Aifreannach mé.

Ní ag ithe ráillí na haltóra a bhím agus ná tabhair dea-Chaitliceach ceartchreidmheach orm; bheadh eagla orm faoistin phoiblí a dhéanamh.

Ach is Caitliceach mé agus is dá bharr sin a bhí mé sna catacóim, ag cur paidre le hanam. Cén choir a rinne mé?