Ag sciail agus ag damhsa ar son na teanga

Chuir an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, tús oifigiúil le Seachtain na Gaeilge ar ócáid i mBaile Átha Cliath aréir

Chuir an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, tús oifigiúil le Seachtain na Gaeilge ar ócáid i mBaile Átha Cliath aréir. 'Seachtain' a mhaireann coicís atá ann i ndáiríre nó, idir seo agus Lá Fhéile Pádraig, beidh beagnach 250 grúpa ag eagrú breis agus 1,000 imeacht ar fud an domhain leis an teanga a cheiliúradh.

"Is é an fáth go gcaithfimis síniú a chur leis nó go bhfuil éileamh ar Sheachtain na Gaeilge dochreidte," a dúirt eagraí na n-imeachtaí, Julian de Spáinn. "Tá gach cineál imeachta ar siúl - ó sciáil i gCeanada go ceardlann rince sa Ghearmáin."

Dúirt sé go ndearna Seachtain na Gaeilge "an-difear" do chúrsaí teanga nó thug sé sprioc do ghrúpaí agus spreag an ócáid i mbun gnímh iad: "Tugann sé daoine le chéile, daoine le Gaeilge, daoine ar bheagán Gaeilge, daoine nua."

"Croí na Teanga - It's You!" an mana a bhí ann agus dóchas aige go léireodh an mana gurbh fhéidir le gach duine úsáid a bhaint as an teanga agus go raibh gach duine lárnach don athbheochan.

READ MORE

Ba é a mhian go spreagfadh "seachtain ollmhór, lán le himeachtaí oideachasúla agus siamsaíochtúla, idir chultúrtha, thraidisiúnta agus chomhaimseartha" daoine i dtreo na teanga.

Chothódh na himeachtaí naisc nua idir grúpaí agus thabharfadh siad aitheantas don phobal agus do dhaoine aonáracha as a gcuid iarrachtaí athbheochana.

Ghlacfadh na céadta mílte daoine páirt in imeachtaí in Éirinn, sna Stáit Aontaithe, sa Bhrasaíl agus i Sasana, a dúirt sé, agus bhí grúpaí chomh héagsúil le Gasóga na hÉireann, comhairlí contae agus coistí áitiúla i mbun cúrsaí.

Le cois na n-ócáidí traidisiúnta, bhí sraith teilifíse agus dlúthdhiosca nua le seoladh. Craolfaidh RTÉ 1 ceithre chlár speisialta, Coiscéim, le ceiliúradh a dhéanamh ar gach rud Éireannach le linn 2005.

I measc na n-aíonna, beidh Miss Ireland, Natasha Nic Gairbheith as Gaeltacht Ghaoth Dobhair; captaen fhoireann peile Chiarraí, Dara Ó Cinnéide agus an t-amhránaí clúiteach, Daniel O'Donnell.

Beirt atá i mbéal an phobail cheana féin - an damhsóir Breandán de Gallaí agus an láithreoir teilifíse Síle Seoige - a bheidh á gcur i láthair.

Seoladh de chineál eile a bheidh ar siúl an Domhnach seo agus Iarla Ó Lionáird, Nina Hynes agus Caliban ag tabhairt blaiseadh beo don phobal de na hiontaisí ceoil atá ar dhlúthdhiosca nua, SnaG '05.

Le cois an triúir sin, tá The Devlins, Paddy Casey, Mundy, the Frames, Kíla, The Walls, Liam Ó Maonlaí, Bowsie, Morgan the Bouncer agus John Spillane i ndiaidh amhráin Ghaeilge a chumadh (nó a aistriú) mar cheiliúradh teanga.

Is ag 8.30pm sa Village, Sráid Loch Garman, Baile Átha Cliath, a sheolfar an dlúthdhiosca, SnaG '05. €10 atá ar na ticéid agus is go Concern a rachaidh an t-airgead a chruinneofar.

Tá clár iomlán imeachtaí le fáil ag www.snag.ie nó 01-4757401