Aimsir Laithreach De

An Peann Coitianta: Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (Veritas) atá díreach tagtha faoim bhráid, is ceann de na saothair mhóra…

An Peann Coitianta: Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (Veritas) atá díreach tagtha faoim bhráid, is ceann de na saothair mhóra annamha sin é a chruthaíonn a chóras agus a chomhthéacs tagartha teanga féin.

Saothar ardghradamúil é atá ina chomharba ar an obair a dhein lucht an Fhrithreifirméisin i Lobháin go háirithe, agus ar an gcéad leabhar Gaeilge riamh ar cuireadh cló air in Éirinn, Aibidil Gaoidheilge & Caiticiosma i.. forcheadal nó teagasg Críosdaighe, le Seán Ó Cearnaigh.

Go deimhin, is Teagasg Criosdaidhe a thug Bonaventura Ó hEodhasa ar a shaothar féin a foilsíodh in Antwerp i 1611, gan an focal 'caiticiosma' a bhac sa teideal, agus is athghabháil Chríostaí agus teanga in éineacht é an focal 'caiticiosma' a bheith slánaithe an athuair. 'Foirceadal' atá sa chaiticiosma seo, leis, ar 'doctrine'.

Is cúis mhór cheiliúrtha ag pobal teanga na Gaeilge é an saothar seo, an mhaise is mó a cuireadh ar shaothrú ardréimneach an fhriotail eaglasta ó foilsíodh An Bíobla Naofa. "Iarraim, mar sin, ar phastúirí na hEaglaise agus ar na fíréin an Caiticiosma seo a ghlacadh le spiorad na comaoine agus leas a bhaint as go dúthrachtach," a deir an Pápa Eoin Pól linn ina bhrollach, agus is le "spiorad na comaoine" úd a ghabhaimid ár mbuíochas croí le Breandán Ó Doibhlin agus le hAnraí mac Giolla Chomhaill as an mórshaothar seo.

READ MORE

Is mó go mór fada ná friotal eaglasta atá i gceist sa Caiticisoma, áfach, cé gurb é an bhunsraith atá tríd síos ann. Tá coincheapa beachta agus téarmaí bailí fealsúnachta agus diagachta, briathra, ainmfhocail theibí agus nathanna ó gach ré den teanga curtha ag obair as an nua ar mhaithe le cuspóir caiticéiseach. Uirlise ceirde a bhí leis na cianta ar crochadh ar chrúcaí sa cheardlann, tá faobhar nua curtha anseo orthu, nó ar a laghad tús an fhaobhair.

Mar shampla mion amháin, 'anamchara' atá ar 'confessor' ach 'coinfeasóir' atá ar 'confessor' (saint). Sampla é seo den 'idirdhealú le héargna' atá ar siúl tríd síos. Ní hamháin sin, ach soláthraíonn an Caiticiosma tráchtaireacht ina fhriotal dílis ar gach gné den bheatha, seachas an saol.

Mar shampla An Eotanáis: "Is cuma cad is siocair léi nó cad is meán chuici, is é is eotanáis dhíreach ann clabhsúr a chur le beatha na n-éalangach, na n-othar nó daoine atá le bás".

Buaileann abairtí leat sa Chaiticiosma atá liriciúil, sa tráchtaireacht ar an ár nAthair mar shampla: "Má ghlacann tú an t-arán gach lá, tá gach lá ina inniu agat. Más leat Críost inniu, éiríonn sé ó mhairbh duitse gach lá. Conas sin? 'Is tú mo mhac, inniu is ea a ghin mé thú' (Salm 2, 7). Is é is Inniu ann, an uair a éiríonn Críost ó mhairbh".

Aistriúchán ón gcéad leagan Fraincise den Chaiticiosma a bunaíodh ar an leagan faomhtha Laidine, atá sa leagan Gaeilge seo. Tionscnaíodh an obair i 1986 faoi chúram choimisiún 12 cairdinéal agus easpag. Bhí an obair sin déanta acu i 1992, agus foilsíodh an leagan Fraincise tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.

Roinnte ina cheithre chuid atá struchtúr an Chaiticiosma: Admháil an chreidimh; Sacraimintí an chreidimh; Beatha an chreidimh; agus An urnaí i mbeatha an chreidimh. 'Trácht comheagraithe' ar iomlán an chreidimh Chaitlicigh atá ann. Tá uimhir ar gach alt, agus innéacs iomlán tagartha ar a chúl do gach alt díobh, chomh maith le tagairtí bunleathanaigh tríd an téacs ar fad a sheolann an léitheoir ar ais go dtí na bunfhoinsí.

Níl fhios agam an bhfuil glactha scun scan leis na leaganacha sa Bhíobla Naofa, nó an bhfuil leasuithe déanta ar chuid de na leaganacha. Tá tagairtí uimhrithe cliathánacha le gach alt a sheolann an léitheoir go dtí tagairtí eile don ábhar céanna. Ceann de na huirlisí riachtanacha tagartha atá sa leagan seo den Chaiticiosma, ná an dá shanasán: trítheangach, Gaeilge/Béarla/Fraincis, agus dátheangach, Gaeilge/Béarla. Tá na sanasáin seo foilsithe ar leithligh mar leabhar ag an Doibhlineach.

CÉ léifidh é? Sagairt, cairdinéal agus easpaig? Lucht caiticéise? Diagairí? Lucht léinn? Bunófar caiticiosmaí áitiúla mar a thugtar orthu, ar an saothar seo. 200 cóip a foilsíodh de leabhar úd Sheáin Uí Chearnaigh; cuireadh cúpla athchló ar leabhar Uí Eodhasa. B'fhéidir, ar deireadh, gurb é an t-aon tslat-tomhais amháin a mheánn ná gur deineadh an obair. De ghrá Dé.

Dúirt Cuthbert Mag Craith faoi leabhar Uí Eodhasa: "Sé an t-aon leabhar próis amháin é atá againn ó láimh dhuine a raibh iomlán eolais an dána dhírigh aige. Dá bhrí sin is tábhachtaí de leabhar é ná leabhair phróis an Chéitinnigh dá fheabhas a shaotharsan."

Tá an breithiúnas sin míchruinn, ón uair go mba thábhachtaí leis na dintiúirí ginealaigh ná an saothar féin agus gean an phobail. Ina cháilíocht féin, is comharba orthu araon agus ar leabhar Uí Chearnaigh é Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí.