Airgead Albanach

Tá Iomairt Cholm Cille ag reáchtáil cúrsa seachtaine i nGaeilge na hAlban do dhaoine a bhfuil Gaeilge na hÉireann acu.

Tá Iomairt Cholm Cille ag reáchtáil cúrsa seachtaine i nGaeilge na hAlban do dhaoine a bhfuil Gaeilge na hÉireann acu.

Beidh na cúrsaí ar siúl idir Dé Luain 1ú agus Dé hAoine 5ú Iúil 2002 agus idir Dé Luain 19ú agus Dé hAoine 23ú Lúnasa 2002 ag Sabhal Mór Ostaig, An t-Eilean Sgitheanach, Alba.

Tá sparánachtaí ar fáil do dhaoine ar féidir leo an nasc le hAlbain a chur chun cinn. Caithfidh iarratais do chúrsa Mhí Iúil bheith istigh Dé hAoine 31ú Bealtaine 2002 agus iarratais do chúrsa Mhí Lúnasa bheith istigh Dé Máirt 25ú Meitheamh 2002.

  • Tá dhá dhream ar leith ag plé leis na sparánachtaí, thuaidh agus theas:

Poblacht na hÉireann, Michelle Ní Chróinín, Iomairt Cholm Cille, Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Gaillimh, 091 503278 nó ccille@udaras.ie;

  • Tuaisceart Éireann: Maolcholaim Scott Iomairt Cholm Cille, 6, Sráid Uilliam, Béal Feirste, BT1 1PR, 028-90238293 nó ccille.ultach@cinni.org