Aistear an aisteora

Beocheist: An mbeinn róchúramach? An mbeadh mo chuid staidéir curtha i leataobh an iomarca? Bheinn neirbhíseach, nach mbeinn…

Beocheist: An mbeinn róchúramach? An mbeadh mo chuid staidéir curtha i leataobh an iomarca? Bheinn neirbhíseach, nach mbeinn?

Ag breathnú ar an bpóstaer A3 lámhscríte ar an gclár fógraí, d'fhás grainc ar mo ghnúis. An chúis? Bhíos ar thóir rian de m'ainm in aice leis an gcarachtar Urgl sa léiriú don dráma The Never Ending Story.

Cad ina thaobh go raibh 'Delia D' scríte ina ionad? Scuabas mo shúile anuas ar an liosta. Shíneas mo chorrmhéar ar an bpóstaer agus shleamhnaigh sí síos go dtí gur shroich sí m'ainm ag bun an liosta.

I mbloclitreacha, i bhfochair charachtar na gcomharsan, ní uimhir a haon, ní uimhir a dó ach do chomharsa uimhir a trí, a tháinig mé ar m'ainm. Bheinn mar chomharsa do Urgl.

READ MORE

Cuireadh in iúl dom go mbeinn ag oscailt gheata an gharraí di. Ní raibh aon ghá dom bheith i láthair do na cleachtaí mar bhean bhalbh ab ea an chomharsa thábhachtach seo. Stiúireofaí mé san áit chuí sa gharraí ar oíche an tseó.

D'fhreastalaíos ar léaráidí áirithe i rith an téarma i nDramasoc. I mo shuí sa chaifé ag ól tae ó chupán Styrofoam agus ag piocadh ag an gcáca pastaetha, chonac bean bhríomhar cháiliúil thall sa chlúid. Bhí sí ag dáileadh páipéir ildaite ar a comhghleacaithe gealgháireacha.

Cérbh í, ní rabhas róchinnte? Bhíos buailte le geit ón gcarachtar seo. Rith sé liom gurbh ise an bhean, 'Delia D' a bhí mar Viola sa Twelfth Night.

Bhí cuma níos cúthalaí uirthi anois i gcomparáid léi sna hóráidí i ndráma Shakespeare. Bhí an grúpa ag léamh, agus ní go leamh, línte don chéad léiriú eile, is dócha.

Mholas dom fhéin gan a bheith ag stánadh orthu agus d'fhéachas ar an suíochán suimiúil.

Caite ar an gcathaoir sa chúinne, bhíos ag cuimhneamh ar cén comhábhar a cheannóinn dom dhinnéar níos déanaí nuair a rith macalla trí halla na hollscoile ón dream drámatúil a bhí ag cleachtadh go callánach thíos staighre. Níor bhac mé leo.

Mo chreach is mo chrá! Ligeas osna. Ba chuma liom mar bhí an liosta siopadóireachta i bhfad níos spéisiúla ná script. Shiúil an bhean Delia tharam, í beag beann ormsa, macasamhail d'aon aisteoir cáiliúil ceart. Ní bhíonn aithne acu ortsa ach bíonn gach rud agat mar gheall orthu.

Bailithe don bhuairt mar gheall ar an ngátar aráin san árasán, go tobann, gan smacht orm fhéin, chaitheas mo mhála thar mo ghualainn.

Bhíos i measc na mac léinn eile i scuaine lasmuigh den doras do na trialacha do Translations le Brian Friel. Is ar chumasc a chéile a rith na guthanna go léir ag rá na línte céanna. Roghnaíos canúint Dhún na nGall don pháirt.

Laistigh don doras os comhair an stiúrthóra chromas ag léamh na línte lem ghuth ag crothadh. Diaidh ar ndiaidh, d'éalaigh pé cúthalacht. Bhí orm mo chuid mothúcháin a nochtadh don saighdiúir Sasanach agus a chur in iúl go rabhas i ngrá leis. Ba é sin an chéad tráth a thiteas i ngrá le saighdiúir.

Taithí thaitneamhach ab ea í go dtí gur stop an stiúrthóir lán de dhúthracht sinn. An réadúlachas liobarnach. Dúirt an saighdiúir Sasanach, a bhí ag déanamh Gaeilge sa tríú bliain, faic eile. Bhuail ciúnas suntasach agus bhailíos liom ó mo ghrá.

Sheas an príomhaisteoir taobh thiar den doras. I measc na n-aisteoirí aisteacha áilne drámatúla suimiúla, d'éalaíos liom lem chasóg orm. Bheadh liosta na gcarachtar crochta suas ag deireadh an lae.

Nuair a bhuail deireadh an lae liom, bhí sé in am seiceáil an mbeinn mar Mháire, an bhean gan Béarla, splanctha leis an Sasanach?

Chonac an liosta leanúnach leagtha ann. Tar éis trí huaire don rud a bhacadh d'fhéachas air agus mé ag análú go trom.

An babhta seo ní raibh mo chorrmhéar ag stopadh ag m'ainmse. Is léir gur mhair Máire gan chomharsana, mar sin ní rabhas sa léiriú seo. An diúltú.

Ghoin an grá éagumasach mé; an dúil a bhí agam bheith páirteach leis an saighdiúir sa phlota. Níor thaitin sé sin liom ar aon chaoi... Bheinn róchúramach le siopadóireacht agus rudaí mar sin.

Táim chun cloí le smaointí fior do Shakespeare. Tá deis agam anois, ní bheith mar stiúrthóir agus léiritheoir amháin, ach mar phríomhaisteoir a haon chomh maith.

"Is stáitse é an domhan agus níl ionainn ach aisteoirí ann." Aisteoirí ar thóir treorach. Níl línte le foghlaim ná treoracha le leanúint ach is Never Ending Story é an t-aistear agus beadsa mar léirmheastóir thar fóir i dteannta sin.