Am in ait airgid

Beocheist: Insíonn na scrioptúir dúinn gur chruthaigh Dia an domhan taobh istigh de na sé lá agus gur lig Sé A scíth ar an seachtú…

Beocheist: Insíonn na scrioptúir dúinn gur chruthaigh Dia an domhan taobh istigh de na sé lá agus gur lig Sé A scíth ar an seachtú lá.

Smaoineamh nár rith liom go dtí le gairid, gur dóiche ná a mhalairt, gur sin an bunús atá leis an ghnáthleagan amach a bhíonn ar shaol an duine ó shin i leith - go saothraíonn sé a bheatha agus go ligeann sé a scíth taobh istigh d'achar ama seacht lá.

Scéal arbh fhiú dearcadh air ar ndóigh, cé acu i ndáiríre, Dia a d'fhág sampla ag an duine, ná duine éigin le samhlaíocht in aimsir an tseantiomna a chum an scéal le pobal Dé a shásamh i dtaca le himeachtaí chruthaithe na Cruinne.

Cibé scéal é, tá an coinbhinsiún céanna fada buan i gcultúr an domhain agus cloíonn formhór mór an chine daonna leis mar choinbhinsiún.

READ MORE

Ar cheart glacadh leis i gcónaí? I ndiaidh mé an ollscoil a fhágáil sa bhliain 1981, chuaigh mé díreach i gceann na hoibre agus tá mé ag saothrú liom ó shin gan sos gan stad gan staonadh.

Mothaím go minic sna blianta deireanacha seo áfach, go bhfuil an fuinneamh agus an toil ag trá agus ag dul in ísle brí ach go bhfuil an strus agus an saothar ar an chorp ag méadú de shíor.

Bheifí ag súil le go leanfainn ar aghaidh go ceann 2021 sula mbeadh an t-am tagtha agam bacán a tharraingt agus an baile a bhaint amach go buan.

Tchí Dia cad é an bhail a bheadh orm faoin am sin más os cionn na créafóige a bheinn ar chor ar bith? De réir na staitisticí, má chaitheann mo mhacasamhail de dhuine cúig bliana is dhá scór i mbun oibre thig leis bheith ag súil le deich mí sula sciobann an bás ar shiúl é!

Dála go leor eile chuaigh mé cúpla céim bheag in airde ar dhréimire an chomhlachta rud a fhágann dualgaisí beaga breise orm agus pingneacha beaga breise i dtuarastal dheireadh na míosa.

Mheasfainn go bhfuil mo theacht isteach gar go leor don mheán náisiúnta - tá gnáththeach agus gnáthcharr agam agus imíonn an teaghlach ar laethe saoire uair sa bhliain. Ní duine ábharach mé agus níl gearán ar bith agam i dtaca le mo sciar féin de shaibhreas an tsaoil. Ní shantaím cuid na gcomharsan agus ní bhacaim le ticéad a cheannach don chrannchur náisiúnta.

Ní airgead breise a shantaím i ndáiríre ach saoire bhreise agus ní saoire an tsamhraidh atá á mhaíomh agam ach saoire sa sceideal oibre.

B'aoibhinn liom gearradh siar ar na laethe oibre agus gan ach ceithre lá a chaitheamh ar obair rud a d'fhágfadh trí cinn agam féin. Thuigfinn go mbeadh luach le díol ar a shon sin agus go mbeadh íobairtí airgid le déanamh ach mheasfainn go mb'fhiú an braon fola.

I ndeireadh na dála is luachmhaire liom an t-am ná an t-airgead agus sílim go bhfuil cuid mhór den chine daonna ag déanamh leath díobh féin agus leath den saol.

Bíonn daoine áirithe sásta íobairt a dhéanamh den Satharn agus sé lá na seachtaine a chaitheamh i mbun na hoibre. Ní bheinn ag maíomh a dhóighe ar a leithéid de dhuine.

Ba bhreá liom go ndéanfadh mo bhean an chomhairle chéanna. Tá sé d'ádh orainn nach bhfuil an morgáiste rómhór agus go bhfuilimid ag druidim leis na gálaí deireanacha. Measann go leor lánúineacha ar na saolta seo nach dtiocfadh leo smaoineamh ar ghearradh siar ar an ioncam go dtí go mbíonn an dara morgáiste díolta acu - is é sin costaisí ollscoile na bpáistí.

Cinnte go mbeadh sé mar aidhm againn cuidiú le clann s'againn féin má tá sé i ndán dóibh dul sa treo sin ach ní mheasaim go gcaithfidh thuismitheoirí a chur ina luí orthu féin gur chóir dóibh iomlán na bhfiach siúd a iompar.

Ceist mhór eile, ar ndóigh, cad é an dearcadh a bheadh ag fóstóirí ar an scéal seo.

Tá an coincheap seo a dtugann na Poncánaigh 'downsizing' air coitanta go leor ar an taobh thall den Aigéan Atlantach ach ní heol dom go bhfuil mórán aithne air go fóill ar an taobh s'againne.

Ní bagairt ach buntáiste atá i gceist don fhostóir. Bíonn deis aige fuil úr a earcú agus seanchloigeann críonna a choinneáil ar an mheitheal oibre.

Ba chóir go mbeadh an socrú sin le leas an uile dhuine agus gach páirtí sona sásta lena sciar féin den mhargadh. Chuideodh sé go mór le figiúir an Aire Airgeadais i dtaca le líon na ndífhostaithe fosta.

Níor cuireadh falsacht síos dom riamh ach bíonn drogall millteanach orm éirí ar maidin agus aghaidh a thabhairt ar an obair.

B'fhéidir gur measa an scéal é i ndúlaíocht seo an gheimhridh ach tá claonadh orm a chreidbheáil go bhfuil athamharc de dhíth go géar ar an roinnt a dhéanann formhór an lucht oibre ar am oibre agus am saor.