An bhfuil an córas oideachais ag loiceadh ar phobal na Gaeilge? an cheist a chuireann Anna Ní Ghallachair, Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, san eagrán is nuaí de Léachtaí Cholm Cille a dhíríonn ar churaclam na Gaeilge.
Scríobhann Ní Ghallachair nach bhfuil an curaclam bunscoile ag tabhairt aitheantas ceart do chainteoirí dúchais Gaeilge agus nach bhfuil sé ag freastal orthu; ní aithníonn an córas ollscoile go mbíonn deacrachtaí ar leith ag mic léinn Ghaeltachta; níl caighdeán ná rogha na n-acmhainní teagaisc agus foghlama sásúil; ba cheart go leagfaí níos mó béime ar chaighdeán Gaeilge na múinteoirí bunscoile atá ag brath teagasc sa Ghaeltacht.
"Bó bheannaithe" a thugann sí ar theagasc na Gaeilge ach tugann sí le fios go mbaineann contúirtí leis an stádas sin: "Nuair a bhíonn rud faoi bhagairt nó i gcontúirt, bíonn claonadh ann é a chosaint, agus gan admháil go bhfuil deacrachtaí ann. Muna n-admhaíonn muid go bhfuil deacrachtaí ann, áfach, ní féidir díriú orthu le hiarracht a dhéanamh iad a chur ina gceart."
Aithníonn sí cúig ghrúpa ar leith a bhfuil sainriachtanais oideachais acu: cainteoirí dúchais sa Ghaeltacht; cainteoirí dúchais taobh amuigh den Ghaeltacht; páistí agus daoine óga atá á dtógáil le Béarla agus atá ag freastal ar ghaelscoileanna agus ar ghaelcholáistí; cainteoirí dúchais Béarla atá ag freastal ar scoileanna Béarla agus foghlaimeoirí aosacha.
Chomh fada agus a bhaineann sé le foghlaimeoirí aosacha, creideann sí go bhfuil "neamhshuim" iomlán déanta díobh. "Diomaite de bhunchúrsaí, níl acmhainní teagaisc ná cláracha teagaisc ar bith ar fáil d'fhoghlaimeoirí aosacha na Gaeilge."
Aithneoidh gach aon duine a chaith tréimhse ag teagasc Gaeilge do dhaoine fásta go bhfuil an ceart ar fad aici. Leoga, bíonn dhá thoradh shuntasacha ar an easpa seo - cuireann sé beaguchtach ar an mhúinteoir agus ar an mhac léinn aibí.
Murab ionann agus an dalta scoile, tá bua mhór amháin ag an duine fásta; tig leis éirí as rang chomh luath agus is mian leis é - agus éiríonn! Molann Ní Ghallachair cúrsa cosúil le TEFL a bhunú le tabhairt faoin easpa seo.
Is ábhar imní aici fosta nach ionann an aicme múinteoirí atá ag teagasc sa Ghaeltacht anois agus mar a bhíodh. Roimhe seo, ba de bhunadh na Gaeltachta bunús na múinteoirí a bhíodh ag teagasc sna scoileanna áitiúla Gaeltachta.
Bhí de bhuntáiste acu sin go raibh tuigse acu ar an "phobal, ar a gcanúint, ar stair agus ar bhéaloideas a gceantracha féin. Bhailigh cuid mhór acu seanchas agus amhráin na n-áiteacha sin. Mar sin, bhí siad ábalta an t-eolas seo a sheachadadh go dtí na glúnta a tháinig ina ndiaidh."
Ní hionann sin agus cás an lae inniu. Is ón taobh amuigh atá cuid mhór de mhúinteoirí bunscoile na Gaeltachta ag teacht:
"Is minic nach mbíonn cur amach ag múinteoirí óga ar Ghaeilge ná ar phobal na nGaeltachtaí ina mbíonn siad ag teagasc, ná mórán suime acu sa stair agus sa bhéaloideas a bhaineann leo."
Is minic fosta, a scríobhann sí, nach mbíonn caighdeán sásúil teanga acu. Dá bharr sin, is ag brath go hiomlán ar an churaclam, ar leabhair agus ar na háiseanna a chuirtear ar fáil dóibh.
Ach an féidir brath orthu sin?
FEICTEAR di nach n-aithníonn an curaclam na riachtanais ar leith a bhíonn ag páiste de bhunadh na Gaeltachta: "Glactar leis go mbeidh an leanbh ag foghlaim Gaeilge tríd an scoil amháin. Ní thugtar aitheantas ar bith do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge taobh amigh nó taobh istigh den Ghaeltacht.
"Is é an t-aon siollabas amháin atá ann don dá ghrúpa. Mar sin, caithfidh go bhfuil an cainteoir dúchais thíos leis, go háirithe ag tús na scolaíochta nuair a bhíonn an múinteoir ag díriú ar pháistí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga."
Molann sí freastal a dhéanamh ar chainteoirí dúchais Gaeilge sna bunscoileanna Gaeltachta: "Nuair a cuireadh ranganna breise Béarla ar bun sna bunscoltacha do pháistí na n-imirceach níor chuir duine ar bith ina gcoinne. Cén fáth nach dtiocfaí an rud céanna a dhéanamh i gcás na gcainteoirí Gaeilge?
"Má tá muid dáiríre faoi stádas agus faoi chearta na teangan caithfidh muid dul sa treo sin: ranganna feabhais sa Ghaeilge do na cainteoirí Béarla sa Ghaeltacht, mar shampla, agus ranganna breise Gaeilge do chainteoirí dúchais Gaeilge sna scoltacha lánGhaeilge, go háirithe sna blianta tosaigh, a fhad is atá na páistí eile ag cur aithne ar an teanga."
Tá ceist na gcanúintí go fóill ina cnámh spairne, a scríobhann Ní Ghallachair. Mura mbíonn eolas ag an mhúinteoir ar an chanúint áitiúil, is i muinín na dtéascleabhar caighdeánach a fhágtar é.
Baintear úsáid as an Chaighdeán mar bhata. Ní ag cur in éadan an Chaighdeáin atá sí. Tugtar aitheantas do go leor foirmeacha taobh istigh de. Mar sin féin, cuireann an difear idir cló agus caint mearbhall ar pháistí agus ar thuismitheoirí - iad beirt ag corraíocht le canúint agus caighdeán agus iad ag teip ceachtar den dá chaint a thabhairt leo go sásúil.
Scríobhann sí gur "cosúil nach n-éiríonn chomh maith céanna le muintir na Gaeltachta san Ardteistiméireacht is a éiríonn le daltaí taobh amuigh den Ghaeltacht. An amhlaidh gur míbhuntáiste atá ann Gaeilge bheith agat ón chliabhán má tá tú ag súil go n-éireoidh leat taobh istigh de chóras oideachais na hÉireann? ...
"Is iomaí múinteoir fosta a déarfas leat go raibh orthu a gcuid Gaeilge a athrú le post múinteoireachta a fháil agus Gaeilge na bhfoghlaimeoirí a fhoghlaim - agus is do chainteoirí dúchais cruinne atá mé ag tagairt anseo.
"Smaoinigh ar an Fhrancach nó ar Ghearmánach ag cur blas an Bhéarla ar a theanga féin sa dóigh is go dtuigfí é! An amhlaidh go bhfuil débhéascna i bhfeidhm taobh istigh den Ghaeilge féin agus go bhfuil na foghlaimeoirí in uachtar?"
Molann Ní Ghallachair gur cheart: polasaí náisiúnta cuimsitheach teanga do na teangacha go léir a ullmhú; ionad náisiúnta acmhainní teagaisc do theagasc na Gaeilge agus don teagasc trí Ghaeilge a bhunú; céim speisialta i dteagasc na dteangacha a bhunú; ranganna breise Gaeilge do chainteoirí Béarla sa Ghaeltacht agus do chainteoirí Gaeilge sna bunscoileanna lánGhaeilge a eagrú; cúrsa speisialta ar a gcanúintí féin do chainteoirí dúchais Gaeilge san ollscoil a chur sa siúl.
Tá aistí eile san irisleabhar ar "Curacalm na hOllscoile: Arán nó Fíon" le Alan Titley; "An Córas Oideachais agus na Meáin Ghaeilge" le Neasa Ní Chinnéide; "An Ghaeilge sa Chóras Oideachais: Polasaí, Pleanáil agus Teagasc" le Muiris Ó Laoire; "Uirlisí Teanga agus Lucht A Seinnte: Foclóireacht agus Foilsitheoireacht don Aos Foghlamtha" le Seosamh Ó Murchú. An té ar spéis leis cúrsaí oideachais, b'fhiú dó an t-irisleabhar a aimsiú.
Curaclam na Gaeilge, LCC XXXII (An Sagart). Eag: Ruairí Ó hUiginn.