THUG MÉ an dara hamharc ar an suaitheantas óir ar choiléar na mná óige sa chaifé sular chruinnigh mé mo mhisneach agus d’fhiafraigh di: “An bhfuil Gaeilge agat?”
THUG MÉ an dara hamharc ar an suaitheantas óir ar choiléar na mná óige sa chaifé sular chruinnigh mé mo mhisneach agus d’fhiafraigh di: “An bhfuil Gaeilge agat?”
Níl a fhios agam go díreach cad é an rud ba chúis le m’fhaitíos. Is fada ó chonaic mé – taobh amuigh de chruinniú gairmiúil Gaeilgeoirí – fáinne óir ar dhuine ar bith. Is fada ó chonaic mé ceann ar dhuine ar bith óg agus rith sé liom gur fada ó d’fhreastail Éireannach ar bith orm agus mé ag ordú greim le hithe ag am lóin. Is mó cleachtadh againn uilig ar Pholannaigh faoin am seo.
Seans nach fáinne óir a bhí san fháinne óir, mar sin, seans go raibh mé ar tí bocamadán a dhéanamh díom féin agus forrán a chur ar eachtrannach i nGaeilge?
Mar a tharla, fáinne óir a bhí ann agus scoth na Gaeilge ag an bhean, K, a bhí ag obair, mar a dhealraigh sé, le Raidió na Life (106FM), stáisiún pobail raidió Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
Dúirt sí go raibh sí idir dhá chomhairle ar cheart di an suaitheantas a chaitheamh ach, murach é, is dócha gur i mBéarla a dhéanfaimis beirt ár gcomhrá. Mar a tharlaíonn sna cásanna seo, ba mhór an tógáil chroí é an comhrá gan choinne i nGaeilge.
Bíodh sin mar atá, caithfidh mé a admháil nach bhfuil fáinne óir agam agus gur fada ó chaith mé ceann. Lena chois sin, níor rith mé amach le ceann a fháil bíodh is gur léir go raibh toradh dearfa ar an suaitheantas bheith ar K.
Is fada ó bhí an fáinne faiseanta agus seans nach raibh sé riamh faiseanta. Ar bhealach, is ait sin. Is mór linn lipéid ar na saolta seo – nó ní féidir linn éalú ar lipéid – ar a gcuid éadaí, ar ár gcuid bróg nó málaí láimhe nó spéaclaí féin. Baineann sotal ar leith, ar ndóigh, le lipéad an ghluaisteáin a thiomáineann tú.
Ach bíonn drogall orainn lipéad teanga a thabhairt orainn féin fós. Is beag duine le Gaeilge ar m’aithne a chaitheann fáinne óir agus, ar an iomlán, is fir d’aois áirithe faoi sheaicéid sheanfhaiseanta a chaitheann iad.
(An millfeá culaith mhaith Hugo Boss agus fáinne óir a ghreamú di?)
Níl a fhios agam, ar bhonn pearsanta, cén fáth go bhfuil an oiread sin drogaill orm féin fáinne óir a chaitheamh. Ba mhór liom – fadó, fadó, fadó – an lá ar scoil gur éirigh liom ceann a fháil.
Chuir múinteoir meánscoile scrúdú orm agus d’éirigh liom. Cruthúnas a bhí sa tsiombail go raibh measarthacht Ghaeilge agam. Ach anois – agus m’aghaidh ar cholún nuachta agam – ní bhacaim leis.
An féidir an fáinne a dhéanamh, like, kúl? An fiú? Ba bhreá liom do thuairim: pomuiri@irishtimes.com