Léireoidh Taibhdhearc na Gaillimhe dhá dhráma atá ar shiollabas na hArdteiste, An Lasair Choille le Cailtín Maude agus Michael Hartnett agus Amuigh Liom Féin le Dara Ó Conaola an tseachtain seo chugainn.
Cuirfear tús leo oíche Luain ag 8 p.m. agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí oíche Shathairn. Gach léiriú ag 8 p.m.
Saoirse phearsanta an duine agus tionchar na himirce is ábhar do An Lasair Choille, an streachailt idir mian an duine óig agus na srianta a chuireann mianta seanfhir orthu. Turas draíochtúil a ghealltar in Amuigh Liom Féin, scéaldráma.
Is é Marc Mac Lochlainn, iar-mhúinteoir le Coláiste na Coiribe, a bheidh ag stiúradh na ndrámaí agus beidh Darach Ó Dubháin agus Peadar Ó Treasaigh ó Ros na Rún; Máire Áine Ní Chuaig ó RnaG agus aisteoir áitiúil eile, Brian Ó Carra, sna príomhpháirteanna.
Deir lucht na hamharclainne gur deis atá sna drámaí do dhaltaí (agus do mhúinteoirí) éalú ón seomra ranga agus eolas a chur ar an dá théacs seo beo ar stáitse. Tá rátaí speisialta ar fáil do ghrúpaí scoile. Eolas: 091-563600.
- Tá Cumann Gaelach na hEaglaise agus Pobal an Aifrinn ag eagrú seirbhís idir-Eaglasta paidreoireachta agus ceoil i nGaeilge, "Is mise Foinse na Beatha", in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath, seachtain ón Aoine ag 8 p.m. Is mar chuid de Sheachtain na hAontachta Críostaí an ócáid agus is é an tAthair Alan Mac Eochagáin, SJ, seanmóirí na hoíche. Eolas: 087-244 270.