Baile Atha Cainte an domhain

Beocheist: Nakwenda kwetu...Dove possiamo incontrarci?...Kuinka kauhea sää!

Beocheist: Nakwenda kwetu ...Dove possiamo incontrarci? ...Kuinka kauhea sää!

Ar bhus i mBaile Átha Cliath atáim agus mé ar mo bhealach go dtí lár na cathrach. Timpeall orm tá na fóin phóca á n-oibriú.

Sórt cluiche atá ann anois buille faoi thuairim a thabhairt faoi chuma an té a fhreagraíonn an fón is déanaí a bhuaileann, agus an teanga a thomhas sara gcloistear é.

Measaim nach gnáth-thurasóirí na daoine seo ar an mbus liom. Is daoine iad a d'fheicfeá sa bhanc agus san ollmhargadh. Tá siad lonnaithe in Éirinn faoi láthair. Cuid díobh fostaithe anseo, cuid díobh ag freastal ar chúrsaí staidéir.

READ MORE

Aithním cuid de na teangacha go héasca. Cuid eile, an tSínis mar shampla, tá siad cloiste chomh minic sin ar an bhus agam go mbím measartha cinnte díobh. Cuid eile fós, teipeann go hiomlán orm iad a aithint. Sa chás sin, má bhíonn sé caothúil, cuirim ceist.

Má thuigtear mo cheist faighim freagra múinte. Ní bhfuair mé riamh freagra giorraisc.

Measaim gur molta a bhíonn daoine a gcuirtear an cheist orthu. Cuireadh an cheist orm féin uaireanta i dtaobh na Gaeilge.

Ar ndóigh, ní in Éirinn a tharla sin.

Léigh mé anuraidh i dtaobh an daonáirimh go raibh foirmeacha ar fáil i mbreis agus dosaen teangacha.

Ní heol dom an de bharr cineáltais i leith ciníocha iasachta a chuirtear na foirmeacha ar fáil nó le riail éigin ón mBruiséil a chomhlíonadh.

Ar aon nós, is comhartha é ar nádúr ilchineálach phobal an Stáit seo mar a fheictear do na riarthóirí é.

Go cinnte is botún a mheas, toisc é a bheith ina chónaí i measc Béarlóirí, go gcaithfidh go bhfuil Béarla maith ag an eachtrannach.

Thuigeas ó scannáin Hollywood feadh mo chuimhne gur tír Bhéarlóirí Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is léir go gcaithfidh gur tír mórán teangacha a bhí ann riamh de bharr na hinimirce, anuas ar na teangacha dúchasacha.

Dá réir sin, caithfidh go raibh cuid mhór daoine i gcónaí riamh sna Stáit a raibh teanga acu seachas an Béarla, nó le cois an Bhéarla.

Ar ndóigh, tá pobal uile na Stát Aontaithe á bhéarlú go leanúnach le cianta fada. Ní móide go raibh tacaíocht oifigiúil riamh le hilteangachas, cuma cé na teangacha.

Cothaíonn iolracht teangacha deacrachtaí praiticiúla do riarthóirí agus do dhaoine eile a fhreastlaíonn ar an bpobal, daoine ar nós seirbhísigh phoiblí, sagairt, lucht leighis agus ospidéal, etc.

Is é claonadh nádúrtha córas rialaithe an saol a shimpliú agus a chaighdeánú trí gach teanga a mhúchadh ach amháin an teanga 'oifigiúil'.

Uaireanta úsáidtear lámh láidir go hoscailte chuige sin. Uaireanta imríonn an t-údarás oifigiúil cluiche clisteachta le focail chun stádas teangacha a bheachtú agus chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu.

Is eol dom tír ina bhfuil sé cinn de theangacha éagsúla 'náisiúnta' agus teanga 'oifigiúil' amháin. Teanga chóilíneachta is ea an teanga 'oifigiúil' sin.

Dúradh liom go raibh sé i gceist ceann de na teangacha 'náisiúnta' a cheapadh ina theanga 'oifigiúil' ar ball. Inseoidh an aimsir.

Mheabhraigh an tír sin dom cás na hÉireann ó bunaíodh an Saorstát. Tá caint á déanamh le tamall fada anois i dtaobh a riachtanaí atá 'bille teanga', 'bille cearta teanga', srl. Más riachtanas ó thaobh dlí de atá i gceist is fada ó léirigh an Stát deifir ar bith chun soláthar don riachtanas sin.

Más riachtanas do shlánú na Gaeilge, d'athréimniú na Gaeilge é, ní léir práinn leis sin ach oiread. An té a bhfuil an creideamh láidir ann, tá cead aige a mhuinín a chur i reachtaíocht faoi mar a chuirtí muinín i mbunreachtaíocht.

Agus maidir le cearta a éileamh don Ghaeltacht, nuair nach bhfuil sainmhíniú sásúil ann ar airíonna agus ar shaintréithe Gaeltachta, ná ar theorannacha na Gaeltachta fiú amháin - is 'gad um gaineamh' sin dar liom é.

Ceist níos tromchúisí fós: an mbeidh an iolracht teanga agus cultúir atá ag tuileadh isteach in Éirinn ina hábhar tacaíochta go hindíreach ag teanga náisiúnta na hÉireann nó an mbeidh sí ina hábhar leithscéil ag riarthóirí an Stáit seo chun tuilleadh faillí a dhéanamh i gcás na Gaeilge de bharr 'deacrachtaí praiticiúla'?