Bealdath ar an gcupan

Beocheist: Le linn ré an chumannachais sa Pholainn ba bheag trácht a chloistí ar sheirbhís an chustaiméara ná an custaiméir …

Beocheist: Le linn ré an chumannachais sa Pholainn ba bheag trácht a chloistí ar sheirbhís an chustaiméara ná an custaiméir a shásamh.

Ba gheall le banríon í an freastalaí siopa nach gcuirfeadh deifir ná dithneas uirthi féin ar son aon duine, pé fada gearr a bhí sé ag feitheamh i scuaine, pé fuar te a bhí an aimsir.

Tá athruithe suntasacha tagtha ar chúrsaí ó thitim an chumannachais i 1989 ach is léir go bhfuil gnéithe den mheon sin fós faoi réim i roinnt siopaí agus bialann. Is mar sin a bhíonn sé sa teach itheacháin Karczma Slupska atá suite i gcathair Lublin, an chathair is mó in oirthear na Polainne.

Is bialann traidisiúnta é Karczma Slupska sa mhéid is gur beag athrú atá imithe ar an áit ó na na 1980í. D'aithneofaí ar na hoibrithe bialainne seo gur ag cur plátaí ar boird a bhí siad i bhfad sula ndearna an Pholainn athghabháil ar chóras polaitiúil daonlathach. Fágann sin nár mhaith an chiall do aon duine a mbeadh deabhadh d'aon shaghas air bualadh isteach chun na háite seo. Bia blasta a gheofar, ach ní le seirbhís ghasta, go háirithe muna cliant rialta tú.

READ MORE

Tharlódh go bhfreastalófaí ort a luaithe is do thóin buailte ar an mbinse adhmaid míchompordach ach dá phointeáilte a bhreacfaí síos an rogha béile is ea is faide a d'fhéadfaí bheith ag feitheamh leis. Nó seans go gcuirfí an chéadchúrsa - i bhfocal eile, anraith - os do chomhair amach gan mhoill ach ní luíonn sé le réasún na bialainne seo gur chomh tapaidh sin a leagfar súil ar an bpríomhchúrsa.

Tá cur amach agam ar dhaoine a chaith an méid sin ama ag feitheamh leis an mbille gur éirigh siad go fiamhach sa deireadh thiar thall agus d'fhág an áit gan aon airgead bheith íoctha acu.

Ní foláir nó nach rómhaith a bhí na prionsabail feithimh seo tuigthe ag custaiméir áirithe le déanaí. Tar éis roinnt nóiméad a chaitheamh ag bord gan bia d'éirigh sí go trodach agus bhain an doras amach ag béiceadh léi "go raibh maith agaibh a dhaoine uaisle, go tapaidh a dúirt mé".

Agus maidir le cóir a chur ar chustaiméirí, tá a dtuiscint féin acu ar an bhfeiniméan seo. Lá amháin bhí mé chun boird agus gan ach cruach forc romham. D'iarr mé scian ar an bhfreastalaí. "Nach féidir leat an dara forc a chur chun úsáide?" is ea an freagra a tugadh orm.

Agus má tá rialacha in aghaidh toitíní a chaitheamh gar d'áit ullmhaithe an bhia, dhealródh sé nach go ródhaingean a chuirtear i bhfeidhm iad sa chearn seo den Aontas Eorpach go fóill. Tharla uair nó dhó gur tháinig freastalaí amach as an réamhchistin agus rollóga deataigh á séideadh as a phoill sróine.

Is féidir deimhin a dhéanamh de nár rith sé liom a leithéid de rud is gearán a dhéanamh i ndiaidh dom cupán caife a fháil agus teimheal béaldatha ar an gcupán.

Ach ina ainneoin sin go léir bíonn an-éileamh ar an teach itheacháin seo. Cúis amháin leis seo ná gur daoine meánaosta iad formhór na gcustaiméirí agus iad chomh istigh sin ar an saghas seo freastail gur beag suntas a thabharfaidís do smearadh béaldatha ar chupán.

Ach cúis mhór eile é feabhas agus saoirse na beatha, go háirithe béile an lae a bhíonn le fáil idir a haon is a cúig a chlog ó cheann ceann na seachtaine ar chostas is lú ná €2. Ar an bpraghas seo faightear anraith, príomhchúrsa agus deoch tí a dhéantar as torthaí stofa.

Bia maith fónta a bhíonn le fáil i Karczma Slupska. Is leor an t-anraith chun an t-ocras a bhaint den alpaire is mó. Ní annamh prátaí agus ispíní nó cantaí móra feola is glasraí bheith istigh san anraith. Mar phríomhchúrsa bíonn sailéad beag, prátaí brúite agus feoil de shórt éigin - muiceoil is mairteoil na cinn is coitianta. Ní maith an áit an Pholainn don fheoilséantóir.

Ní ionadh nach mór an aird a thugtar ar na suíocháin mhíchompordacha agus bia chomh breá folláin sin le fáil sa bhialann Pholannach seo.