Bliain chinniúnach don Ghaeilge agus don chainteoir dúchais

NÍ hAON rúndiamhair é go mbíonn méid áirithe alt, tuairiscí, colún, léirmheasanna agus eagarfhocal réamhullmhaithe ag iriseoirí…

NÍ hAON rúndiamhair é go mbíonn méid áirithe alt, tuairiscí, colún, léirmheasanna agus eagarfhocal réamhullmhaithe ag iriseoirí do shéasúr na Nollag agus na hathbhliana.

Nuair a bhí an scríbhneoir seo mar eagarthóir ar nuachtán Gaeilge bhí dhá eagarfhocal ar leith a bhí an-úsáideach le linn an tséasúir seo: an t-eagarfhocal a thosaigh leis an líne “Níl aon amhras ach gur bliain chinniúnach don Ghaeilge a bhí sa bhliain seo caite...” agus an t-eagarfhocal a thosaigh leis an líne “Níl aon amhras ach gur bliain chinniúnach don Ghaeilge a bheidh sa bhliain amach romhainn...”

Ní raibh ar dhuine ach na fíricí a athrú beagáinín sna heagarfhocail shéasúracha seo agus d’fhéadfaí imeacht abhaile don turcaí agus do choinsias slán.

Mar chomh cinnte is a bhí tú beo ar éigean ba bhliain chinniúnach don Ghaeilge a bhí sa bhliain a bhí díreach caite agus bliain chinniúnach eile don Ghaeilge a bheadh sa bhliain a bhí le teacht.

READ MORE

Fógraímis anseo mar sin gur bliain chinniúnach don Ghaeilge a bheidh sa bhliain 2010, nó “Bliain 1 (2010) Céim an Bhunaithe” mar a thugtar uirthi sa dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge a d’fhoilsigh an Rialtas i mí na Samhna, 2009.

Ach sura dtabharfaimid aghaidh ar “Bliain 1 (2010) Céim an Bhunaithe” b’fhearr dúinn filleadh ar dtús ar rud éigin a scríobhadh faoin straitéis ar an nuachtán seo ag deireadh na bliana seo caite.

San alt “Drastic steps needed to save native-spoken Irish”, a foilsíodh ar an 29ú Nollaig, 2009, bhí an méid seo le rá ag Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin: “The draft, however, suggests bilingualism as the solution, when it has been scientifically indicted by linguists for generating pervasive language death.”

Sinne a bhíonn cráite go síoraí ag bualadh clog na cinniúna bhain an líne seo siar asainn, go háirithe agus Ó Giollagáin ar dhuine d’údair an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007, cáipéis ar a bhfuil cuid mhaith den straitéis in ainm is a bheith bunaithe.

Ach ba mhó fós an croitheadh a bhain mo bheirt as clog na cinniúna sa líne seo a leanas:

“The main danger of the current draft strategy is its strong potential to camouflage the transformation of Irish native-speaking communities into a community of learners of Irish.”

Nó i bhfocail eile, tá an baol ann go ndéanfaidh straitéis 20 bliain na Gaeilge an cainteoir dúchais a íobairt ar altóir an dátheangachais ar mhaithe le saghas Gairdín Pharthais Gaeilge de 250,000 foghlaimeoir a chruthú.

Ó tharla gur duine é an cainteoir dúchais a bhfuil ardmheas agam air agus ó tharla nach mbeinn á scríobh seo dá uireasa, dheineas cuardach focal ar an straitéis féachaint cad a bhí ráite inti faoi.

Faic in aon chor. 15,062 focal ar fad atá sa dréachtstraitéis ach níl tásc na tuairisc ann ar an “gcainteoir dúchais” (dealraíonn sé gur focail shalacha iad “dúchas” agus “dúchasach” araon).

Ach cad a d’imigh ar an gcainteoir dúchais, duine go mbíodh an chaint go deo air i dtuarascálacha fadó? An é sin ansin é agus “duine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais” déanta de?

NÓ AN é sin thall sa chúinne é agus é caite isteach go neamhscrupallach i measc na gcainteoirí “gníomhacha Gaeilge”, leis na daltaí Gaelscoile, na Gaeilgeoirí gairmiúla agus na réaltaí teilifíse dátheangacha?

Mheasfá go raibh níos mó ná sin tuillte aige.

“Le leathnú a chur ar an nGaeilge caithfear ‘normalú’ a dhéanamh,” a deir an straitéis go neamhbhalbh. Tá go maith, ach is léir go bhfuil an cainteoir dúchais bocht mar chuid den damáiste comhthaobhach a leanann an proiséas normalaithe seo.

Agus más fíor do na saineolaithe thuasluaite tá an baol ann go mbeidh an cainteoir dúchais chomh “normalaithe” sin go n-imeoidh sé de dhroim an tsaoil muna dtagann athrú suntasach ar an dréachtstraitéis chun cúram speisialta a dhéanamh dá threabh dearmadta.

Tá beartais áirithe sa dréachtstraitéis a dhéanann cás ar leith don chainteoir dúchais Gaeltachta (mar a thugtaí tráth ar dhuine ón nGaeltacht a raibh Gaeilge ó dhúchas aige).

Ach dar le Ó Curnáin agus Ó Giollagáin níl a dhóthain ann chun idirdhealú a dhéanamh idir “the diverse needs of two distinct speech communities, ie speakers of Irish as a first language on the one hand, and learners or speakers of Irish as a second language on the other”.

B’fhéidir nach luíonn caint mar seo leis an bhfís fhaiseanta den Ghairdín Pharthais Gaeilge de 250,000 foghlaimeoir agus gach aon duine ann go sona sásta ag foghlaim óna chéile. Ach is ag dul ó thigh an diabhail go tigh an deamhain atáimid má thugtar cluas bhodhar d’argóintí Uí Ghiollagáin agus Uí Churnáin.

Tá cuid mhaith atá fiúntach agus cuid mhaith atá le moladh sa straitéis ach tá laigí éagsúla inti leis. Tá na laigí agus na buanna seo sonraithe go maith ag an Dr. John Walsh ina alt cuimsitheach ar an straitéis ar beo.ie.

Tá anailís déanta leis ag Walsh ar mholtaí agus ar thuairimíocht na saineolaithe idirnáisiúnta a chuir tuarascáil ar fáil don Rialtas a chabhraigh leis an straitéis a ullmhú.

Dar le Walsh go raibh na saineolaithe amhrasach go maith faoi fhís uaillmhianach an Aire go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais faoi 2030.

Tugann Walsh le fios go ndeirtear i dtuarascáil na saineolaithe “nach bhfuil faisnéis shochtheangeolaíoch ar fáil faoi láthair a thacódh le tuar dá leithéid”.

Idir an dá linn, tá faisnéis shochtheangeolaíoch ann go bhfuil an Ghaeltacht ar leaba a báis. Le go dtiocfaidh sí slán caithfear féachaint arís ar an soláthar sa straitéis don chainteoir dúchais.

Tá deis fós ann leasuithe a chur i bhfeidhm ar an straitéis agus chuige sin tá ábhar maith díospóireachta curtha ar fáil ag leithéid Walsh agus ag Ó Giollagáin agus Ó Curnáin.

Ní gá go n-aontófaí go hiomlán lena moltaí siúd ach is fiú seasamh leo agus bliain chinniúnach mhaith a ghuí ar an gcainteoir dúchais Gaeltachta.

Tá ár mbuíochas tuillte aige agus is beag foghlaimeoir nach bhfuil caidreamh fónta éigin aige leis an gcainteoir dúchais. Mar a deir Ó Curnáin agus Ó Giollagáin ní féidir é a bheith ina ghruth agus ina mheadhg againn.

Mar nuair a iompaíonn teanga ina teanga d’fhoghlaimeoirí amháin ní fada go dtosaíonn líon na bhfoghlaimeoirí ag dul i léig.

I ndiaidh tamaill eile ní bhíonn fágtha mar fhoghlaimeoirí ach an scoláire agus an staraí. Ná fágaimis fúthu siúd breithiúnas a thabhairt ar straitéis 20 bliain. Táimid ag ground zero na Gaeilge arís. Seans gurb í “Bliain 1 (2010) Céim an Bhunaithe” an bhliain is cinniúnaí fós.

anailís analysis – athrú change – breithiúnas judgment – cainteoir dúchais native speaker – cinniúnach fateful – cuimsitheach comprehensive – dréachtstraitéis draft strategy – foghlaimeoir learner – íobairt sacrifice – saineolaí expert – suíomh site – taighde research – todhchaí future – uaillmhianach ambitious