Blianta an chogaidh

CROBHINGNE: IS DEACAIR cuimhneamh siar anois agus a shamhlú gur tharla sé in aon chor

CROBHINGNE:IS DEACAIR cuimhneamh siar anois agus a shamhlú gur tharla sé in aon chor. Tá deich mbliana anois ann ó chuaigh an Stát seo chun cogaidh leis an Vatacáin agus níl mórán curtha ar breacadh. Ní raibh an chuma air go n-éireodh an t-aighneas chomh géar sin agus chomh mear céanna.

Thosnaigh sé le ráiteas reitriciúil a dhein an Taoiseach a bhí ann san am, Enda Kenny, á thabhairt le fios go raibh an Suí Naofa gan a bheith cuiditheach sna fiosruithe a bhí ar bun timpeall ar dhrochíde leanaí Éireannacha ag cléir na hEaglaise. Cheap tráchtairí na linne, de réir fianaise na nuachtán, agus foinsí iontaofa eile ar nós Google agus Twitter, go dtabharfaí buille rámhainne do Nonsensius an Phápa, nó ar a mhéid ar fad, go gcuirfí abhaile é lena eireaball ar sileadh. Ach nuair a d’fhreagair an Vatacáin le buille bachaille níorbh fhada gur chuaigh an scéal in aimhréidh.

Malartaíodh maslaí ar feadh tamaill a chuir a chéile ar neamhbhrí. D’áitigh an Rialtas gurbh é an Pápa a thug an tír seo do na Sasanaigh an chéad lá riamh, agus d’fhreagair an Pantifix Miximus nach raibh ionainn ach “Poblacht Phráta” ar aon nós. Is in olcas a chuaigh sé ina dhiaidh sin.

Is nuair a theip ar an euro agus gurbh éigean dúinn an punt glas a athbheochan sa bhliain 2012 a smaoiníodh ar sheifteanna eile. Bhí na Polannaigh ar fad imithe abhaile faoi seo, agus b’éigean d’Éireannaigh obair i mbialanna arís agus a lámha a shalú ar bhóithre. Ina ainneoin sin, bhí an dífhostaíocht fós ag méadú agus cuireadh seirbhís mhíleata éigeantach i bhfeidhm d’fhonn na sluaite a choimeád ó chúinní na sráideanna agus ó fhuinneoga Thí Laighean.

READ MORE

De réir na bpáipéirí rúnda a scaoil státseirbhíseach coinsiasach amháin amach ar phraghas ard, b’é an tAire Veruca a chuir an dá chuid le chéile. “Nuair atá arm mór agat,” ar seisean, “pobal corrathónach agus ganntanas airgid, cad a dhéanann tú?” Thóg sé tamall ar chuid de na hairí eile a thuiscint cad chuige a bhí sé.

“Cé mhéid saighdiúir atá ag an bPápa?” d’fhiafraigh an Flannagánach, á dhearmad gur ridire de chuid an Phápa ba ea a athair tráth, agus gur dócha go raibh an freagra le fáil i dtarraiceán éigin ina theach.

“Tá an Garda Eilvéiseach aige,” arsa Siobhán Brutón, a thuig rud éigin faoi chúrsaí stíle.

“Agus tá halbaird acu,” arsa an Giolla Mór, a raibh spiairí aige i dtíortha éagsúla.

“Agus gan aon rud mar sin againne,” arsa an tAire Cogaidh, agus mar iarsmaoineamh, “cad iad ar aon nós?”

“Saghas pící,” adúirt an tAire Ceoch, arbh as Loch Garman dó, agus ar chuimhin leis tionscnamh a dhéanamh sa bhunscoil ar éirí amach éigin áitiúil.

B’é an chéad chor eile ná teacht ar leithscéal, mar ní féidir dul chun cogaidh gan leithscéal éigin a bheith agat. Smaoinigh duine éigin ar WMDeanna, ach bhí seanbhlas orthu sin mar leithscéal. Fuarthas an lom chuca nuair a d’fhógair an Vatacáin feasta go mbeadh cáin bhreise ar onnmhuiriú “Srón an Phápa” agus ar Chateauneuf du Pape chun na hÉireann.

B’éigean plé fada a dhéanamh ar phleanáil an ionsaithe. Cé go raibh mórtas á dhéanamh ag Rialtas na hÉireann as traidisiún míleata na tíre le deich mbliana roimhe sin, nuair a déanadh taighde ar an scéal, fionnadh gurbh oifigigh eachtrannacha is mó a bhíodh os cionn saighdiúirí sin na hÉireann.

Léiríodh, leis, nach raibh taithí ag na saighdiúirí úd ar ionradh a dhéanamh ar chathracha suas is anuas le háiteanna ina raibh gaineamh, agus camaill, agus daoine a raibh tuáillí ar a gcloigeann.

Is ar an gcúis sin, agus easpa paraisiút, a cinneadh ar gan ionsaí a dhéanamh ón aer. B’fhearr dul ar oilithreacht, óir ní mhúsclódh cúpla míle Éireannach sa chathair naofa aon amhras faoi leith.

Cheapfaí gur scátha fearthainne a bhí sna gunnaí faoina gcótaí móra. Measadh, chomh maith, gurbh fhearr gan aon fhógra a thabhairt mar d’fhoghlaim siad de neart nóis ón Suí Naofa conas ab fhearr nithe a dhéanamh i ngan fhios.

Bhí an gabháltas déanta laistigh d’achar faoistine linbh. Leath na súile orthu nuair a chonaic siad an saibhreas.

“Féach, féach an t-ór, na cailíseanna, na seoda, agus féach an tsíleáil seo lasnairde a dhein, cad is ainm dó, Mícheál éigin, Mícheál Áth na Bó! Cad a gheobhaimis air ar an margadh?”

“Go leor chun ár bhfiacha a ghlanadh ar aon nós. Ach cad a dhéanfaimid leis an bPápa?”

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar