Cara liom sa Tuaisceart, bean ar múinteoir díograiseach í agus a oibríonn i scoil ar ábhar roghnach í an Ghaeilge, a insíonn an scéal céanna dom bliain i ndiaidh bliana agus í ag iarraidh daltaí a ghríosú le staidéar a dhéanamh ar an teanga: "Deir siad i gcónaí gurbh fhearr dóibh Fraincis nó thiocfadh leo í a úsáid san Aontas Eorpach."
Ar ndóigh, is beag duine acu a dhéanann ach is í an íomhá is tábhachtaí sa chás seo - is í an easpa sin a bhaineann leis an Ghaeilge ar bhonn idirnáisiúnta a chuireann na daltaí - nó a dtuismitheoirí go minic - ó dhoras. Beidh an scéal céanna ag go leor múinteoirí sa Stát seo.
Táthar ann a chreideann go hionraice go gcúnglódh an Ghaeilge rogha fostaíochta a bpáistí agus soláthraíonn stádas na teanga san Aontas Eorpach an leithscéal cuí dóibh.
Ach an mbeidh an leithscéal sin acu mórán níos faide? Chuir Stádas, brúghrúpa de chuid Chonradh na Gaeilge, aighneacht faoi bhráid an Fhóraim Náisiúnta um an Eoraip an tseachtain seo caite. Thug an aighneacht le fios gur cheart teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san Aontas Eorpach.
Thacaigh ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, leis an éileamh; Micheál D. Ó hUiginn de chuid Pháirtí an Lucht Oibre leis; thacaigh Bairbre de Brún de chuid Shinn Féin leis; Deirdre de Búrca de chuid an Chomhaontais Ghlais; Joe Higgins de chuid an Pháirtí Shóisialaigh agus Seán Ó Neachtain, feisire parlaiminte san Eoraip de chuid Fhianna Fáil.
Leoga, thacaigh, ar bhonn pearsanta, cathaoirleach an Fhóraim, an Seanadóir Maurice Hayes, leis an éileamh.
Agus tú ag léamh an phreasráitis a d'éisigh Stádas i ndiaidh an chruinnithe agus ó bheith ag caint le baill de chuid an ghrúpa, mothaíonn tú, bhuel, mothaíonn tú alltacht agus iontas orthu gur éirigh chomh maith sin leo.
Go dtí an tseachtain seo caite féin, feachtas ciúin a bhí ann. Chuir dhá eachtra an lasóg sa bharrach - clár de chuid Pat Kenny a thug deis do mhuintir Stádas a gcás a chur sa teanga oifigiúil eile sin, Béarla, agus an aighneacht féin a rinne muintir an eagrais ag an Fhóram.
Ní thiocfadh leis an bhrúghrúpa tacaíocht pholaitiúil níos fearr a fháil; tá réimse iomlán polaiteoirí agus páirtithe ag tacú leo go poiblí.
Ag Bairbre de Brún an achoimre is fearr ar an chéad chéim eile. Ar sise i bpreasráiteas: "Níl de dhíth chun aitheantas iomlán a fháil don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ach toil pholaitiúil ó thaobh Rialtais s'againn féin de. Beidh an tAontas Eorpach sásta stádas teanga oifigiúil a thabhairt ach Rialtas na hÉireann é a lorg."
Ach é a lorg. An ndéanfaidh an Rialtas amhlaidh agus, muna ndéanann, an mbeidh sé de ghus i Stádas ábhar toghcháin a dhéanamh den diúltú?
Bhí easaontóir amháin ann, Proinsias de Rossa, MEP de chuid Pháirtí an Lucht Oibre.
Agus é ag caint le Lá, thug sé le fios nach dtacódh sé leis an fheachtas ach nach gcuirfeadh sé ina éadan ach an oiread: "B'fhearr don Rialtas, áfach, téascleabhair a chur ar fáil do scoileanna sa Ghaeltacht ná bheith ag brú a leithéide seo.
"Dallamullóg atá i gceist. Bheadh bonn níos fearr faoin fheachtas seo dá labhródh gach Teachta Dála Gaeilge sa Dáil nó fiú dá labhródh gach feisire Eorpach de chuid na hÉireann i nGaeilge sa pharlaimint Eorpach."
Ar ndóigh, ní hiad an Rialtas atá ag brú an fheachtais chun cinn agus ní leithscéal é an feachtas céanna gan Gaeilge a chur ar théacsleabhair.
Tá an ceart aige imní a léiriú nach dtacaíonn níos mó polaiteoirí leis an teanga sa Dáil agus i bhfóraim phoiblí eile. Faoi na heagrais atá sé beart nua a cheapadh leis sin a ghríosú gan amhras.
Níl an feachtas seo buaite ag Stádas go fóill ach is dea-chomhartha é gur éirigh le heagras chomh marbhánta leis an Chonradh an oiread seo tacaíochta agus poiblíochta a ghiniúint. Tá dé sa dineasár go fóill, is cosúil.
(An mbeidh an fuinneamh céanna iontu tabhairt faoin Rialtas, abair, gníomhú níos gaiste ar mholtaí Choimisiún na Gaeltachta nó ollscolaíocht Ghaeltachta a bhrú chun cinn?)
Agus é ag caint in aois eile, dúirt Charles Stuart Parnell, duine de na polaiteoirí parlaiminte ba chumasaí a mhair in Éirinn: "No man has the right to set a boundary to the onward march of a nation. No man has the right to say: 'Thus far shalt thou go, and no further'."
Is é an scéal céanna le teanga é.