Bua TG4

TUGADH MÓRCHUID poiblíochta roimhe agus ina dhiaidh don díospóireacht teilifíse i nGaeilge ar TG4 idir triúr ceannairí na bpríomhpháirtithe…

TUGADH MÓRCHUID poiblíochta roimhe agus ina dhiaidh don díospóireacht teilifíse i nGaeilge ar TG4 idir triúr ceannairí na bpríomhpháirtithe, Dé Céadaoin seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is fada ó chuala mé an oiread sin Gaeilge ar RTÉ agus a chuala mé maidin Dé hAoine agus athchraoladh á dhéanamh ar shleachta aisti ar chláracha éagsúla. Níor bheag ach oiread an clúdach a fuair sé sna meáin chlóite, sa pháipéar seo ach go háirithe.

Agus lucht féachana de 408,000 don chéad chraoladh den díospóireacht agus 175,000 don athchraoladh agus 10,000 ar líne ba mhór an bua é don stáisiún agus don láithreoir Eimear Ní Chonaola a bhog an díospóireacht ar aghaidh go cumasach, gan drogall uirthi brú a chur ar an triúr a ceisteanna a fhreagairt.

Den triúr, mheas mé gurbh é ceannaire an Lucht Oibre, Eamon Gilmore, ab fhearr ó thaobh reitrice agus chur i láthair de. B’fhórsúil an t-ionsaí a rinne sé ar pholasaí eacnamaíochta Fhianna Fáil agus é ag cur ina leith go raibh an “tír scriosta” acu, ach shíl mé nach raibh an oiread sin substainte ina raibh le rá aige.

READ MORE

Ba léir go raibh a chuid obair bhaile déanta ag Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, ar chúrsaí eacnamaíochta mar bhí na figiúirí go pras aige. Bhí gothaí an cheannaire air cheana féin agus é ag tagairt don chuairt a thug sé ar Angela Merkel agus don rún a bhí aige an “drochmhargadh” a rinneadh leis an Aontas Eorpach agus leis an IMF a athrú. Ach bhí sé thar a bheith lag ag cosaint pholasaí Fhine Gael an Ghaeilge bheith ina hábhar roghnach don Ardteistiméireacht.

Rinne ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, cosaint chróga ar ionsaithe na beirte eile maidir leis an socrú a rinne a pháirtí le Anglo-Irish Bank agus chuir a thaithí mar aire rialtais ar a chumas labhairt go húdarásach faoi chúrsaí fostaíochta, talmhaíochta, turasóireachta agus tábhacht na Gaeilge sa chóras oideachais.

Bhain an chuid ba spleodraí agus ba bhríomhaire den díospóireacht le polasaí Fhine Gael faoin Ghaeilge. Shílfeadh duine go mbeadh a obair bhaile déanta níos fearr ag Kenny ar an cheist seo agus é ag labhairt le lucht féachana TG4. Nach bhfuil a fhios aige go bhfuil mórathrú déanta cheana chun na marcanna don scrúdú béil a ardú?

Is beag sólás a thabharfadh sé do mhná tí na Gaeltachta, a bhfuil imní orthu go ndúnfaí na coláistí samhraidh, go bhfuil Kenny chun iniúchadh a dhéanamh ar sheasamh na Gaeilge sna meánscoileanna sula gcuirfí an polasaí i bhfeidhm. Scóráil Martin pointe maith nuair a dúirt sé nach raibh aon taighde saineolach déanta ag Fine Gael ar an cheist.

Ní fhéadfainn a rá go raibh aon bhuaiteoir sa díospóireacht seo ná gur thug sí ar aon duine a aigne a athrú faoin dóigh le vótáil Dé hAoine. Mar sin féin, is údar mórtais é go bhfuil triúr ceannairí ann a bhfuil ar a gcumas cúrsaí an Stáit a phlé i nGaeilge agus is mór an trua nach mbíonn díospóireacht mar í ar siúl ó am go chéile i nDáil Éireann.