Buntaiste

Buntáiste an-tábhachtach eile a bhí ag an stáisiún ná an tacaíocht speisialta a fuair sé ón gcóras polaitiúil.

Buntáiste an-tábhachtach eile a bhí ag an stáisiún ná an tacaíocht speisialta a fuair sé ón gcóras polaitiúil.

Le 20 bliain anuas tá fás ollmhór tagtha ar bhuiséad na gclár agus ritheadh reachtaíocht a bhí rí-bhuntáisteach don stáisiún.

Rinne an tAcht Craolacháin i 1991 ina stáisiún é; ansin in 1996 tugadh cead dó seirbhís thrádála S4C Digitial Networks (SDN) a chur ar bun; agus, níos tábhachtaí ná aon rud eile, bhronn an rialtas Coimeádach deontas ar an stáisiún a d'fhásfadh go bliantúil de réir foirmle san Acht céanna. Chuige sin, tabharfaidh an rialtas beagnach (Stg) £100 milliun don stáisiún in 2003.

Chun méid an deontais sin a chur i gcomhthéacs, faigheann RTÉ thart faoin méid céanna ón gceadúnas in aon bhliain amháin. Agus cé go bhfuil gaol maith idir TG4 agus S4C, agus oibríonn go leor léiritheoirí neamhspleácha ón dá thír Cheilteacha le chéile ar chláracha, léiríonn an figiúr sin ollmhéid na bearna atá eatarthu ó thaobh airgeadú de agus an aeráid ina mbíonn siad ag feidhmiú.

READ MORE

Úsáideann S4C an deontas a fhaigheann sé chun 2,400 uair as Breatnais a chur le chéile, rud a fhostaíonn go díreach nó go hindíreach 1,480 duine agus a chuireann £33 milliún in eacnamaíocht na tíre. Agus le cúrsaí airgeadais chomh sláintiúil sin is féidir le S4C conarthaí dhá bhliana a thabhairt do chomhlachtaí neamhspleácha áirithe.

De bhrí na sábháilteachta sin is féidir leis na comhlachtaí sin pleanáil a dhéanamh. Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil léiritheoirí cláracha an Bhéarla in éad leo.

Ach tá a fhios ag S4C go gcaithfidh sé súil a choimeád ar an todhchaí digiteach. Chuige sin, caitheann se beagnach 10 milliún punt in aghaidh na bliana ar chláracha digiteacha agus ar straitéis a fhorbairt. Mar shampla, measann siad go bhfuil leathmhilliún cainteoir Breatnaise lonnaithe taobh amuigh den Bhreatain Bheag agus sheol siad 30,000 litir chuig síntiúsóirí Sky ag cur in iúl dóibh go raibh an tseirbhís Breatnaise ar fáil saor in aisce.

Tá S4C ag tnúth le titim mhór ar a lucht feáchana i ndiaidh 2006 nuair a bheidh an stáisiún ag craoladh i mBreatnais amháin den chéad uair. Nuair a thosaigh an stáisiún nua ag craoladh in 1982 ba é an ceathrú stáisiún ar an aer sa Bhreatain é. Anois tá idir 50 agus 100 stáisiún le fáil. Ní haon ionadh mar sin go bhfuil titim áirithe aimsithe cheana féin.

Ach de bharr nach bhfuil an stáisiún sásta leis an gcóras bailiúcháin atá ag BARB (Broadcasters' Audience Research Board) - ceapann siad nach bhfuil dóthain Breatnaiseoirí ar an bpainéal acu agus ní fhoilsíonn siad a bhfigiúrí - níl a fhios againn cé chomh mór is atá an titim sin.

Agus tá an aeráid fhabhrach pholaitiúil a bhí ag S4C i mbaol chomh maith. Nuair a tháinig Páirtí an Lucht Oibre agus Tony Blair i gcomharbacht ar na Tóraithe in 1997 chinn sé reifreann na déabhlóide a rith athuair. An tráth seo d'éirigh leis: 559,419 (50.3 faoin gcéad) i bhfabhar agus 552,698 (49.7 faoin gcéad) ina choinne. Tháinig borradh faoin náisiúnachas sa tír agus tháinig an Tionól le chéile den chéad uair ar 12ú Bealtaine, 1999.

Bhunaigh S4C stáisiún digiteach faoi leith, S4C2, le tuairisciú beo a dhéanamh ón bparlaimint. Ní chraoltar, áfach, ach feisirí le Breatnais, polasaí a chuir fearg ar leithéid Martyn Jones, ball Tionóil de chuid an Lucht Oibre ó dheisceart Clwyd.

Chuir sé i leith an stáisiúin le déanaí go raibh cinedheighilt teangeolaíochta ar bun acu.