Cad chuige ar druideadh an Institiuid?

Cé go bhfuil gealltanais tugtha ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta d'Institiúid Teangeolaíochta Éireann (ITÉ) maidir le leanúnachas…

Cé go bhfuil gealltanais tugtha ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta d'Institiúid Teangeolaíochta Éireann (ITÉ) maidir le leanúnachas ar na cúraimí taighde a bhí ar an institiúid, ní léir go bhfuil plean ar bith acu a chinntiú go leanfar leis na seirbhísí a bhí ITÉ ag cur ar fáil do mhúinteoirí agus d'eagrais teanga, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tugadh fógra scoir do bhaill foirne ITÉ ag tús na míosa seo agus cuireadh tús le próiseas leachtú deonach sochmhainneach (solvent voluntary liquidation). Tá go dtí an Luan 9ú Feabhra acu siúd atá ag obair ar thionscadail in 31 Plás Mhic Liam, Baile Átha Cliath, bailchríoch a chur orthu.

Le breis agus 30 bliain tá ITÉ ag cur comhairle, bunaithe ar thaighde, ar fáil don Stát, le béim ar leith ar an Ghaeilge. Bhí áiseanna na leabharlainne, ina bhfuil bailiúchán luachmhar de leabhair, irisí léannta agus shaothair taighde, ar fáil, saor in aisce, d'aon duine a chuir suim iontu.

Cúis mhór imní don fhoireann a laghad eolais atá tugtha dóibh go dtí seo faoina bhfuil i ndán dóibh féin agus don leabharlann. Ní raibh ar chumas na Roinne aon eolas a thabhairt do Thuarascáil faoi na socruithe atá déanta chun malairt fostaíochta a chur ar fáil do na baill foirne mar nach raibh "freagra faighte ar ais acu ó na heagrais a raibh siad ag plé leo".

READ MORE

Tuigtear go raibh ionadaithe ón Roinn i dteagmháil le hinstitiúidí acadúla éagsúla féachaint an bhféadfaidís áiseanna taighde a chur ar fáil do chuid de na baill foirne.

Ach fiú dá bhfaighfí poist do gach duine den 25 atá ar an fhoireann, ní bheadh sé furasta dóibh leanúint lena gcuid taighde agus iad scaipthe in ionaid éagsúla mar is i gcomhar le chéile a bhí cuid mhór den obair ar siúl acu go dtí seo.

Maidir leis an leabharlann, dúirt an Bráthair Ó Nualláin, a bhí ina chathaoirleach ar an choiste feidhmiúcháin a rinne an cinneadh ITÉ a leachtú, gur faoin Roinn atá sé a shocrú cad a dhéanfaí léi: "Níl feidhm leis an gcoiste feidhmiúcháin níos mó."

Dúirt urlabhraí Roinne go raibh "socruithe á ndéanamh chun an leabharlann a aistriú".

Cuideachta faoi theorainn rathaíochta gan scairchaipitil ab ea ITÉ agus cé gurbh é an chuideachta féin a rinne an cinneadh tús a chur le próiseas leachtaithe ag cruinniú úrghnách i mí Iúil 2003, tá an chuma air go raibh beartaithe ag an Roinn deireadh a chur le maoiniú i bhfad roimhe sin.

Nuair a d'imigh beirt thaighdeoirí shinshireacha, Dónall Ó Baoill agus Diarmaid Ó Sé, go poist eile níor tugadh cead na folúntais a líonadh. Bhí coiste na cuideachta gan cathaoirleach ó d'éirigh Liam Mac Mathúna as an phost dhá bhliain ó shin. Faoin Aire atá sé cathaoirleach nua a cheapadh. Bhí an fhoireann gan stiúrthóir ó mhí Dheireadh Fómhair 2002 agus níor ceadaíodh stiúrthóir nua a cheapadh.

Mí Bealtaine seo caite nuair a thogh na baill foirne Pádraig Ó Riagáin chun bheith mar ionadaí acu ar an choiste feidhmiúcháin níor tugadh cuireadh dó bheith i láthair ag cruinnithe, rud a chiallaigh nach raibh ionadaí ar bith ag an fhoireann ar an choiste nuair a rinneadh an cinneadh ITÉ a dhúnadh.

Go dtí seo, níl míniú sásúil faighte ag an fhoireann maidir le cén fáth go ndearnadh an cinneadh. I bpreasráiteas a d'eisigh an Roinn dúradh go ndearnadh iniúchadh fiúntas airgid (value for money study) ar ITÉ agus gur mhol comhlacht comhairleoireachta neamhspleách atheagrú a déanamh ar an obair.

Ní féidir cur as an áireamh, áfach, go raibh baint ag an chonspóid mar gheall ar líomhaintí bullaíochta leis an chinneadh ITÉ a dhúnadh. Dhiúltaigh an Bráthair Ó Nualláin aon rud a rá faoin chonspóid.

Tá go leor d'fhoireann ITÉ den tuairim go bhféadfaí na deacrachtaí inmheánacha a réiteach ach an toil bheith ann chuige. I gcás institiúidí stát-urraithe eile ina raibh aighneas tionsclaíochta ag cur isteach ar an obair cuireadh státseirbhísigh shinsireacha isteach chun é a réiteach.

Tá dúnadh ITÉ cáinte ag eagrais éagsúla sa tír seo agus thar lear, ina measc Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Dúirt uachtarán an eagrais sin, Máire Ní Laoire, gur áis mhór do mhúinteoirí teanga an taighde a bhí ar siúl in ITÉ agus gur "deacair a thuiscint cad a bhí taobh thiar den chinneadh an oiread sin de shaineolas, de chaipitil dhaonna agus chaipitil intleachtúil a scaipeadh".