Cad e an leigheas ata ar dhrochiomha Fhine Gaeilge?

Don té ar spéis leis cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ba dhoiligh an chodarsnacht a sheachaint

Don té ar spéis leis cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ba dhoiligh an chodarsnacht a sheachaint. Den chéad uair riamh, bhí tráchtaireacht chuimsitheacht náisiúnta le fáil ar raidió, ar theilifís agus ar nuachtáin i nGaeilge ar olltoghchán sa Stát seo.

Ach in ainneoin gur aimsigh na meáin Ghaeilge iriseoirí, tráchtairí agus, leoga, fiú polaiteoirí, le buille faoi thuairim a thabhairt ar a raibh ag tarlú, ba léir nach raibh an teanga a bhí in úsáid acu lárnach do nó bainteach le gné ar bith den toghchán.

Bhí an meán féin - an Ghaeilge - ábalta ag béarlagair an toghcháin ach, ar ócáidí agus an colúnaí seo ag scimeáil leis idir RTÉ agus TG4, bhí sé cosúil le bheith ag amharc agus ag éisteacht le himeachtaí i dtír eile.

Labhraíonn muintir Oileán Thoraí faoi dhul go hÉirinn agus iad ag dul go tír mór. B'ionann é agus an clúdach a rinneadh i nGaeilge ar an olltoghchán - chuaigh muid go hÉirinn ach níor bhain Éire - nó RTÉ - leis an Ghaeilge.

READ MORE

Gníomh ollmhór aistriúcháin a bhí ar siúl ag na meáin. Éacht a bhí ansin. Ach cá mhéad bliain eile gur féidir an t-éacht a dhéanamh arís? Ba léir rud amháin le trí seachtaine anuas, neamhábhar toghcháin a bhí sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Níor luadh ceachtar den dá ábhar. Ní chailltear vótaí dá mbarr. Ní bhaintear vótaí dá mbarr.

Cad é a bheidh i ndán don neamhábhar seo faoin seanRialtas nua? An dúshlán a bheidh roimh na heagrais - arís - an teanga a chur ar an chlár polaitiúil agus splanc éigin a chur sa scéal ar bhonn náisiúnta. An dúshlán a bheidh roimh an Rialtas obair fhiúntach leanúnach a chur sa siúl. Níl an bunábhar in easnamh orthu.

Ó thaobh na Gaeltachta de, tá gá le gníomhú agus sin go luath. Tá Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta le seoladh go hoifigiúil ar ball. Is faoi na heagrais Ghaeilge atá sé tábhacht na tuarascála seo a chur ar a shúile don Rialtas. Mura ndéanann, ligfear an obair le sruth agus glacfaidh an Rialtas go fonnmhar le moill ar bith ar féidir leo a ghnóthú.

Beidh obair mhór roimh Fhoras na Gaeilge fosta. Tá deireadh, faoi láthair, leis na deacrachtaí polaitíochta a chiap é ón lá ar bunaíodh an t-eagras. Thar aon ghrúpa eile, beidh ar an Fhoras a chruthú go bhfuil sé inchurtha leis na dúshláin chomhaimseartha. Is é an t-eagras is saibhre agus is cumhachtaí Gaeilge dá bhfuil ann, dá raibh riamh ann. An mbeidh sé ábalta ceannasaíocht éifeachtach a thabhairt? An seasfaidh sé leis an Rialtas nó leis an phobal?

Tá ról Údarás na Gaeltachta le plé fosta. Tá mórán daoine den bharúil gur cheart go mbeadh ról níos lárnaí ag an Údarás i gcúrsaí teanga seachas i gcúrsaí tionsclaíochta. An ndéanfar é?

Tá pleananna ann le hollscoil Gaeltachta a bhunú. Tá cuid den obair sin curtha i gcrích cheana féin ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Dhéanfadh a leithéid cinnte de go mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil ón bhunscoil go dtí an tríú leibhéal.

An bhfuil an cumas ann an acmhainn a lorg ón Rialtas agus deimhniú de go mbeidh glúnta de chéimithe oilte le fáil d'fhorbairt na teanga?

Tá ceisteanna ann faoi chúrsaí oideachais. Is mór an náire é go bhfuil daltaí Gaeltachta ag foghlaim as téacsleabhair Bhéarla. Cearta bunreachtúla, cá bhfuil sibh?

Caithfidh an Rialtas an acmhainn chuí a chur ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Fadálach go leor a bhí an Rialtas ag bunú na comhairle céanna. Dá mbíodh an mhoill chéanna i gceist le tacaíocht riachtanach fhadtéarmach a chur ar fáil, chothódh sé deacrachtaí móra.

TÁ ceist na teanga i mbunscoileanna agus i meánscoileanna Béarla ann. Is í seo an cheist is achrannaí den iomlán. Is léir go bhfuil iarrachtaí ar siúl le fada céim síos a thabhairt don teanga sna réimsí seo. Leanfar de na hiarrachtaí sin sna blianta romhainn.

Níl de straitéis ag lucht na Gaeilge sa chás seo ach diúltú do na héilimh leanúnacha a dhéantar. Téann siad i muinín ionsaithe ar dhaoine as bheith "frithGhaelach".

Ní leor de pholasaí é seo. Caithfidh oideachasóirí agus eagrais teanga straitéis agus polasaí níos gníomhaí a cheapadh. An bhfuil an t-am ann cúlú ón Ghaeilge do chách agus roghanna eile a chur ar fáil?

D'fhéadfaí tabhairt ar scoileanna Béarla, abair, sruthannna Gaeilge a chur ar fáil do pháistí ar spéis leo an teanga a fhoghlaim, córas tumoideachais sa bhreis amach ó na gaelscoileanna traidisiúnta.

Nárbh fhearr daltaí agus tuismitheoirí ar mór leo an teanga a mhealladh, an dea-shampla agus an fiúntas a bhaineann le foghlaim teanga a léiriú, agus scaoileadh leis an chuid sin den phobal nach spéis leo agus nár spéis leo an teanga?

Cé acu is fearr - 100 páiste a labhraíonn an teanga dá dtoil dheonach féin nó 1,000 a fhoghlaimíonn í ach nach labhraíonn í?

Bheadh buntáistí agus míbhuntáistí lena leithéid de pholasaí, ar ndóigh. Mar sin féin, b'fhearr go gcuirfeadh lucht na Gaeilge ceann ar an díospóireacht seo sula gcuirtear roghanna nach réitíonn leo ar fáil.

Má tá fadhb ag Fine Gael lena n-íomhá, tá fadhb míle uair níos measa ag Fine Gaeilge. Is gá critéar nua cultúir a dhréachtú. Ní gá bheith éadóchas. Tá rudaí fiúntacha éifeachtacha bainte amach. Ach is léir gur ábhar imeallach í an teanga do mhórán daoine sa Stát. An féidir í a chur i lár an aonaigh arís?

D'FHIAFRAIGH an colún seo de roinnt daoine cad é an dá ghníomh ba mhó a ba mhaith leo a fheiceáil ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de ón chéad Rialtas eile.

Dúirt an gníomhaí teanga as Baile Átha Cliath, Ciarán Ó Feinneadha, gur mhaith leis go n-achtófaí an Bille Teanga agus go gcuirfí i bhfeidhm é. Mhol sé fosta go mbunófaí ollscoil lánGhaeilge. Sprioc thar a bheith tábhachtacht a bhí ansin, a dúirt sé.

Bhí cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Cuinneagáin, ag iarraidh tuilleadh tacaíochta don Údarás agus go n-oibreofaí amach straitéis chun tuairisc Choimisiún na Gaeltachta a chomhlíonadh agus díriú isteach ar na príomhcheisteanna a chuirtear inti.

Bhí an scoláire agus scríbhneoir, Mairín Nic Eoin, den bharúil gur cheart don Rialtas tacaíocht níos fearr a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna. Bhí gá le tacaíocht dhearfach ón Rialtas féin seachas é a fhágáil faoin phobal i gcónaí.

Ba mhaith fosta go mbeadh Aire agus Aireacht ar leith Gaeltachta ag an Rialtas in áit rannóige mar atá faoi láthair. Dhéanfadh a leithéid an-leas, a dúirt sí.

Dúirt an léiritheoir teilifíse le Gaelmedia i gConamara, Christy King, gur mhaith leis go dtabharfaí neamhspleáchas do TG4. Bhí na fadhbanna a bhí ag RTÉ ag cur isteach ar fhorbairt an stáisiúin Ghaeilge. Thabharfadh neamhspleáchas deis dóibh a gcinniúint féin a shocrú. Ba cheart, fosta, forbairt a dhéanamh ar chúrsaí oideachais ag an tríú leibhéal, a dúirt sé.

Ba mhian le stiúrthóir Chomhluadar, Máiréad Uí Dhomhnaill, go dtabharfadh an Rialtas faoin Acht Teanga a achtú agus a fheidhmiú "gan mhoill" agus go gcuirfí moltaí Choimisiún na Gaeltachta i bhfeidhm. "Rachaidh an tuairisc le sruth mura dtagann brú ó gach uile thaobh chun í a chur i gcrích," a dúirt sí.

Dúirt Bainisteoir Fobartha Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Seosamh Mac Donnacha, gur cheart infheistíocht a dhéanamh san ollscolaíocht Ghaeilge agus Ghaeltachta agus i gcóras ceart pleanála teanga don Ghaeltacht.

Bhí stiúrthóir Fiontar, an t-aonad gnó ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Caoilfhionn Nic Pháidín, ag iarraidh go mbeadh foclóir Béarla-Gaeilge le fáil agus go gcuirfí áiseanna do theagasc trí Ghaeilge ar fáil ag gach leibhéal.

Dúirt Biddy Jenkinson, file, gur mhaith léi go gcuirfí luas faoi fhoclóir Béarla-Gaeilge a chur ar fáil agus go labhródh lucht an Rialtais Gaeilge go poiblí.

Dea-chomhairle!