Caoimhin mo thoin

Crobhingne: Ní thaitníonn an teideal sin leat? Bhí tuairim agam nach dtaitneodh. Ach ná bí buartha faoi

Crobhingne: Ní thaitníonn an teideal sin leat? Bhí tuairim agam nach dtaitneodh. Ach ná bí buartha faoi. Tá sé lán i gceist agam é a bheith maslach agus dímholtach.

Agus níl sé i gceist agam dul i bhfolach amuigh faoin tuath agus dul ar chúl ríomhaire ón gconairt bhuile. B'fhéidir, fiú amháin, go bhfuil sé gortaitheach, is é sin, más féidir le briathra bochta craiceann tiubh agus muineál ramhar a threá.

Ar eagla nach bhfuil an drochimeartas focal soiléir is é Myers, Caoimhghin Ó Meidhir, gentlebirth mo thóin, neach a bhfuil breis agus a dhóthain cainte déanta faoi go dtí seo ábhar mo spadhair. Comhcholúnaí caoimhingneach caolánach nach fiú a bheith leis, ach amháin gurb é atá i mbéal an phobail.

Bainimis an t-oighear diachrach den scéal ar dtús. Aontaím leis an Mír neamh-mheidhreach. Tá an ceart aige pé focal nó focail is mian leis a úsáid chun leasa nó chun aimhleasa a áitimh. Níor shíl mé riamh go dtiocfadh sé de chor sa tsaol go n-aontóinn leis. Aontaím le Kevin Myarse.

READ MORE

Is ea, masla eile é sin. Masla gránna d'aonghnó. Scéal liom dó. Tá lán an chirt aige an masla céanna a thabhairt ar ais domsa. Bronnaim an cead sin air.

Tar éis an tsaoil is féidir leis spraoi dá réir a bhaint as mo shloinne féin. Is é an masla a bhuachaill, a chíoná, a ghiolla mear, is é an masla buaic agus ardphointe a chuid scríbhneoireachta.

Maslaitheoir den chéad rang é, ardspochaire ar cuma leis lag ná lagáiseach, ná an duine faoi éalang, ná an bhean faoi leatrom, ná an t-urlabhra á shmísteadh, ná an mhionlucht faoi mhíbhuntáiste. Is aoibhinn leis an buille a bhualadh, ach ní áin leis an dorn faoin ngiall ar ais.

Ach tá an ceart aige a chuid smaointe lofa a chur os ard. Cosnaím a cheart é sin a dhéanamh. Murab ionann agus daoine adeir gur chuaigh sé thar fóir, tá gach seans ann nár chuaigh sé fada go leor.

Pé rud is ceart a dhéanamh níor cheart corc a chur ann. Ba chóir dó a chuid smaointe uaslathacha ciníocha neamhcharthanúla binbeacha nimhchuiditheacha a fhógairt gach ré solais agus doircheachta agus fuilbharbartha.

Is aoibhinn liom iad mar tugaid fuinneamh dom. Is aoibhinn liom iad mar léiríonn sé dúinn go bhfuil daoine amuigh ansin, nó i neas dúinn, go bhfuil an ghráin dhearg acu ar an tsaoirse atá bainte amach ag náisiúin, ag mná, ag mionlaigh, ag bacaigh, ag tincéirí, ag bochtáin, ag inimircigh, ag daoine gan spúnóg airgid ina mbéal, rud nár shíleamar.

Agus tá lánchead aige aon ainm is mian leis a thabhairt orm. Rud ar bith is mian leis ó thinte Ifrinn go dtí íochtar Hades. D'fháilteoinn le gach masla uaidh siar amach. Mar is deimhnitheach má cháineann Caoimhín Mothóin tú nach foláir nó tá rud éigin fónta ag baint leat.

Mórán tráchtairí le coicíos anuas bhí siad béalbhog milis timpeall-an-chúinne mar gheall ar an ngnó. Bhí saoirse cainte aige, ach "níor cheart dó an focal gránna úd a úsáid". Ní ceart cinsireacht, ach níor chóir don eagarthóir "ligean dó an méid sin a rá", mar dhea.

Ábhoch, mar adúirt fear na Rinne. Ní leor sin. Ba chinsireacht a bheadh ann dá gcoiscfí sileadh na meabhrach bréine. An méid a scríobh sé faoi leanaí bhí sé suarach, beagintinneach, cáidheach, gránna, cam, mídhlisteanach, bastardúil, ach bhí sé iomlán Myersúil go deireadh an aistir.

Fear, nó ainmhí duine é ar dóigh leis gur fiú braon fola agus corpán céad míle duine an Saddomach a bheith i bpríosún, gur chogadh glórmhar ba ea an chéad chogadh mór, gur dhochosanta ba ea cogadh na saoirse, nach cothrom iad fir is mná, gur salach agus gur coirpigh iad an lucht siúil, gur súmairí iad lucht inimirce. Na poirt seo á seinneamh aige le fad na laethanta fada.

An ndúirt duine ar bith leis go bhfuil gach leanbh álainn, go bhfuil gach leanbh aoibhinn, bríomhar, gealgháireach, lándóchais, gur míorúilt de chuid míorúiltí na cruinne gach leanbh dá saolaítear, gach bunóc, gach báibí, gach burla beag den ádh, an ndúirt aon duine leis gur fuil is gur feoil iad, go bhfuil níos mó cillíní in airde staighre acu ná mar a bheidh aige féin ná aon chuid dá threibh a choíche ná go deo, go bhfuil níos mó carthanachta agus caoinbhéasa acu ná mar a bheadh i bhforchraiceann a mhéire bige?

Cead cainte aige; ach freagraítear mar seo é.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar