Ceacht Chairn

TÁ GAEL-LINN le deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha a reáchtáil i nGaeltacht Ráth Chairn, Co na Mí, idir an Aoine 5ú agus…

TÁ GAEL-LINN le deireadh seachtaine Gaeilge agus cultúrtha a reáchtáil i nGaeltacht Ráth Chairn, Co na Mí, idir an Aoine 5ú agus an Domhnach 7ú, Deireadh Fómhair. Beidh deis ag foghlaimeoirí fásta a gcuid Gaeilge a chleachtadh trí ranganna comhrá, cheardlann amhránaíochta agus thráth na gceisteanna.

Dúirt Seán Ó Ceallaigh ón eagras go raibh siad ag iarraidh go mbeadh seans ag daoine fásta snas a chur ar a gcuid Gaeilge in “atmaisféar taitneamhach spraíúil”. €180 an táille atá ar an chúrsa, lóistín agus béilte san áireamh.

Eolas: www.gael-linn.ienó 01-6753299

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times