Ceacht crua scoile

Ar 20ú Iúil seo caite eagraíodh agóid i Strasbourg na Fraince inar ghlac 40 duine páirt, a scríobhann Alan Desmond

Ar 20ú Iúil seo caite eagraíodh agóid i Strasbourg na Fraince inar ghlac 40 duine páirt, a scríobhann Alan Desmond. Ba é Tatjana Zdanoka, ball Pharlaimint na hEorpa de chuid na Laitvia, a chuir an léirsiú seo ar siúl.

Agus ba é leasuithe oideachais a d'achtaigh parlaimint na Laitvia i mí Feabhra seo caite a ghin an chonspóid. Faoi na leasuithe seo méadófar méid na gceachtanna a mhúinfear trí mheán na Laitvise i scoileanna mionlaigh ón lá inniu ar aghaidh.

As seo amach beidh ar gach uile scoil phoiblí 60 faoin gcéad de ranganna, ar a laghad, a mhúineadh trí Laitvis, fiú muna mbíonn de dhaltaí sa rang ach Rúisigh eitneacha.

Cúis mhór conspóide í seo sa Laitvia agus mionlach chomh suntasach sin sa tír: is lú ná 2.5 milliún duine daonra na tíre agus tá faoi bhun 60 faoin gcéad díobhsan ina Laitviaigh eitneacha. Is Rúisigh iad 30 faoin gcéad de mhuintir na tíre agus sa phríomhchathair, Riga, is mó líon na Rúiseach ná líon na Laitviach.

READ MORE

Sa chomhthéacs seo, agus i bhfianaise an fhorrachtaidh a rinneadh ar an Laitvia le beagnach leathchéad faoin Aontas Sóivéadach, tá iarrachtaí le stádas na Laitvise a threisiú intuigthe.

Dar leosan a thacaíonn leis na leasuithe, déanfar comhtháthú an mhionlaigh sa tsochaí a chur chun cinn mar aon le breis deiseanna a thabhairt dóibh. Deirtear, mar shampla, gur fearr an seans acu post a fháil agus an Laitvis acu. Is é tuairim na ndaoine a chuireann in aghaidh na leasuithe gur cur isteach ar chearta daonna iad.

Ní hionadh gurb é is mó a thaobhaíonn leis an mionlach Rúiseach ná an Rúis, rud a chothaíonn naimhdeas idir an Rúis is an Laitvia. Tháinig an choimhlint seo chun cinn ag tús Iúil agus Aire Cosanta na Rúise, Sergei Ivanov, ag caint i Londain. Cuireadh i leith na Laitvia (agus na hEastóine) go raibh siad ag déanamh neamhiontais de dhaonlathas is de chearta daonna.

Mhaígh Ivanov gur bagairt san Eoraip iad tíortha den saghas seo, tíortha a thug neamhaird ar chaighdeán daonlathais. Mhol sé do chomhghuaillithe Eorpacha na Rúise prionsabail daonlathais is oscailteacht pholaitiúil a mhúineadh do bhaill nua an Aontais Eorpaigh.

(Níor tuairiscíodh gur chualathas scairteanna gáire agus polaiteoir Rúiseach ag tabhairt comhairle don Eoraip mar gheall ar chúrsaí daonlathais.) Ba ghearr gur tugadh freagra ar a raibh le rá ag Ivanov. Chuir Rihards Piks, Aire Gnóthaí Eachtracha na Laitvia, in iúl gurbh é go bunúsach a bhí á lorg ag an Rúis agus na rudaí seo á mhaíomh aici ná bealach le páirt a ghlacadh i gcúrsaí an Aontais Eorpaigh.

Níor fhan an Eastóin ciúin ach oiread. D'áitigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Kristiina Ojuland, nach raibh i gcáineadh na Rúise ach freagra ar bhallraíocht na dtíortha Baltacha den Aontas Eorpach is de NATO. Dúirt sí gur bhain an Rúis earraíocht as ceist an mhionlaigh chomh maith ag tús na 1990í le cur in aghaidh neamhspleáchas na dtíortha Baltacha.

Ar ndóigh, níorbh é seo an chéad fhocal géar idir na tíortha beaga Baltacha is a gcomharsa ollmhór. Ó d'éirigh leis na Bailt cuing an Aontais Shóivéadaigh a chaitheamh tharstu ag tús na 1990í táthar ag spochadh as an Rúis, agus mar atá tomhaiste chuig na Rúisigh acu, tá tomhaiste ag na Rúisigh chucu.

Leis an chúigiú bliain d'fhógairt a neamhspleáchais a cheiliúradh i 1995 rinne an Laitvia túr radair in iar-stáisiún de chuid na Sóivéadach a phléascadh. I mí Lúnasa 2000 chuir an Eastóin i leith beirt thaidhleoirí Rúiseacha go raibh spiaireacht ar siúl acu agus cuireadh as an tír iad. Ba ghearr gur tugadh an t-ordú céanna do bheirt thaidhleoirí Eastónacha a bhí lonnaithe i Moscó.

D'fhógair parlaimint na hEastóine i mí Bealtaine i mbliana go mbeifí ag lorg cúitimh ar an dochar a rinneadh le linn na Sóivéadach bheith i gceannas; 1940-1941 agus 1944-1991.

Is é is mó a bhíonn ina chnámh spairne, áfach, ná ceist na teanga agus cearta an mhionlaigh Rúisigh agus is sa Laitvia is mó atá an cheist seo ag cothú easaontais faoi láthair.

Le roinnt míonna anuas tá saoránaigh Riga ag dul i dtaithí ar dhaoine den mhionlach Rúiseach bheith ag léirsiú ar shráideanna na cathrach agus is cinnte gurb é sin is mó a bheidh le feiceáil inniu agus na leasuithe oideachais ag teacht i bhfeidhm.

Táthar ag dréim nach gcuirfear roinnt daltaí chun na scoile agus go mbeidh agóidí eile nach mbeadh chomh síochánta - cuireadh an aireacht oideachais trí thine i mí na Nollag 2003.

Is féidir bheith cinnte de rud amháin - ní bheidh sos ón obair ag aireacht bolscaireachta na Rúise.

Tá cónaí ar Alan Desmond sa Pholainn faoi láthair