Ceacht Heinrich Böll dúinn

Beocheist: Leathchéad bliain ó shin a foilsíodh Irisches Tagebuch (Dialann as Éirinn) le Heinrich Böll (1917-1985)

Beocheist:Leathchéad bliain ó shin a foilsíodh Irisches Tagebuch (Dialann as Éirinn) le Heinrich Böll (1917-1985). Dhá scór bliain a bhí Böll ag an am, an aois chéanna a bhí Joyce nuair a foilsíodh Ulysses, a raibh a chomóradh bliantúil ar siúl an tseachtain seo caite.

Ar a chéad turas go hÉirinn i 1954 a thosaigh Boll ag léamh Ulysses. Mar a tharlaíonn sé bhí leathchéad bliain ann ó imeachtaí an lae cháiliúil ar a bhfuil leabhar Joyce bunaithe agus is sa bhliain sin a tosaíodh ar an chomóradh Lá Bláth nó Bloomsday.

Níl aon fhianaise ann go raibh eolas ag Böll ar an turas a rinne grúpa beag scríbhneoirí an lá sin ón Túr Martello i gCuas an Ghainimh go dtí na háiteanna thart faoin gcathair ina dtarlaíonn eachtraí an leabhair.

Ach deirtear gurb ómós beag do Ulysses an fráma ar théacs an Tagebuch, tagairt ag an tosach do bhean ag tógáil buidéal bainne ó leac fuinneoige ar maidin agus an tagairt i ndeireadh an leabhair do bhean eile ag cur buidéal folamh amach ar leac na fuinneoige san oíche.

READ MORE

Ní eachtraí lae amháin i mbaile amháin atá sa Tagebuch ach sceitsí i mBaile Átha Cliath, i Luimneach agus i Maigh Eo. Ná níl sé fada. Gearmánach ar saoire a scríobh ceann acu; Éireannach ar imirce a scríobh an ceann eile. B'fhéidir gurb é an t-aon chosúlacht idir an Tagebuch agus Ulysses go dtugann cuairteoirí chun na tíre seo ar thóir a bhfuil léite acu faoi ann.

Ní foláir nó thuig Böll go raibh grá faoi leith aige féin do mhuintir na tíre mar chuir sé an foláireamh seo mar nath roimh thosach an leabhair: "Tá an Éire seo ann: ach an té a théann ann agus nach dtagann uirthi ní féidir leis an údar é sin a chúiteamh leis."

Cé go bhfuil tagairtí sa Tagebuch don mbrón a bhain le himirce na 1950í deirtear mar sin féin go ndéantar idéalú ann ar shaol a bhí níos simplí ná mar a bhí an Ghearmáin a raibh Wirtschaftswunder - míorúilt eacnamúil - faoi lán seoil ann ag an am sin.

Maidir leis na caoirigh, an bogha báistí, na ballaí cloch agus cósta thiar, cuireann Hugo Hamilton an cheist, an clichéanna iad nó an bhfuil cuid mhaith den fhírinne sna híomhánna sin?

Ag tagairt dá leabhar nua, Die Redselige Insel: Irisches Tagebuch (An tOileán Cainteach), athchuairt ar Tagebuch Böll, agus na teidil chéanna ar na caibidlí, deir sé go bhfuil athruithe feicthe aige agus chomh maith leis sin, a bhfuil fanta mar a chéile.

Fear cúise ab ea Heinrich Böll, a rugadh i Köln deich mbliana agus ceithre scór ó shin. Is cinnte dá mbeadh sé beo inniu go gcuirfeadh sé an-spéis i gcomhdhéanamh rialtas nua an Stáit seo.

Ní hé amháin gur cheannaigh sé teach saoire ar Acaill an bhliain tar éis fhoilsiú an Tagebuch ach i ndeireadh a shaoil, cé nár thaobhaigh sé le páirtí polaitíochta roimhe sin, thug sé tacaíocht don pháirtí Die Grünen (na Glasaigh) a bunaíodh i 1980.

Dúirt sé fúthu gur thugadar "teanga nua chun na parlaiminte". Smaoinigh mé air sin nuair a rinne Mary Harney, agus í ag moladh Bertie Ahern mar Thaoiseach, tagairt mheafarach don "éiceolaíocht agus don bhithsféar nua polaitiúil" atá romhainn amach.

Chreid Böll ariamh gur cheart do shaoránaigh a ladar a chur isteach sa bpolaitíocht. Ba é croinicí, criticeoir agus coinsias a thíre é, an Ghearmáin Thiar i dtréimhse Adenauer (1949-63) go háirithe nuair a chuir sé leabhar amach gach uile bhliain.

Is téacsanna meánscoile sa Ghearmáin iad Das Brot der Frühen Jahre (Arán na Bliana Tosaigh, 1955) agus Die Verlorene Ehre der Katherine Blum (Mar a Chaill Caitríona a Clú, 1974).

Is téacsanna ollscoile againne anseo iad agus déanadh scannán díobh freisin. Bhuaigh Heinrich Böll Duais Nobel sa Litríocht i 1972.

Feictear a ainm anois ní hé amháin ar an líon mór úrscéalta agus gearrscéalta a scríobh sé ach in obair Fondúireacht Heinrich Böll, a bhfuil ceangal aici le Glasaigh na Gearmáine, agus oifigí ar fud an domhain. Eagraíocht is ea é a chuireann léachtaí agus taispeántaisí ar siúl le haidhmeanna Böll a chur chun cinn maidir le cearta daonna agus le caomhnú na timpeallachta.

Cuirtear scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn agus, ina thithe i Langenbroich agus in Acaill, tá seomraí ar fáil do dhaoine atá ag dul i mbun obair chruthaitheach. Ní dóigh liom go bhfuil aistriúchán fós ar Tagebuch Hamilton ach tá leagan Gaeilge le Seán Sabhaois de Tagebuch Böll. Clódhanna Teoranta a chuir amach é i 1988.