Ceard e?

Cuireann sé iontas arís agus arís eile ar an cholúnaí seo an cumas cruthaitheach samhlaíoch a léiríonn scríbhneoirí próis na …

Cuireann sé iontas arís agus arís eile ar an cholúnaí seo an cumas cruthaitheach samhlaíoch a léiríonn scríbhneoirí próis na Gaeilge.

Déan dearmad d'fhilí millte agus iad ag caoineadh uisce a gcinn faoi easpa léitheoirí agus deiseanna léitheoireachta agus tabhair ómós don údar ceanndána próis agus é ag scríobh úrscéil.

An oiread sin oibre agus gach seans nach mbeidh de thoradh air ach cúpla céad léitheoir thar cúpla céad bliain.

Ní chloítear iad, mar sin féin, agus tá Lorcán S. Ó Treasaigh ar dhuine de na húrscéalaithe misniúla sin. Is é Céard é English? (Cois Life) an saothar is nuaí uaidh. "Ficsean dírbheathaisnéisiúil" a thugann na foilsitheoirí ar an leabhar. Is breá an chodarsnacht idir an dá fhocal - dírbheathaisnéis atá ficseanúil, cumadóireacht bunaithe ar an réaltacht.

READ MORE

Baineann an leabhar féin le hóige gasúir óig i mBaile Átha Cliath. Le Gaeilge atá an gasúr agus a dheartháir á thógáil; Béarla thart orthu.

Téann an scéalaíocht go mór i bhfeidhm ar an léitheoir - an mheascra sin de cheanndánaíocht na dtuismitheoirí, iad ag déanamh a ndíchill Gaeilge a labhairt lena bpáistí agus gach duine eile sa chomharsanacht agus ina dteaghlach féin ag spalpadh Béarla le linn an ama.

Tógann Ó Treasaigh meon comhfhiosach na bpáistí leis. Tuigeann siad nach ionann iad agus daoine eile, go bhfuil siad ar bhealach éigin ait, éagosúil leis an chuid eile dá gcomrádaithe; an suaitheadh intinne agus an phráinn a thagann orthu dá bharr idir an t-aistriú ó theanga phoiblí an Bhéarla go teanga phríobháideach na Gaeilge:

"Tá Mam ag caoineadh. Tá sí trí chéile. Tá a deartháir ina sheasamh taobh léi.

- Maybe you shouldn't have done it, a deir sé, rear them through Irish."

Ba cheart a rá fosta go bhfuil stíl scríbhneoireachta Uí Threasaigh galánta ceolmhar soléite.

  • Tá Céard é English? le Lorcán S. Ó Treasaigh le hordú ag www.coislife.ie