Ceardlann bhinn

TÁ CEARDLANNA amhránaíochta ar an sean-nós á reachtail ag an Bhéal Binn in Óstán Ramada i mBré, Co Chill Mhantáin, a scríobhann…

TÁ CEARDLANNA amhránaíochta ar an sean-nós á reachtail ag an Bhéal Binn in Óstán Ramada i mBré, Co Chill Mhantáin, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ceithre cheardlann a bheidh ann, ceann in aghaidh na míosa ag 8pm ar an dara Déardaoin den mhí ag tosú i mí Eanáir 2010. €60 an costas a bheidh ar na ceardlanna ar fad agus is é an Déardaoin 10ú Nollaig an dáta deiridh chun clárú. Ní ghlacfar le níos mó ná 20 duine sa cheardlann. Is iad na hamhránaithe Pádraig Ó Cearbhaill, Lillis Ó Laoire, Saileog Ní Cheannabháin agus Éilís Ní Shúilleabháin a bheidh i mbun oiliúna.

Eolas: 01-2862097