Ceist liteartha

TEAGASC NA litríochta sa chóras oideachais tríú leibhéal a bhí faoi chaibidil le linn Léachtaí Cholm Cille ar Ollscoil Mhá Nuad…

TEAGASC NA litríochta sa chóras oideachais tríú leibhéal a bhí faoi chaibidil le linn Léachtaí Cholm Cille ar Ollscoil Mhá Nuad an deireadh seachtaine seo caite.

Agus iad ag plé an téama, rinne mórán léachtóirí cur síos ar a dtaithí ar theagasc an ábhair sa chóras ollscoile agus chuir ceisteanna fosta faoina raibh i ndán di ar laethanta seo “na hollscoile corpáirdí”.

Agus é ag tabhairt chéad chainte na hócáide oíche Aoine – “Ní maith liom filíocht! Ní thuigim filíocht! Ag teagasc in aghaidh an doichill?” – mhol Gearóid Denvir, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an leabhar mar ní “fisiciúil céadfaíoch”. Ach ba ar éigean go raibh cur amach ag glúin an iPod ar “an eispéireas daonna sin”.

Bhí sé ag teagasc mac léinn a bhí beo i “bhfásach cultúrtha de bharr easpa léitheoireachta” agus bhí easpa “tagairtí cultúrtha” ina gconstaic fosta – bhí mic léinn aige nach raibh a fhios acu cérbh é Lazarus, mar shampla.

READ MORE

Thug an fhilíocht “dúshlán aigne an phróis” agus bhí “eochair an aitheantais ar iarraidh i mic léinn”; bhraith siad an fhilíocht “doiléir” agus iad i gcónaí ag iarraidh “an bhrí cheart” a bhaint as dán. Bhí drogall orthu glacadh leis go raibh “léim chruthaitheach i gceist le filíocht” agus go raibh ar “an léitheoir aonair dul i ngleic leis an fhocal”.

Ba é aidhm a chúrsa “léitheoir neamhspleách filíochta a chothú” agus tabhairt ar an mhac léinn “leabhar iomlán filíochta a léamh”. Chuige sin, ámh, b’éigean dó “mic léinn a bhaint de chíoch na bhfreagraí réamhdhéanta” agus “próiseas dífhoghlama” a chur sa siúl i ndiaidh na hArdteiste.

Mhol Rióna Ní Fhrighil, Coláiste Phádraig, meitheal do theagasc na litríochta a bhunú le cás an ábhair sa chóras tríú leibhéal a chur chun cinn.

Agus í ag caint ar “Léirigh d’fhreagraí le tagairtí don téacs” maidin Dé Sathairn, mhol sí an litríocht as a cumas “léargas” a thabhairt ar chultúr na Gaeilge ach chreid sí go raibh laigí ag baint leis an aiste thraidisiúnta acadúil a bhí mar shlat tomhais ar obair agus ar éifeacht na mac léinn.

Níor mhiste cur chuige eile a úsáid agus réimeanna agus stíleanna éagsúla a cheadú sa chóras scrúdaithe, blaganna nó míreanna beaga a bheadh ag teacht le taithí na mac léinn ar nuatheicneolaíocht.

D’fhiafraigh Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame, dá lucht éisteachta Dé Sathairn cén cuspóir a bhí ag an chéim Ghaeilge anois agus cén sprioc a bhí roimh lucht na Gaeilge ar an tríú leibhéal?

Agus é ag caint ar “Tír, Teanga agus Trasnáisiúnachas: Teagasc na Litríochta san Ollscoil”, dúirt sé go raibh dímheas ag an phobal mór ar an Ghaeilge agus dímheas ag lucht na Gaeilge ar an litríocht chomhaimseartha sa teanga.

Cén todhchaí a bhí i ndán di agus, ó tharla nach raibh aon chinnteacht faoin Ghaeilge mar ábhar Ardteiste, an raibh aon chinnteacht ann go mbeadh roinn Ghaeilge ar gach ollscoil amach anseo? “Nílimid mar ghrúpa cinnte asainn féin,” a dúirt sé.